"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 9-10 Nollaig 2021
Na príomhthorthaí
Gnóthaí Baile, an 9 Nollaig
Bagairtí hibrideacha agus dúshláin imirce
Phléigh na hairí saincheisteanna na n-ionsaithe hibrideacha agus na smuigleála imirceach. Díríodh go sonrach ar éifeachtach na n-uirlisí reatha chun freagairt ar na feiniméin sin agus ar na huirlisí is gá chun a bheith níos ullmhaithe sa todhchaí.
Le cúpla mí anuas, leis an ionsaí hibrideach ó réimeas na Bealarúise, táimid ag breathnú ar ghné eile de dhúshlán na himirce. Ag an am céanna, tá dúshláin éagsúla eile maidir leis an imirce le sárú ag ár dteorainn sheachtrach, dúshláin a bhfuil práinn ag baint leo freisin. Bhí plé oscailte againn inniu faoi ghníomhaíochtaí breise a d’fhéadfaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar chosaint ár dteorainneacha seachtracha agus básanna a chosc.
Aleš Hojs, Aire Gnóthaí Baile na Slóivéine
Rinne na hairí a machnamh ar na gníomhaíochtaí breise i réimse na ngnóthaí baile is féidir leis an Aontas a dhéanamh go fóill chun freagairt ar úsáid na himirce mar bhagairt hibrideach agus chun iarrachtaí comhchosúla a dhíspreagadh amach anseo. Phléigh siad na bearta ba cheart a dhéanamh mar ábhar tosaíochta chun gluaiseachtaí tánaisteacha laistigh den Aontas a chosc go héifeachtach agus samhail ghnó na smuigléirí a bhriseadh. Agus na hiarrachtaí a rinneadh le roinnt míonna anuas ar mhaithe le gné sheachtrach na himirce a neartú á gcur san áireamh, phléigh na hairí freisin cé na gnéithe eile ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh ar leibhéal an Aontais.
Le linn an lóin, phléigh na hairí réitigh inbhuanaithe i ndáil leis an gcomhshocrú maidir le himirce agus tearmann.
Next Generation EU: insíothlú na coireachta eagraithe
Bhí díospóireacht ag na hairí gnóthaí baile faoi chistí téarnaimh Next Generation EU agus faoin dóigh is fearr le hinsíothlú na coireachta eagraithe isteach i struchtúir agus próisis dhlíthiúla a chosc.
Ní thig linn cás a bheith againn ina n-úsáidfear airgead na gcáiníocóirí chun tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le coireacht eagraithe nó ina mbainfear mí-úsáid as ár struchtúir agus ár bpróisis dhlíthiúla chun cuma dhlisteanach ar chur ar ghníomhaíochtaí coiriúla. Chuir na hairí chun suntais a thábhachtaí atá sé léargas maith a fháil ar an mbagairt atá os ár gcomhair agus an gá atá ann gníomhú go comhpháirteach chun cur ina coinne.
Aleš Hojs, Aire Gnóthaí Baile na Slóivéine
Chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá sé leas a bhaint as uirlisí éagsúla agus as cur chuige comhordaithe ón Aontas chun insíothlú na coireachta eagraithe i struchtúir dhlíthiúla a chosc agus a chomhrac. Chuir siad chun suntais freisin gur gá do na Ballstáit eolas a mhalartú faoi leochaileachtaí na struchtúr dlíthiúil trí mheastóireacht a dhéanamh ar tháscairí éagsúla. Tá gá freisin le faisnéis níos fearr ó na Ballstáit agus ó ghníomhaireachtaí ábhartha CGB.
Thug na hairí dá n-aire freisin an cur i láthair ón gCoimisiún faoi na tograí nua maidir le Prum, comhar i bhforfheidhmiú an dlí agus malartú eolais. Leanfar den obair ar na tograí sin ar an leibhéal teicniúil i dtionól na Comhairle.
Athléimneacht eintiteas criticiúil
Thug na hairí dá n-aire an comhaontú maidir le cur chuige ginearálta ar tháinig ambasadóirí air, a meastar go nglacfaidh an Chomhairle go foirmiúil é an 20 Nollaig.
