"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 04/03/2020, 4 Márta 2020
Príomhthorthaí
Is í ár dteorainn sheachtrach choiteann atá i gceist le teorainneacha na Gréige agus na mBallstát eile atá i gcruachás. Tá curtha in iúl ag na hairí go léir go seasann siad gualainn ar ghualainn leis na tíortha sin agus go bhfuil siad réidh chun tacú leo ina n-iarrachtaí teorainn an Aontais a chosaint.
Davor Božinović, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Baile na Cróite
Ráiteas glactha ag an gComhairle maidir leis an staid ag teorainneacha seachtracha an Aontais.
Sa ráiteas sin, cuireann an Chomhairle in iúl a dlúthpháirtíocht leis an nGréig, leis an mBulgáir, leis an gCipir agus le Ballstáit eile a bhféadfaí a bheith thíos leis ar an gcaoi chéanna, agus in iarrachtaí chun teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú.
Cé go n-aithníonn an Chomhairle an t-ualach méadaithe imirce agus na rioscaí atá os comhair na Tuirce ar a críoch féin agus na hiarrachtaí suntasacha atá déanta aici agus 3.7 milliún imirceach agus dídeanaí á n-óstáil aici, diúltaíonn sí go láidir don úsáid atá á baint ag an Tuirc as an mbrú imirceach chun críoch polaitiúil. Níl an staid seo ag teorainneacha seachtracha an Aontais inghlactha. Tá an Chomhairle ag súil go gcuirfidh an Tuirc forálacha ráiteas comhpháirteach 2016 chun feidhme go hiomlán maidir le gach Ballstát.
Tá rún daingean ag an Aontas agus ag na Ballstáit teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint go héifeachtach. I dtaca leis sin, glacfaidh an tAontas agus na Ballstáit gach beart is gá, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, chun sin a bhaint amach.
Tá na Ballstáit uile, an Coimisiún Eorpach agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais réidh chun a dtacaíocht do limistéir atá faoi bhrú a neartú, trí mhear-idirghabháil teorann FRONTEX agus trí chúnamh teicniúil breise a chur ar fáil freisin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.