- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 13 Meitheamh 2014
Comhaontú sa Chomhairle maidir leis an treoir i ndáil le hathrú indíreach maidir le talamhúsáid
Ag cruinniú i dtaca le beartais fuinnimh a tionóladh an 13 Meitheamh 2014 tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an treoir i ndáil le hathrú indíreach maidir le talamhúsáid agus rinne sí saincheisteanna tábhachtacha fuinnimh a phlé lena n-áirítear slándáil fuinnimh agus praghsanna fuinnimh
Athrú indíreach maidir le talamhúsáid
Leis an dréacht-treoir i ndáil le hathrú indíreach maidir le talamhúsáid (ILUC) dírítear ar íoslaghdú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag athruithe indíreacha maidir le talamhúsáid ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus cosnaítear na hinfheistíochtaí a rinneadh cheana i dtáirgeadh bithbhreoslaí.
Cuirtear san áireamh sa téacs a chomhaontaigh an Chomhairle feiniméan ILUC agus tugtar aghaidh air, tosaítear ag athrú chuig bithbhreoslaí a mbaineann rioscaí ILUC níos lú leo agus soláthraítear dearcadh infheistíochta níos soiléire, agus na hinfheistíochtaí a rinneadh cheana á gcosaint i gcomhthráth.
Go luath i ndiaidh don Chomhairle teacht ar chomhaontú polaitiúil déanfaidh sí a seasamh ar an gcéad léamh a ghlacadh go foirmiúil.
An toradh ar an gcruinniú a bhí ag Comhairle Eorpach mhí an Mhárta
Rinne na hairí breithniú ar thoradh Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta 2014 maidir le trí réimse:
- an dul chun cinn a rinneadh i dtaca leis an margadh inmheánach fuinnimha thabhairt chun críche
- an teachtaireacht a thug an Coimisiún uaidh, arna tharraingt suas ar iarraidh ón gComhairle Eorpach i mí an Mhárta 2014 i dtaca le straitéis na hEorpa maidir le slándáil fuinnimh
- díospóireacht bheartais maidir le gnéithe na mbeartas i dtaca leis an gcreat aeráide agus fuinnimh 2030
Cuirfear toradh na díospóireachta faoi bhráid Uachtarán na Comhairle Eorpaí mar ullmhúchán don chéad chruinniú eile a bheidh ag an gComhairle Eorpach an 26-27 Meitheamh. Táthar ag súil go dtabharfar cinneadh deiridh i nDeireadh Fómhair 2014 maidir leis an gcreat.
Ábhair eile ar an gclár oibre
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le praghsanna agus costais fuinnimh, le tomhaltóirí leochaileacha a chosaint agus leis an iomaíochas. Cumhdaítear trí réimse sna conclúidí: an margadh inmheánach fuinnimh, an ghné sheachtrach agus tomhaltóirí.
Mar thoradh ar chur i láthair maidir leis an méid a thit amach le déanaí i réimse an chaidrimh sheachtraigh i dtaca le fuinneamh, bhí díospóireacht bheartais ag na hairí ar luach na gcreataí iltaobhacha fuinnimh.
Ar na hábhair eile a pléadh le linn chruinniú na Comhairle bhí:
- cúrsaí fuinnimh a bhaineann leis an staid san Úcráin
- clár oibre uachtaránacht nua na hIodáile
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025