"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 02-03/12/2019, 2-3 Nollaig 2019
Príomhthorthaí – an Ceartas, Dé Máirt 3 Nollaig
Cearta íospartach
Ghlac na hairí conclúidí maidir le cearta íospartach, tar éis an phlé a rinneadh ag Comhairle CGB i mí Dheireadh Fómhair. Cuirtear san áireamh sna conclúidí creat cuimsitheach an Aontais a forbraíodh sa réimse sin, lena gcumhdaítear ionstraimí reachtacha agus neamhreachtacha, chomh maith le comhar ar an leibhéal oibríochtúil. Is é is cuspóir dóibh éifeachtacht agus cur chun feidhme an chreata a fheabhsú, agus gníomhaíochtaí agus tionscnaimh nithiúla a shainaithint a bheidh le déanamh chun é a fheabhsú a thuilleadh.
Aon uair a dhéantar coir, níl i ndéantóir na coire a thabhairt os comhair na cúirte ach céim amháin i dtreo sásaimh. Caithfimid a chinntiú freisin go mbeidh rochtain éasca éifeachtach ag íospartaigh ar a gcearta go léir. Athdhearbhaítear sna conclúidí inniu tiomantas na Comhairle chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag íospartaigh ar na cearta sin ar fud na hEorpa, lena n-áirítear na cearta ar fhaisnéis, ar thacaíocht, ar chosaint agus ar chúiteamh.
Anna-Maja Henriksson, Aire Dlí agus Cirt na Fionlainne
Ghlac an Chomhairle a seasamh caibidlíochta (cur chuige ginearálta) i ndáil le dhá rialachán leasaithe, ceann amháin maidir le fianaise a ghlacadh agus ceann eile maidir le doiciméid a sheirbheáil. Cuirfidh Uachtaránacht na Comhairle tús anois leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa ar bhonn na sainorduithe sin.
Leis na dréachtrialacháin, foráiltear do nuachóiriú an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála maidir le fianaise a ghlacadh agus doiciméid a sheirbheáil. Leis na dréachtleasuithe, cuirtear feabhas ar éifeachtúlacht agus luas imeachtaí breithiúnacha trasteorann, trí leas a bhaint as an digiteáil agus as an teicneolaíocht nua-aimseartha agus, ar an gcaoi sin, na nithe sin a úsáid chun feabhas a chur ar an rochtain ar cheartas, agus triail chothrom a ráthú do na páirtithe go léir.
Thug na hairí dá n-aire an tuarascáil deiridh ón 8ú babhta de mheastóireachtaí frithpháirteacha i réimse na n-ábhar coiriúil, inar díríodh ar an gcoireacht chomhshaoil. Chuir siad tuarascáil ón Uachtaránacht maidir le dlí coiriúil comhshaoil an Aontais san áireamh freisin.
Dhírigh an 8ú babhta de mheastóireachtaí frithpháirteacha ar dhá chineál gníomhaíochtaí coiriúla a bhfuil dúshláin shuntasacha ag baint leo mar gheall ar na rioscaí a bhaineann leo do shláinte an duine agus don chomhshaol: gáinneáil neamhdhleathach ar dhramhaíl agus táirgeadh nó láimhseáil neamhdhleathach ábhar contúirteach. Cuirtear i bhfios go láidir sa tuarascáil, i measc nithe eile, ráta íseal braite na coireachta comhshaoil, agus áirítear moltaí inti lena ndírítear ar fheabhas a chur ar an gcoireacht chomhshaoil a chomhrac.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
D'fhéadfadh sé a bheith deacair an choireacht chomhshaoil a aithint, ach is féidir linn í a chomhrac le chéile
Gnóthaí Baile, Dé Luain 2 Nollaig
A bhfuil i ndán do bheartas imirce agus tearmainn an Aontais Eorpaigh
Phléigh na hairí a bhfuil i ndán do bheartas imirce agus tearmainn an Aontais, ar bhonn tuarascála a d'ullmhaigh Uachtaránacht na Fionlainne. Le linn na díospóireachta, ba dhíol sásaimh do na hairí go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún comhaontú nua a thíolacadh maidir le himirce agus tearmann. Dheimhnigh siad go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach i leith na himirce, le cur chuige uile-rialtais a chlúdaíonn na bealaí uile imirce.
Tá an Chomhairle tar éis an deis a thapú, faoi thús timthrialla nua reachtaigh, chun filleadh ar an mbuncheist agus plé a dhéanamh ar na gnéithe sin den chur chuige cuimsitheach atá againn i leith na himirce, ar gnéithe iad ba cheart a fheabhsú fós. Tá go leor bainte amach againn sa chomhar le tríú tíortha, i mbainistiú ár dteorainneacha seachtracha agus i bhfeidhmiú ár gcóras imirce agus tearmainn. Mar sin féin, is féidir níos mó a dhéanamh go fóill sna réimsí sin uile, agus chuir na hairí in iúl inniu go bhfuil siad toilteanach leanúint de bheith ag obair le chéile air sin.
Maria Ohisalo, Aire Gnóthaí Baile na Fionlainne
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Ina theannta sin, phléigh na hairí todhchaí shlándáil inmheánach an Aontais, d'fhonn treoir a thabhairt d'fhorbairtí amach anseo i réimse na slándála inmheánaí le linn an chéad timthrialla reachtaigh eile (2019-2024). Rinneadh an plé sin le linn an lóin, ar bhonn tuarascála a d'ullmhaigh Uachtaránacht na Fionlainne, ina ndéantar achoimre ar na príomhthéamaí agus ar na príomhshnáitheanna oibre a pléadh le sé mhí anuas mar chuid den phróiseas machnaimh sin.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.