Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 14 Márta 2014

Comhaontaíonn an Chomhairle a seasamh maidir le príomh-thograí iarnróid

Ag teacht le chéile dóibh an 14 Márta, ghlac airí iompair an Aontais seasamh na Comhairle i ndáil leis an togra maidir le cúraimí nua a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid agus maidir le togra Shift2Rail

Ag teacht le chéile d'airí iompair AE sa Chomhairle, ghlac siad cur chuige ginearálta maidir le togra lena sainmhínítear cúraimí nua don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid (ERA). Léirítear leis na hathruithe a mholtar an ról méadaithe atá ag ERA maidir le deimhniú sábháilteachta agus le húdarú feithiclí. I measc nithe eile, ba cheart go gcuideofaí le costais riaracháin a laghdú agus le dlús a chur le nósanna imeachta riaracháin le haghaidh gnóthais iarnróid san Aontas trí raon feidhme méadaithe ERA.

Tá na hathruithe mar chuid de cholún teicniúil an ceathrú pacáiste iarnróid a d'fhoilsigh an Coimisiún i mí Eanáir 2013. Is é is aidhm don cholún teicniúil deireadh a chur le bacainní riaracháin agus teicniúla atá fós ann agus atá ina mbac ar mhargadh aonair iarnróid Eorpach a chruthú.

Ghlac na hairí freisin seasamh na Comhairle maidir le togra chun Comhghnóthas Shift2Rail a bhunú. Beidh sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí sin teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha a fhorbairt, a thástáil agus a fhormheas, ar teicneolaíochtaí agus réitigh iad a chuideoidh le costais a bhaineann le saolré an chórais iompair iarnróid a laghdú, lena acmhainneacht a mhéadú, le hiontaofacht seirbhísí iarnróid a fheabhsú agus le tionchar comhshaoil taistil iarnróid a laghdú.

Táthar ag dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir leis an togra, roimh don Chomhairle cinneadh críochnaitheach a ghlacadh.

An Ceathrú Pacáiste Iarnróid

Is é atá sa cheathrú pacáiste iarnróid, a d'fhoilsigh an Coimisiún i mí Eanáir na bliana 2013, 6 thogra reachtacha i 4 réimse:

  • Formheas uile-Aontais - Ba cheart traenacha agus rothstoc a thógáil agus a dheimhniú uair amháin ionas go bhféadfaidh siad gluaiseacht ar fud AE. Ba cheart go mbeadh deimhniú sábháilteachta aonair amháin ann.
  • Struchtúr a fheidhmíonn i gceart - Maidir leis an dá fheidhm chun iarnróid a bhainistiú agus chun traenacha a chur ag gluaiseacht, a áirithiú go gcoimeádtar iad scartha óna chéile.
  • Níos mó rochtana ar an iarnród - Iarnróid na bpaisinéirí intíre a oscailt d'iontrálaithe nua, chun iomaíochas agus éifeachtúlacht a mhéadú
  • Lucht oibre oilte - A áirithiú go bhféadfaidh na Ballstáit an fhoireann a chosaint níos fearr i gcás ina n-aistrítear conarthaí seirbhíse poiblí.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí i ndáil le teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le soghluaisteacht uirbeach a bheidh iomaíoch agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní. Bhí an plé dírithe ar phleanáil maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe, agus ar an mbealach is fearr chun sásraí cistithe atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chomhordú agus a úsáid.

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas freisin faoi na forbairtí is déanaí a rinneadh ar an-chuid comhad reachtach, lena n-áirítear an pacáiste aerfoirt, an togra le leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le hiompar ar uiscebhealaí a chur chun cinn, agus an togra a mholtar maidir le breoslaí ionadúla (Cumhacht Ghlan).

Maidir leis na hítimí seo a leanas, glacadh iad gan phlé:

  • An treoir maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach
  • Treoir maidir le calcadh agus coigistiú fáltas coireachta
  • Léirscaoileadh víosaí don Mholdóiv
  • Treoir AE maidir leis an tobac

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025