Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 7-8 Deireadh Fómhair 2021

Na príomhthorthaí

Ceartas

Coinneáil réamhthrialach

Bhí díospóireacht ag na hairí faoi choinneáil réamhthrialach, ábhar ag a bhfuil tionchar ar shaoirsí aonair agus atá tábhachtach freisin don iontaoibh fhrithpháirteach don aitheantas frithpháirteach.

Marjan Dikaučič, Aire Dlí agus Cirt na Slóivéine
Tá coinneáil i gcroílár an chórais ceartais choiriúil, ach d’fhéadfadh tionchar a bheith ag difríochtaí i ndálaí coinneála ar an iontaoibh fhrithpháirteach agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé go gcuirfí bac ar chomhar in ábhair choiriúla ar fud an Aontais. Léirigh an plé rathúil a bhí againn ár dtiomantas comhpháirteach leanúint de choinníollacha coinneála a fheabhsú agus beidh sé mar threoir don obair bhreise a dhéanfaidh an Coimisiún sa réimse sin.
Marjan Dikaučič, Aire Dlí agus Cirt na Slóivéine
Marjan Dikaučič, Aire Dlí agus Cirt na Slóivéine

Dhírigh na hairí go háirithe ar na caighdeáin íosta le haghaidh dálaí ábhartha coinneála agus na cearta nós imeachta i ndáil le coinneáil réamhthrialach ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh chun an iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit a fheabhsú. Ina theannta sin, phléigh siad na gníomhaíochtaí breise ar leibhéal an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ina gcabhair chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as bearta malartacha ar choinneáil.

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

Chuir an Coimisiún agus an Uachtaránacht airí ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a chur ar bun. Ghlac an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach páirt sa phlé ar an bpointe seo freisin.

Chuir OIPE tús lena cuid oibríochtaí an 1 Meitheamh agus tá roinnt imscrúduithe á ndéanamh aici cheana féin i ndáil le cásanna a thagann faoina sainordú.

Tá obair fós á déanamh i roinnt réimsí freisin, a bhfuil córais náisiúnta ceartais a chur in oiriúint do rialachán OIPE, Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha a cheapadh agus baill foirne a earcú, san áireamh. Laistigh den Chomhairle, tá obair fós ar siúl maidir leis an gcaidreamh idir OIPE agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (SLAPP)

Roimh an gcruinniú, d'fhreastail na hairí ar lón oibre chun plé a dhéanamh ar shaincheist na gcásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPP) agus ar an ngá atá ann iriseoirí a chosaint ar dhlíthíocht mhí-úsáideach.

Mar a fógraíodh faoin bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach a foilsíodh i mí na Nollag 2020, tá an Coimisiún ag ullmhú tionscnaimh chun iriseoirí agus cosantóirí ceart a chosaint ar dhlíthíocht mhí-úsáideach den chineál sin. D’fhonn cuidiú leis an tionscnamh seo a ullmhú, dhírigh na hairí ar thaithí náisiúnta agus ar dhea-chleachtais maidir le SLAPP a chomhrac, agus ar ghné thrasteorann an fheiniméin sin.

Gnóthaí Baile

An ghné dhigiteach a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a imscrúdú

Bhí díospóireacht ag na hairí faoin ngné dhigiteach a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a imscrúdú. Dhírigh siad go háirithe ar conas is féidir an rochtain ar shonraí a ráthú d’údaráis inniúla chun na coireanna sin a chosc go slachtmhar. Phléigh siad chomh maith an tslí gur féidir le hardáin na meán sóisialta, seirbhísí óstála agus soláthraithe cumarsáide leictreonaí bearta dearfacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan sin.

