- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 26/06/2017, 26 Meitheamh 2017
Na príomhthorthaí
Ghlac an Chomhairle, gan díospóireacht, rialachán maidir le
- lipéadú éifeachtúlachta fuinnimh a thabharfaidh caoi do chustaiméirí eolas níos fearr a chur ar éifeachtúlacht agus tomhaltas fuinnimh a gcuid fearais teaghlaigh, rud a chabhróidh leo a gcostais fuinnimh a laghdú agus an t-éileamh a bhíonn ar fhuinneamh a thraoitheadh.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh i ndáil le dhá thogra le haghaidh treoracha athbhreithnithe maidir le
- héifeachtúlacht fuinnimh, lena leagtar síos 30 % mar sprioc don éifeachtúlacht fuinnimh san Aontas agus lena leagtar síos ceanglas spárála fuinnimh 1.5%, arna laghdú go 1.0 % le linn na tréimhse 2026-2030, ar choinníoll nach gcinneann an Coimisiún, san athbhreithniú meántéarma a dhéanfaidh sé in 2024, nach bhfuil an tAontas ar tí na spriocanna sin a bhaint amach.
- feidhmíocht fuinnimh foirgneamh ar aidhm di an éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a chur chun cinn agus tacú le hathchóiriú costéifeachtach foirgneamh d’fhonn an sprioc fhadtéarmach a bhaint amach, eadhon dícharbónú a dhéanamh ar an gcuid sin de stoc foirgneamh na hEorpa atá thar a bheith neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de.
Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le comhaid reachtacha faoin bpacáiste um Fhuinneamh Glan, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an margadh inmheánach sa leictreachas, rialachas agus an fuinneamh as foinsí in-athnuaite.
D’aithin na hAirí a thábhachtaí atá an reachtaíocht seo agus a riachtanaí atá sé ascnamh a dhéanamh an túisce is féidir, cé gur ceart a mheabhrú, dar leo, gur gá scrúdú grinn a dhéanamh i bhfianaise raon leathan na n-impleachtaí a éiríonn as na tograí.
“Is mór an chúis mhaíte dúinn gur éirigh linn an seasamh seo ón gComhairle a thabhairt i gcrích. Comhartha glan an méid sin don phobal go bhfuil an Chomhairle dáiríre faoi na gealltanais atá déanta aici i dtaca le cúrsaí fuinnimh agus aeráide, agus go bhfuil sí sásta dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a luaithe is féidir. Beidh an dá ghníomh reachtacha sin ina múnlú ag na bearta éifeachtúlachta fuinnimh a ghlacfaidh na Ballstáit as seo go ceann deich mbliana, agus ina dhiaidh sin go deimhin.”
Joe Mizzi, Aire Fuinnimh agus Bainistithe Uisce Mhálta
Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas maidir leis na forbairtí is déanaí a bhaineann leis an gcaidreamh i leith an fhuinnimh sheachtraigh, lena n-áirítear an iarraidh a tháinig ón gCoimisiún le gairid ar shainordú caibidlíochta maidir le comhaontú a dhéanamh idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir leis an bpíblíne Nord Stream 2.
Mhínigh an Coimisiún gurb é is aidhm don chomhaontú an éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint, agus a áirithiú go mbeidh an chuid sin den phíblíne a bheidh ar tír mór i gcomhréir iomlán le reachtaíocht ábhartha an Aontais, amhail an margadh inmheánach fuinnimh, slándáil an tsoláthair gáis, rialacha iomaíochta agus comhshaoil.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Liosta míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 26 Meitheamh 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 8 agus 9 Meitheamh 2017
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 26 Meitheamh 2017
- Clár táscach — cruinniú den Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 26/06/2017
- Cúlra faisnéise
Preaseisiúintí
- Éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh a bhaint amach: dul chun cinn a áirithiú i leith spriocanna an Aontais i dtaca leis an aeráid agus an bhfuinneamh
- 26/06/2017
- Foirgnimh fhuinneamhéifeachtúla: coigiltis fuinnimh a mhéadú agus dálaí maireachtála a fheabhsú
- 26/06/2017
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an bhfás gorm
- 26/06/2017
- Tabharfaidh an tAontas níos mó tacaíochta do réigiúin atá buailte ag tubaistí nádúrtha
- 26/06/2017
- Lipéadú níos soiléire i ndáil le fuinneamh: éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr
- 26/06/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025