Tá sé ríthábhachtach athléimneacht ár mbonneagar criticiúil a fheabhsú ar mhaithe le slándáil agus rathúnas ár sochaithe. Léiríonn na hathruithe atá tagtha ar an timpeallacht slándála, amhail paindéim COVID-19 atá ann faoi láthair, bagairtí hibrideacha nó teagmhais adhaimsire, nach mór dúinn níos mó a dhéanamh ionas go mbeimid ullamh go comhpháirteach do dhúshláin a bheidh ann amach anseo. Céim thábhachtach sa treo sin is ea an comhaontú ar tháinig na hambasadóirí air inné, agus measaim go nglacfaidh an Chomhairle go foirmiúil é go luath.
Aleš Hojs, Aire Gnóthaí Baile na Slóivéine
Is é is aidhm don dréacht-treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a chinntiú go mbeidh na heintitis sin réidh le tubaistí nádúrtha, sceimhlitheoireacht nó éigeandálaí sláinte amhail COVID-19 a chosc, a chomhrac agus téarnamh astu. Cumhdaítear eintitis i naoi n-earnáil leis an dréacht-sainordú ón gComhairle: an fuinneamh, an t-iompar, an bhaincéireacht, bonneagair an mhargaidh airgeadais, an tsláinte, uisce óil, fuíolluisce, an bonneagar digiteach agus spás.
Faoi na rialacha nua atá beartaithe, ba cheart d’eintitis chriticiúla teagmhais shuaiteacha a thuairisciú do na húdaráis náisiúnta, agus ba cheart do Bhallstáit an Aontais eintitis chriticiúla a shainaithint, measúnuithe riosca náisiúnta a dhéanamh agus straitéis a bheith acu chun athléimneacht na n-eintiteas sin a chinntiú.
A luaithe a ghlacfar cur chuige ginearálta na Comhairle go foirmiúil, féadfar tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
Tá an tAontas ag obair ar rialacha nua chun bonneagair chriticiúla a dhéanamh níos athléimní, níos frithsheasmhaí agus níos turraingfhriotaíche.
Cur i bhfeidhm acquis Schengen sa Chróit
Mheas an Chomhairle go raibh na coinníollacha is gá chun gach cuid de acquis Schengen a chur i bhfeidhm comhlíonta ag an gCróit. An fíorú seo go bhfuil na coinníollacha is gá chun gach cuid de acquis Schengen a chur i bhfeidhm comhlíonta ag an gCróit, is réamhchoinníoll ar an gComhairle é sula bhféadfaidh sí cinneadh a dhéanamh dá éis sin lena gceadófar rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha a bhaint.
Measúnóidh na hairí an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an rialachán atá á bheartú ag an gComhairle maidir le sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen. Leanfar anois den phlé ar an leibhéal teicniúil i dtionól na Comhairle.
Is é is aidhm don togra limistéar Schengen a dhéanamh níos inoiriúnaithe do na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo trí fhócas straitéiseach an tsásra sin a mhéadú, trí na nósanna imeachta meastóireachta agus faireacháin a ghiorrú agus a shimpliú, trí fhíorú na hurraime do chearta bunúsacha i gcur chun feidhme acquis Schengen a neartú agus tríd an leas is fearr is féidir a bhaint as rannpháirtíocht ghníomhaithe uile an Stáit agus an Aontais.
Cur chun feidhme na hidir-inoibritheachta
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le cur chun feidhme na hidir-inoibritheachta. Ar bhonn an mheasúnaithe a rinne eu-LISA agus an Coimisiún Eorpach, tháinig siad ar chomhaontú faoi amlíne athbhreithnithe lár mhí an Mheithimh 2022 do Chóras Faisnéise Schengen uasghrádaithe, dheireadh mhí Mheán Fómhair 2022 don chóras dul isteach/imeachta agus mhí na Bealtaine 2023 do ETIAS agus ECRIS-TCN.
Is é an aidhm atá ann i gcónaí go mbeidh an ailtireacht idir-inoibritheachta i bhfeidhm faoi dheireadh 2023.
