Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 31 Lúnasa 2021

Na príomhthorthaí

Tháinig na hairí gnóthaí baile le chéile chun forbairtí san Afganastáin a phlé, go sonrach, na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i réimsí na cosanta idirnáisiúnta, na himirce agus na slándála. Ghlac an Chomhairle ráiteas maidir leis an ábhar sin.

Aleš Hojs, Aire Gnóthaí Baile na Slóivéine
Is cúis mhór áthais dom go bhfuil aontacht léirithe againn inniu agus gur chomhaontaíomar ráiteas comhpháirteach maidir le freagairt choiteann an Aontais ar an staid san Afganastáin. Tá an tAontas tiomanta i gcónaí do thacaíocht a thabhairt d’Afganastánaigh leochaileacha, go háirithe do mhná agus do leanaí, san Afganastáin agus sa réigiún araon. Ag an am céanna, táimid meáite ar smuigléirí agus ar gháinneálaithe ar dhaoine a chosc ó theacht i dtír ar an drochstaid sin trí chomhordú a dhéanamh ar an bhfreagairt atá againn ar ghluaiseachtaí imirce neamhdhleathacha agus trí theorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint.
Aleš Hojs, Aire Gnóthaí Baile na Slóivéine
Aleš Hojs, Aire Gnóthaí Baile na Slóivéine

Sa ráiteas uathu, chuir na hairí chun suntais gur tugadh tús áite agus go leanfar de thús áite a thabhairt d’aslonnú shaoránaigh an Aontais agus, a mhéid ab fhéidir, d'aslonnú náisiúnach Afganastánach agus a dteaghlaigh a chomhoibrigh leis an Aontas agus lena Bhallstáit.

Ar an gcéad tosaíocht, leanfaidh an tAontas de bheith ag comhordú leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta, go háirithe na Náisiúin Aontaithe agus a ghníomhaireachtaí, maidir le cobhsú an réigiúin agus lena áirithiú go sroicheann an chabhair dhaonnúil na pobail leochaileacha. Ina theannta sin, oibreoidh an tAontas le tríú tíortha agus neartóidh sé a thacaíocht dóibh, go háirithe na tíortha comharsanachta agus na tíortha idirthurais, a bhfuil líon mór imirceach agus dídeanaithe á n-óstáil acu.

Anuas air sin, comhoibreoidh an tAontas leis na tíortha sin chun imirce neamhdhleathach ón réigiún a chosc. Tá an tAontas agus a Bhallstáit meáite ar ghníomhú go comhpháirteach lena áirithiú nach dtarlóidh gluaiseachtaí imirce neamhrialaithe neamhdhleathacha ar mórscála, mar a tharla san am a chuaigh thart, trí fhreagairt chomhordaithe ordúil a ullmhú. Le tacaíocht ó Frontex, tá siad fós meáite ar theorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint go héifeachtach agus ar iontrálacha neamhúdaraithe a chosc mar aon le tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit is mó atá buailte.

Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit a ndícheall chun a áirithiú nach dtiocfaidh bagairtí nua slándála ar shaoránaigh an Aontais as an staid san Afganastáin. Ní mór gach iarracht a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfidh réimeas an Talaban deireadh le gach nasc agus gach cleachtas dá ngabhann leis an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta agus nach mbeidh an Afganastáin ina tearmann arís ná feasta ag sceimhlitheoirí ná ag grúpaí coireachta eagraithe.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025