Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 7-8 Meitheamh 2021

Na príomhthorthaí

Ceartas (Dé Luain, an 7 Meitheamh)

Ábhar neamhdhleathach ar líne a chomhrac

Bhí díospóireacht ag na hairí maidir leis an gcaoi chun ábhar neamhdhleathach ar líne a chomhrac i gcomhthéacs an togra le haghaidh Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha.

Francisca Van Dunem, Aire Dlí agus Cirt na Portaingéile
Ceart bunúsach is ea an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ní mór é a chosaint. Ag an am céanna, is léir nach féidir linn ligean d'ábhar neamhdhleathach leathadh ar ardáin idirlín gan smacht. Beidh sé ríthábhachtach an cur chuige ceart a aimsiú chun go n-éireoidh leis an ionstraim um sheirbhísí digiteacha, agus d’athdhearbhaigh na hairí dlí agus cirt gur mian leo leanúint de bheith rannpháirteach sa phlé sin.
Francisca Van Dunem, Aire Dlí agus Cirt na Portaingéile
Francisca Van Dunem, Aire Dlí agus Cirt na Portaingéile

Bhí an díospóireacht dírithe den chuid is mó ar na gnéithe a bhaineann le horduithe ó údaráis náisiúnta do sholáthraithe gníomhú i gcoinne ábhar neamhdhleathach nó chun faisnéis a sholáthar, chomh maith leis an oibleagáid atá ar sholáthraithe móra fógra a thabhairt d’údaráis maidir le drochamhras faoi chionta coiriúla tromchúiseacha.

Le linn na díospóireachta a bhí acu, chuir na hairí chun suntais a thábhachtaí atá an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an gá atá lena áirithiú go dtiocfar ar an gcothromaíocht cheart chun a áirithiú nach gcuirfear srianta feasta ach i gcás eisceachtúil.

Maidir leis na gnéithe a bhaineann le horduithe ó údaráis náisiúnta, chuir na hairí in iúl i gcoitinne go dtacaíonn siad leis an gcóras a bheartaítear ach thug siad dá n-aire nach mór an téacs a shoiléiriú a thuilleadh, go háirithe chun a áirithiú nach ndéanfaidh an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha difear d’fheidhmiú ionstraimí CGB atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo.

Maidir leis an oibleagáid atá ar sholáthraithe fógra a thabhairt i dtaobh drochamhras faoi chionta coiriúla tromchúiseacha, mheas na hairí gur gá soiléiriú a dhéanamh ar na coincheapa 'cionta tromchúiseacha coiriúla lenar bhain bagairt do shaol nó do shábháilteacht daoine' agus 'go pras'

Príomhghnéithe do sheirbhísí ionchúisimh phoiblí

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na príomhghnéithe a bhaineann le seirbhísí ionchúisimh phoiblí. Tá an t-ábhar seo mar chuid d’idirphlé ar ábhair cheartas-sonracha a bhaineann leis an smacht reachta.

Le linn an phlé a rinne siad, dhírigh siad ar thrí ábhar: neamhspleáchas na seirbhísí ionchúisimh phoiblí ón bhfeidhmeannas, digiteáil an cheartais agus acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha.

Sannadh éileamh

D’fhormheas an Chomhairle a cur chuige ginearálta i leith an togra le haghaidh rialachán maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Is é is aidhm don dréachtrialachán deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a chinntiú do ghnólachtaí agus do shaoránaigh a mhéid a bhaineann le haistrithe éileamh trasteorann, rud a éascóidh an rochtain ar mhaoiniú agus a chuirfidh infheistíocht trasteorann san Aontas chun cinn.

Trí rialacha aonfhoirmeacha easaontachta dlíthe a ghlacadh ar leibhéal an Aontais, leis an rialachán atá beartaithe cuirfear deireadh le rioscaí dlíthiúla agus iarmhairtí sistéamacha féideartha ag baint le hidirbhearta trasteorann ar éilimh. Fágfaidh sin go mbeidh infheistíocht trasteorann, rochtain ar chreidmheas níos saoire agus comhtháthú breise ar an margadh ann. Rannchuideoidh sin le deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú ar fud an Aontais.

Córas e-CODEX

D’fhormheas an Chomhairle cur chuige ginearálta i ndáil leis an rialachán maidir leis an gcóras e-CODEX, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar éifeachtúlacht na cumarsáide trasteorann idir na húdaráis bhreithiúnacha inniúla agus rochtain ar cheartas a éascú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.

An Ghníomhaireacht um chearta bunúsacha

D’fhormheas sí cur chuige ginearálta freisin i ndáil leis an rialachán lena leasaítear an rialachán lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais um Chearta Bunúsacha. Is é is aidhm don téacs seo feabhas a chur ar shainordú na gníomhaireachta agus a feidhmiú a fheabhsú trí nósanna imeachta níos éifeachtúla.

An choireacht eagraithe agus an gháinneáil ar dhaoine a chomhrac

Faoi aon ghnó eile, chuir an Coimisiún Eorpach i láthair an straitéis maidir le dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe agus an straitéis maidir leis an ngáinneáil ar dhaoine a chomhrac, straitéisí a glacadh in Aibreán 2021.