Córais TF uile-Aontais don tslándáil agus don imirce (Grafaic faisnéise)
Comhar frithsceimhlitheoireachta
Cuireadh na hairí ar an eolas faoin gcomhar idir na húdaráis inniúla a bhíonn ag plé leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, agus an grúpa frithsceimhlitheoireachta (CTG) i láthair.
Is léir ó na ceachtanna a foghlaimíodh ó na hionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip go bhfuil gá le comhar idir na gníomhaithe forfheidhmithe dlí agus na gníomhaithe faisnéise. I mí na Samhna 2016, d’aontaigh na hairí go bhféachfaí ar dheiseanna chun comhar a bheith ann idir an Chomhairle Frithsceimhlitheoireachta agus Europol i réimsí comhleasa, agus inniúlacht eisiach na mBallstát maidir leis an tslándáil náisiúnta á hurramú go hiomlán.
Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoina bhfuil tite amach le déanaí maidir leis an obair ar thograí reachtacha atá ann faoi láthair.
Thug sí tuairisc freisin ar an toradh a bhí ar an gcruinniú aireachta ceartais agus gnóthaí baile idir an tAontas agus na Balcáin Thiar agus ar an ullmhúchán agus clár oibre don chruinniú aireachta ceartais agus gnóthaí baile idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe atá ar na bacáin.
Thug an uachtaránacht tuairisc ar an toradh a bhí ar an gcomhdháil aireachta fhíorúil maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a imscrúdú, a tionóladh an 11-12 Samhain.
Chuir Uachtaránacht nua na Fraince ar an gComhairle a clár oibre agus a tosaíochtaí i láthair don 6 mhí atá amach romhainn.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
COVID-19: na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le feidhmiú na gcúirteanna
Mhalartaigh na hairí tuairimí faoi na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 i ndáil le feidhmiú na gcúirteanna agus leis an athbhreithniú breithiúnach agus an grinnscrúdú ar bhearta éigeandála. Rinne siad a marana ar bhealaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann cheana agus ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo a eascraíonn as cásanna éigeandála reatha agus as cinn a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí. Roinn na Ballstáit a ndea-chleachtais chun tionchar phaindéim COVID-19 ar na córais cheartais a mhaolú. Go háirithe, leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé leanúint den obair maidir le digitiú chun rochtain ar cheartas a chinntiú do gach saoránach, go leor coimircí a bheith ann, agus i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha.
In ainneoin na ndeacrachtaí a chruthaigh an phaindéim, léirigh ár gcórais náisiúnta agus ár gcúirteanna bunreachtúla athléimneacht den chuid is mó. Ní mór dúinn a chinntiú, áfach, nuair a thagann an chéad ghéarchéim eile, cibé mar a bheidh sé, go mbeimid níos ullmhaithe fós lena aghaidh. Áiríodh an tábhacht a bhaineann lenár gcórais cheartais a dhigitiú mar cheann de na gnéithe ar cuireadh suntas iontu agus leanfaimid den obair sa réimse sin sna míonna amach romhainn, ar mhaithe lenár saoránaigh.
Marjan Dikaučič, Aire Dlí agus Cirt na Slóivéine
An fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chomhrac
Le linn an lóin, phléigh na hairí an chaoi ina bhféadfaí an fhuathchaint a chomhrac ar bhealach níos fearr chun go mbeadh an Eoraip níos cuimsithí agus níos cosantaí. Dhírigh siad ar na dúshláin agus ar na bearnaí is mó atá os comhair na mBallstát ina bhfreagairt, ar na fachtóirí éascaitheacha a d'fhéadfadh a bheith ann chun tacú lena n-iarrachtaí, ar na dea-chleachtais maidir le comhar leis an tsochaí shibhialta agus le cuideachtaí TF chomh maith leis na dea-chleachtais maidir le tacaíocht agus cosaint do ghrúpaí sonracha íospartach.
Níl aon áit ag an bhfuathchaint ná ag an bhfuathchoireacht inár sochaithe oscailte daonlathacha. Is dhá réimse thábhachtacha a bhfuil tuilleadh oibre ag teastáil ina leith iad a chinntiú go mbainfear an fhuathchaint ó ardáin na meán sóisialta agus go ndéanfar ár bhfreagairt dlí choiriúil a fhorfheidhmiú. Ní mór dúinn a chinntiú freisin go dtugaimid tacaíocht leordhóthanach do na híospartaigh agus go dtugaimid aghaidh ar na bunchúiseanna trí thaighde níos fearr a dhéanamh agus trí iarracht chomhpháirteach leis an tsochaí shibhialta agus le comhlachtaí poiblí eile.