Aleš Hojs, Aire Gnóthaí Baile na Slóivéine
De dheasca phaindéim COVID-19 tá leanaí níos gníomhaí agus níos nasctha ar líne. Ag éirí as sin tá méadú ar líon na ngníomhaíochtaí coiriúla a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar shuíomhanna gréasáin agus ar an ngréasán dorcha araon. Tá na hairí tar éis gealltanas a thabhairt arís anseo go ndéanfar deimhin de go mbeidh na huirlisí uile is gá ag ár n-údaráis forfheidhmithe dlí chun leanúint den chomhrac i gcoinne na gcoireanna gránna sin ar líne amhail a dhéanann siad as líne.
Aleš Hojs, Aire Gnóthaí Baile na Slóivéine
Aleš Hojs, Aire Gnóthaí Baile na Slóivéine

Gné sheachtrach na himirce

Chuir an Coimisiún agus an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le pleananna gníomhaíochta imirce a fhorbairt chun comhpháirtíochtaí cuimsitheacha imirce le tíortha tosaíochta tionscnaimh agus idirthurais a neartú. Bhí plé ann cheana féin ar an leibhéal teicniúil laistigh den Chomhairle faoi phleananna gníomhaíochta maidir leis an Afganastáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Túinéis, an Nígir, an Nigéir agus an Iaráic.

Bhí malartú tuairimí ag na hairí dála na mbealaí éagsúla imirce. Leanfaidh an tAontas de súil ghéar a choimeád ar gach bealach.

Tá gach tír nach mór ar theorainneacha seachtracha an Aontais faoi bhrú i láthair na huaire. Fad is atá an chaibidlíocht maidir leis na tograí reachtacha ar siúl, is féidir linne níos mó a dhéanamh chun an comhar le tríú tíortha a fheabhsú agus ar an ábhar sin tá fillteacha imirceach a thrasnaíonn teorainneacha go mídhleathach agus nach bhfuil i dteideal cosaint idirnáisiúnta. Aleš Hojs, Aire Gnóthaí Baile na Slóivéine

Scagadh agus coinneáil ag an teorainn

Phléigh na hairí cúrsaí a bhaineann le scagadh agus coinneáil imirceach ag an teorainn. D’aontaigh siad go gcaithfear gníomhú le chéile agus gníomhú go tapa chun dul i ngleic le dúshláin slándála agus sláinte atá imithe in olcas. Tá rialacha comhchuibhithe maidir le slándáil agus seiceálacha sláinte ag na teorainneacha seachtracha bunriachtanach lena chinntiú go mbainfear amach sábháilteacht laistigh de limistéar Schengen. Dúirt roinnt Ballstát áfach gur gá leibhéal áirithe solúbthachta a choimeád ionas go mbeifí in ann oiriúnú ag brath ar chineál éagsúil teorainneacha seachtracha agus ar chúinsí náisiúnta.

Leag roinnt airí béim freisin ar an ngá atá le comhleanúnachas a áirithiú leis an athchóiriú foriomlán tearmainn agus oibriú ar na tograí go léir ag an am céanna. Mheas an Uachtaránacht gur cheart na réitigh riachtanacha a aimsiú faoi chuimsiú an togra don rialachán atá beartaithe maidir le scagadh agus leanfaidh sí den obair a stiúradh chun teacht ar réitigh ar an leibhéal teicniúil.

An staid san Afganastáin

Thug na hairí aird ar an bhfaisnéis a chuir an Coimisiún, SEGS agus an Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta ar fáil faoi chúrsaí mar atá san Afganastáin maidir le cosaint idirnáisiúnta, an imirce agus an tslándáil. Tá obair ag dul ar aghaidh faoi láthair chun na sraitheanna éagsúla sin a chur chun feidhme a leagtar amach sa ráiteas a ghlac na hairí gnóthaí baile ag an gcruinniú urghnách a bhí acu an 31 Lúnasa.

Maidir leis an imirce agus gné an easáitithe éigeantaigh, thíolaic an Coimisiún agus SEGS plean gníomhaíochta nuashonraithe maidir leis an Afganastáin agus rinne an Chomhairle athbhreithniú air ar an leibhéal teicniúil an 17 Meán Fómhair. Chuir an Coimisiún eolas i láthair freisin faoin bhFóram Ardleibhéil maidir le hAthlonnú i ndáil leis an Afganastáin a tionóladh an 7 Deireadh Fómhair 2021. Maidir leis an ngné slándála, d’fhorbair comhordaitheoir frithsceimhlitheoireachta an Aontais plean gníomhaíochta frithsceimhlitheoireachta i ndlúthchomhar le Ballstáit, institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025