Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 5-6 Meitheamh 2014

Tagann an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil faoi cholún teicniúil an 4ú pacáiste iarnróid

Rinne an Chomhairle saincheisteanna éagsúla iompair agus teileachumarsáide a phlé agus a fhormheas, lena n-áirítear comhaontuithe polaitiúla maidir le gnéithe teicniúla den 4ú pacáiste iarnróid agus maidir le méideanna leoraithe.

An 4ú pacáiste iarnróid

Tháinig na hAirí ar chomhaontú polaitiúil maidir le 3 phíosa reachtaíochta arb iad 'colún teicniúil' an 4ú pacáiste iarnróid iad. Áirítear sa cholún teicniúil sin dréacht-treoracha maidir le hidir-inoibritheacht agus sábháilteacht na n-iarnród Eorpach agus dréacht-rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid.

Dá dtabharfaí an colúin teicniúil sin chun críche, mhéadófaí barainneachtaí scála do ghnóthais iarnróid ar fud an Aontais, laghdófaí na costais riaracháin agus chuirfí dlús le nósanna imeachta. Ba cheart go gcabhródh sin freisin le haon idirdhealú a sheachaint i ndáil le deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithiclí a eisiúint.

Ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle araon na tograí a fhormheas.

Méideanna leoraithe

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le rialacha nuashonraithe do mheáchain uasta agus do thoisí uasta feithiclí earraí troma, busanna agus cóistí. Is é aidhm don treoir nua na rialacha atá ann faoi láthair a nuashonrú chun feabhas a chur ar aeraidinimic feithiclí, ar a n-éifeachtúlacht breosla agus ar a sábháilteacht ar bhóithre.

Mar thoradh ar athruithe faoin togra d'fhéadfaí flapaí cúil a nascadh leis an bhfeithicil agus d'fhéadfaí tosach na feithicle a dhearadh ar bhealach níos aeraidinimiciúla. Leis an dearadh nua ar chábáin leoraithe, d'fheabhsófaí réimse radhairc na dtiománaithe agus sábháilteacht na dtiománaithe agus na n-úsáideoirí eile bóthair. Trí leas a bhaint as an gcruth sraonta nua agus as an gcrios craptha, is lú go mór an tuairt a bheadh ag gabháil le himbhuailtí tosaigh.

Sa téacs ar tháinig an Chomhairle ar chomhaontú ina leith, déantar úsáid breoslaí glana a chur chun cinn trí mhéadú 1 tonna meáchain a cheadú le haghaidh feithiclí breosla mhalartaigh.

Ábhair eile ar an gclár oibre

An 5 Meitheamh, bhreathnaigh an Chomhairle ar roinnt saincheisteanna eile iompair, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

  • an dul chun cinn atá déanta i ndáil le togra le haghaidh Rialachán maidir le rialacha nua do rochtain ar an margadh seirbhísí calafoirt agus do thrédhearcacht airgeadais calafort
  • an dul chun cinn atá déanta maidir leis an nuashonrú atá beartaithe ar rialacha AE maidir le cearta aerphaisinéirí
  • an t-athbhreithniú meántéarma ar bheartas muirí an Aontais go dtí 2018 agus an t-ionchas go 2020

Dhírigh an Chomhairle ar shaincheisteanna teileachumarsáide an 6 Meitheamh. Phléigh na hAirí an méid seo a leanas go háirithe:

  • an dul chun cinn i ndáil leis an dréacht-treoir maidir le slándáil líonra agus faisnéise, arb é is aidhm di ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú ar fud an Aontais
  • an dul chun cinn atá déanta maidir leis an togra le haghaidh leasú a dhéanamh ar chreat rialála teileachumarsáide an Aontais, dá ngairtear ‘an pacáiste teileachumarsáide

Cuireadh clár oibre na Comhairle faoi Uachtaránacht nua na hIodáile i láthair freisin.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025