Marjan Dikaučič, Aire Dlí agus Cirt na Slóivéine
An rialachán maidir le r-fhianaise
Thug na hairí dá n-aire an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an gcaibidlíocht atá fós ar siúl idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa maidir leis an rialachán r-fhianaise.
Bhí malartuithe ar bun le linn Uachtaránacht na Slóivéine ar an leibhéal teicniúil agus díríodh ar an gcóras maidir le fógra a thabhairt. Baineann an phríomhdhifríocht idir na reachtóirí maidir leis na hoibleagáidí fógraí a thabhairt le ról faoi seach na stát atá rannpháirteach sna nósanna imeachta caomhnaithe nó chun fianaise a thabhairt ar aird.
Thug an Uachtaránacht dá haire go raibh an Chomhairle sásta géilleadh don Pharlaimint ar phointí tábhachtacha d’fhonn teacht ar chomhaontú. Mheas an Pharlaimint nach leor na tairiscintí sin go dtí seo.
Aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine
Cuireadh na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i dtaca le haontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR). Thuairiscigh an uachtaránacht faoin dul chun cinn a rinneadh i gComhairle na hEorpa agus faoi na hullmhúcháin atá á ndéanamh i gcomhlachtaí inniúla na Comhairle.
Is grúpa ad hoc de Chomhairle na hEorpa atá i mbun na caibidlíochta aontachais. Bhí an 10ú, an 11ú agus an 12ú cruinniú den ghrúpa ad hoc ar siúl le linn an tseimeastair reatha. Díríodh sa phlé sin ar shásraí sonracha an Aontais sa nós imeachta atá os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, chomh maith leis na hiarratais idirpháirtí, prionsabail na muiníne frithpháirtí idir Ballstáit an Aontais agus saincheisteanna a bhaineann leis an réimse CBES. Chomh maith leis obair sin, dhírigh na saineolaithe freisin ar an obair ullmhúcháin do rialacha inmheánacha an Aontais a mbeidh gá leo le haghaidh an chomhaontaithe aontachais a bheidh ann amach anseo.
Chuir an Coimisiún agus an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a chur ar bun. Ghlac an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach páirt sa phlé ar an bpointe seo.
Tá níos mó ná 400 fiosrúchán ar bun ag OIPE cheana i leith damáiste a meastar a bheith sna billiúin euro agus tá príomhbhearta fiosrúcháin ar bun aici cheana. Tá oibríochtaí cuardaigh agus urghabhála déanta aici agus gabhadh roinnt daoine a bhfuil amhras fúthu cheana in imeachtaí atá ar bun ag OIPE. Ciontaíodh duine amháin cheana mar thoradh ar obair OIPE.
Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoina bhfuil tite amach le déanaí san obair ar thograí reachtacha reatha.
Chuir an Coimisiún i láthair na tograí a rinneadh le déanaí chun córais cheartais an Aontais a dhigitiú chomh maith leis an gcéad tuarascáil uaidh maidir le feidhmiú chairt um chearta bunúsacha an Aontais lena ngabhann cur chuige téamach, agus lena ndírítear ar chearta bunúsacha sa ré dhigiteach. Thagair an Coimisiún do na tograí a dhéanfar amach anseo i réimse an cheartais, lena n-áirítear an ceartas sibhialta agus coiriúil, don bhliain seo agus don bhliain seo chugainn.
Thug an uachtaránacht tuairisc freisin ar an toradh a bhí ar an gcruinniú aireachta ceartais agus gnóthaí baile idir an tAontas agus na Balcáin Thiar agus ar an ullmhúchán agus an clár oibre don chruinniú aireachta ceartais agus gnóthaí baile idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe atá ar na bacáin.
Chuir Uachtaránacht nua na Fraince ar an gComhairle a clár oibre agus a tosaíochtaí i láthair don 6 mhí atá amach romhainn.
Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.