- An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 14/09/2015, 14 Meán Fómhair 2015
Na príomhthorthaí
Tá dúshlán mór tromchúiseach le sárú againn anois. Bhíomar in ann cinntí tábhachtacha polaitiúla a dhéanamh ag cruinniú an lae inniu a chabhróidh linn agus muid ag tabhairt faoin dúshlán sin...". Jean Asselborn, Uachtarán na Comhairle
Ghlac an Chomhairle cinneadh lena mbunaítear bearta sealadacha i réimse na cosanta idirnáisiúnta ar mhaithe leis an Iodáil agus leis an nGréig.
Leis an gCinneadh sin, bunaítear sásra sealadach agus eisceachtúil i ndáil le hathlonnú a mhairfidh dhá bhliain, faoina n-athlonnófar daoine ó Bhallstáit na túslíne .i. an Iodáil agus an Ghréig chuig Ballstáit eile. Beidh feidhm aige maidir le 40 000 duine, ar léir go bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, a tháinig ar chríoch na mBallstát sin nó a mbeidh sí á baint amach acu, ón 15 Lúnasa 2015 go dtí an 16 Meán Fómhair 2017.
Thug roinnt gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh agus de chuid na Náisiún Aontaithe an fhaisnéis is déanaí do na hAirí Gnóthaí Baile faoi na sreabha imirce agus faoin gcás mar atá ar an talamh.
Cuireadh na hAirí ar an eolas freisin faoin dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na mbeart a rinne an tAontas le déanaí agus bhí siad i láthair nuair a léirigh an Coimisiún a thograí nua maidir leis an imirce.
Dhréachtaigh an Uachtaránacht sraith conclúidí lena gcinntear bearta eile chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair i ndáil leis an imirce.
Dúirt Jean Asselborn, Aire Inimirce agus Tearmainn Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle an méid seo a leanas: "Tá dúshlán mór tromchúiseach le sárú againn anois. Bhíomar in ann cinntí tábhachtacha polaitiúla a dhéanamh ag cruinniú an lae inniu a chabhróidh linn agus muid ag tabhairt faoin dúshlán sin...". Ach níl mórán ama fágtha againn. Éilítear freagairt chomhpháirteach le fadhb chomhpháirteach. Táimid sásta leas a bhaint as an oiread ama atá fágtha againn inár seal in Uachtaránacht na Comhairle chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le freagairt lena gcuirfear ar ár gcumas aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo le chéile".
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #JHA
Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025