- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 4 Márta 2014
Praghsanna agus costais fuinnimh ag ardú san Eoraip á phlé ag an gComhairle
Ag teacht le chéile dóibh an 4 Márta, phléigh Airí fuinnimh an tionchar ar thomhaltóirí na hEorpa agus ar iomaíochas tionsclaíoch an Aontais Eorpaigh atá ag praghsanna agus costais fuinnimh atá ag ardú.
Bhí mionphlé beartais ag na hAirí fuinnimh ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, ar plé maidir leis an teachtaireacht a thíolaic an Coimisiún le déanaí faoi phraghsanna agus costais fuinnimh san Eoraipé. Bhí an plé dírithe ar thrí réimse:
- conas praghsanna mórdhíola agus miondíola a ailíniú níos dlúithe
- an éagsúlacht ard ar fud na mBallstát i ngnéithe éagsúla na bpraghsanna
- gníomhaíochtaí atá molta ag an gCoimisiún chun costais fuinnimh a laghdú
Bhí na hAirí sásta leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún agus thacaigh siad i gcoitinne leis na gníomhaíochtaí atá molta chun costais fuinnimh a laghdú. Sa phlé a bhí acu, sonraíodh gur gá go dtabharfaí margadh inmheánach an fhuinnimh chun críche faoi 2014 agus go ndéanfaí bonneagar nua fuinnimh a fhorbairt chun soláthar slán, gan bhriseadh a áirithiú. Ina theannta sin, chuir siad i dtreis gur gá do theaghlaigh agus don tionsclaíocht gníomh a dhéanamh fós chun an méid fuinnimh a chaitheann siad a laghdú trí fheabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh.
Maidir leis an gceist faoin éifeacht atá ag praghsanna arda fuinnimh ar iomaíochas thionsclaíocht na hEorpa, chuir na hAirí i bhfios go láidir gur gá an chothroime iomaíochta a chruthú sa mhargadh domhanda fuinnimh agus an bhearna i bpraghsanna fuinnimh a laghdú, ar bearna i gcomparáid le hiomaitheoirí ó lasmuigh d'AE í. D’aontaigh na hAirí freisin go bhféadfaí, trí thacú le hiomaíochas thionsclaíocht AE, trí chostais fuinnimh a laghdú agus trí fheabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh, cabhrú le cur leis an gcomhtháthú sóisialta, an dífhostaíocht a laghdú agus cuidiú le cuspóirí aeráide na hEorpa.
Praghsanna agus costais fuinnimh
Is éard atá i gceist leis an bpraghas fuinnimh an praghas sin a íocann tomhaltóirí ar gach aonad fuinnimh a úsáideann siad, agus is éard atá i gceist le costais fuinnimh an méid airgid is gá do thomhaltóirí a íoc as an bhfuinneamh a chaitheann siad.
Roinntear billí fuinnimh ina dtrí chuidi gcoitinne:
- An praghas fuinnimh - an costas atá ar an mbreosla a cheannach nó a tháirgeadh
- Costais líonra - na costais maidir le bonneagar an tarchurtha agus an dáileacháin
- Cánacha/tobhaigh - lena n-áirítear CBL, dleachtanna máil, chomh maith le haon tobhaigh nó mhuirir shonracha ar fhuinneamh
Ábhair eile ar an gclár oibre
Bhí díospóireacht bheartais ag na hAirí freisin maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le creat 2030 do bheartas aeráide agus fuinnimh. Áirítear ar na príomhghnéithe den teachtaireacht sin sprioc maidir le laghdú 40% faoi bhun leibhéil 1990 ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, sprioc maidir le fuinnimh inathnuaite, ar sprioc 27% ar a laghad den tomhaltas fuinnimh é, agus dírítear ar an éifeachtúlacht fuinnimh freisin. Phléigh na hAirí comhshaoil an teachtaireacht sin sa Chomhairle an 3 Márta 2014 freisin. Beidh a dtiocfaidh as an dá phlé ina chuidiú ag an bplé a dhéanfar ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 20-21 Márta.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
Cruinniú ar bith
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025