Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 22/09/2015, 22 Meán Fómhair 2015

Na príomhthorthaí

Ghlac an Chomhairle Cinneadh lena mbunaítear bearta sealadacha i réimse na cosanta idirnáisiúnta ar mhaithe leis an Iodáil agus leis an nGréig.

Leis an gCinneadh sin bunaítear sásra sealadach agus eisceachtúil i ndáil le hathlonnú a mhairfidh dhá bhliain, faoina n-athlonnófar daoine ó Bhallstáit na túslíne .i. an Iodáil agus an Ghréig chuig Ballstáit eile. Beidh feidhm aige maidir le 120 000 duine ar léir go bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, daoine atá tagtha isteach nó atá ag teacht isteach i gcríoch na mBallstát sin amhail ó shé mhí roimh a theacht i bhfeidhm go dtí dhá bhliain tar éis a theacht i bhfeidhm.

Tá comhaontú le tromlach an-mhór againn sa Chomhairle agus is mó de thromlach é ná mar a éilítear de réir na gConarthaí. Le Cinneadh an lae inniu meabhraítear dúinn nach ar an dlúthpháirtíocht amháin idir Ballstáit a fothaíodh an tAontas Eorpach ach ar an dlúthpháirtíocht le daoine a mbíonn cosaint de dhíth orthu freisin. Jean Asselborn, Aire Inimirce agus Tearmainn Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle, a labhair

De réir an Chinnidh, athlonnófar 66 000 duine ón Iodáil agus ón nGréig (15 600 ón Iodáil agus 50 400 ón nGréig). Athlonnófar an 54 000 duine eile ón Iodáil agus ón nGréig sa chomhréir chéanna bliain amháin tar éis teacht i bhfeidhm an Chinnidh.

Má mheastar don Choimisiún, áfach, gur gá feidhmiú an tsásra athlonnaithe a oiriúnú i bpraitic d'athruithe a thagann chun cinn ar an láthair nó go bhfuil Ballstát i ngleic le staid éigeandála de bharr rabharta tobann náisiúnach tríú tíortha i ngeall ar aistriú grod ar na sreabha imirce, féadfaidh sé togra a thíolacadh chun an Cinneadh sin a leasú.

Gheobhaidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa sásra cnapshuim de 6 000 EUR le haghaidh gach duine a athlonnófar.

Leis an nós imeachta speisialta chun an Cinneadh a ghlacadh dearbhaítear go rachaidh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. An 17 Meán Fómhair, ghlac Parlaimint na hEorpa a tuairim uaithi.

Níl an Danmhairg ná an Ríocht Aontaithe ag glacadh páirte sa Chinneadh seo. Chuir Éire in iúl go bhfuil sé ar intinn aici a bheith rannpháirteach ann.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025