Gnóthaí baile (Dé Máirt, an 8 Meitheamh)

An tslándáil inmheánach

"Tá go leor buntáistí ag baint le claochlú digiteach ár sochaithe ach baineann dúshláin leis chomh maith i réimse na slándála. Mar gheall ar COVID-19, tá dlús curtha leis na dúshláin sin; tháinig méadú ar an gcoireacht ar líne agus táthar ag brath níos mó ar uirlisí digiteacha le haghaidh comhar póilíneachta. Phléamar roinnt beartas a chuirfidh ar ár gcumas a bheith níos ullmhaithe do thodhchaí dhigiteach na slándála. Eduardo Cabrita, Aire Gnóthaí Baile na Portaingéile

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an ionchas slándála inmheánaí i leith na hintleachta saorga, tar éis don Choimisiún a thogra, a tháinig uaidh le déanaí, le haghaidh rialachán maidir leis an intleacht shaorga a chur i láthair. Chuir siad chun suntais a thábhachtaí atá sé deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí ionas gur féidir leo leanúint d’úsáid a bhaint as uirlisí atá ag teacht chun cinn sa chomhrac i gcoinne na coireachta, agus cosaint iomlán chearta bunúsacha na saoránach á háirithiú ag an am céanna.

Bhí díospóireacht ag na hairí chomh maith maidir le tionchar COVID-19 ar an gcoireacht a chosc agus a chomhrac. Chuir siad treoir pholaitiúil ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí tosaíochta chun athléimneacht agus ullmhacht a neartú i réimse na slándála inmheánaí, chun dul i ngleic le hiarmhairtí ghéarchéim COVID-19 i bhfianaise géarchéimeanna cosúla a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Rinne na hairí a marana ar an dul chun cinn a rinneadh sa phlé maidir leis an rialachán lena leasaítear Rialachán Europol. Tá an Uachtaránacht tiomanta i gcónaí do leanúint den obair sna seachtainí amach romhainn agus é mar aidhm aici clabhsúr a chur leis an oiread gnéithe agus is féidir agus sainordú caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a fháil faoi dheireadh mhí an Mheithimh.

Limistéar Schengen

Tar éis don Choimisiún cur i láthair a dhéanamh, bhí plé tosaigh ag na hairí tús ar straitéis Schengen, a ghlac an Coimisiún Eorpach an 2 Meitheamh.

Is é is aidhm don straitéis agus do na tograí a ghabhann léi feidhmiú iomlán limistéar Schengen a chur ar bun arís, muinín fhrithpháirteach a mhéadú i measc na mBallstát agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19 a chomhtháthú, go háirithe maidir le comhordú níos fearr a dhéanamh ar bhearta ar leibhéal an Aontais. Sa straitéis seo, glactar cur chuige cuimsitheach maidir le limistéar na saorghluaiseachta, lena gcuimsítear cosaint na dteorainneacha seachtracha agus an tslándáil inmheánach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os ár gcomhair sa lá atá inniu ann.

Imirce agus tearmann

Thug an Uachtaránacht tuairisc ar staid na himeartha i ndáil leis an gcomhaontú nua maidir le himirce agus tearmann.

Tá an ghné sheachtrach ar cheann de phríomhghnéithe an chomhshocraithe. Tá tacaíocht láidir ann chun comhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais a fhorbairt agus a fheabhsú a thuilleadh, mar aon le comhpháirtíochtaí cuimsitheacha, saincheaptha agus comhthairbheacha a oibríochtú leis na príomhthíortha comhpháirtíochta. I ndáil leis an méid sin, meabhraíodh d’Uachtaránacht na Portaingéile an toradh tábhachtach a bhí ar Chomhdháil Aireachta AE-An Afraic um Bainistiú Sreabh Imirceach, a tionóladh i Liospóin an 12 Bealtaine.

Maidir leis an ngné inmheánach, leanadh den obair, ar leibhéal na saineolaithe, ar an rialachán bainistithe tearmainn agus imirce, ar an rialachán leasaithe maidir leis an nós imeachta tearmainn agus ar an rialachán maidir le scagadh. Le linn na bpléití sin, bhí na Ballstáit uile in ann a dtiomantas ginearálta a dheimhniú maidir le tacaíocht a thabhairt dá chéile agus rannchuidiú lena chéile ar bhonn na dlúthpháirtíochta, i gcásanna ina mbeadh ceann de na Ballstáit faoi bhrú.

Ina theannta sin, chuir na Ballstáit agus an Coimisiún Eorpach chun suntais go mbeidh siad rannpháirteach, sna seachtainí atá le teacht, agus toilteanach obair dhian a dhéanamh chun comhaontú i ndáil leis an Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a dhearbhú.

Leag an Chomhairle béim arís ar a thábhachtaí atá an comhaontú ar thángthas air i ndáil leis an Treoir maidir leis an gCárta Gorm. Leis an gcomhaontú sin, fíoraíodh ceann de thosaíochtaí Uachtaránacht na Portaingéile: obair a dhéanamh ar bhainistiú na himirce dlíthiúla agus ar an meaitseáil is gá a dhéanamh idir riachtanais mhargaí saothair an Aontais agus na hoibrithe oilte a thagann chun na hEorpa ar bhealach dleathach, ordúil.

EMPACT: Torthaí 2020

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025