Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Cruinniú urghnách den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Gnóthaí Baile), an 25 Samhain 2022, 25 Samhain 2022

Príomhthorthaí

Phléigh na hairí gnóthaí baile an staid mar atá feadh na mbealaí imirce uile, agus na dúshláin phráinneacha agus an bealach chun cinn i gcomhpháirt á mbreithniú acu.

Vít Rakušan, Aire Gnóthaí Baile na Seicia
Le blianta beaga anuas, tá roinnt beart déanta againn chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar na dúshláin imirce atá romhainn. Is féidir agus ní mór tuilleadh a dhéanamh, áfach, chun teacht ar réitigh níos inbhuanaithe agus chun dul in oiriúint don staid shíorathraitheach. Ag an gcruinniú a bhí acu inniu, d’athdhearbhaigh na hairí go bhfuil siad tiomanta teacht ar réitigh choiteanna nithiúla a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm láithreach agus iad ag obair i ndlúthchomhar le chéile chun an t-athchóiriú leanúnach ar imirce a thabhairt chun críche a luaithe is féidir.
Vít Rakušan, Aire Gnóthaí Baile na Seicia
Vít Rakušan, Aire Gnóthaí Baile na Seicia

Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé aird a thabhairt ar na bealaí ar fad, bunaithe ar chur chuige an bhealaigh iomláin. Dhearbhaigh siad aontacht an Aontais agus aghaidh á tabhairt aige ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus atá ar na bacáin.

D’eisigh an Uachtaránacht achoimre ag deireadh an chruinnithe inar leagadh béim ar roinnt prionsabal maidir leis an mbealach chun cinn i gcomhpháirt, mar shampla:

  • tiomantas leanúnach do chóras imirce agus tearmainn níos athléimní a thógáil agus gach iarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach maidir leis an athchóiriú ar chomhshocrú an Aontais maidir le tearmann agus imirce a luaithe is féidir.
  • an gá atá le dlús a chur le tacaíocht agus comhar an Aontais leis na tíortha agus na heagraíochtaí comhpháirtíochta uile chun cosc a chur ar dhaoine a bheith ag imeacht agus bás daoine a sheachaint, chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, chun líonraí smuigleála a chomhrac agus chun feabhas suntasach a chur ar fhilleadh agus ar athligean isteach.
  • is díol sásaimh di plean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir leis an Meánmhuir Láir agus a ullmhacht chun pleananna gníomhaíochta comhchosúla a fhorbairt do bhealaí eile, ag tosú le bealach na mBalcán Thiar.
  • gealltanas cur leis na hiarrachtaí chun an sásra dlúthpháirtíochta a chomhaontaigh roinnt Ballstát i mí an Mheithimh a chur chun feidhme
  • an gá atá le comhordú agus comhar a neartú leis na gníomhaithe go léir a bhfuil baint acu le cuardach agus tarrtháil
  • a thábhachtaí atá sé teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint agus a bhainistiú mar is ceart, agus diúltú do gach iarracht imircigh a ionstraimiú

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025