- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 27/02/2017, 27 Feabhra 2017
Na príomhthorthaí
Chuir na hairí a dtuairimí in iúl ar a gcéad fhéachaint ar phacáiste cuimsitheach reachtach an Choimisiúin “Fuinneamh Glan don uile duine san Eoraip”, a bhfuil trí phríomhsprioc ag gabháil leis: tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh, bheith ar thús cadhnaíochta mórthimpeall na cruinne maidir le fuinneamh in-athnuaite agus cothrom na Féinne a thabhairt do thomhaltóirí.
Áirítear leis an bpacáiste tograí maidir le leagan amach an mhargaidh leictreachais, éifeachtúlacht fuinnimh, slándáil an tsoláthair, foinsí inathnuaite fuinnimh agus rialacha rialachais atá dírithe ar straitéis an aontais fuinnimh a chur chun feidhme. Is é aidhm fhoriomlán na straitéise geilleagar an Aontais Eorpaigh a athrú ó bhonn le go bhfeidhmeodh sé mar gheilleagar íseal-charbóin faoi 2030.
Thug na hairí ar aird a thábhachtaí atá an reachtaíocht seo agus chuir siad i dtreis go gcaithfear dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na tograí go léir. Chuir siad i dtreis freisin áfach, go gcaithfear na tograí a scrúdú go mion mar gheall ar na himpleachtaí atá ag na saincheisteanna sin ar na Ballstáit agus mar gheall ar an bhfreagracht atá ar na comhreachtóirí.
D’éist an Chomhairle le cur i láthair ón gCoimisiún i ndáil lena thuarascáil is déanaí faoi staid an aontais fuinnimh. Ba dhíol sásaimh do na hairí gur thángthas ar an tuairim sa tuarascáil sin gur éirigh leis an Aontas Eorpach an t-ídiú fuinnimh a laghdú go mór cheana féin agus gur cosúil go n-éireoidh leis sprioc 2020 a bhaint amach maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Thuig siad, ag an am céanna, nach mór do na Ballstáit cloí leis.
Faoi “aon ghnó eile”, chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le dhá thogra reachtacha, ar tograí tábhachtacha iad atá á gcaibidil cheana féin le Parlaimint na hEorpa: an rialachán maidir le slándáil an tsoláthair gáis agus an rialachán maidir le lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh. Tá sé beartaithe ag an Uachtaránacht teacht ar chomhaontú polaitiúil le Parlaimint na hEorpa maidir leis an dá chomhad sin an seimeastar seo.
D’iarr airí éagsúla soiléiriú ón gCoimisiún maidir le píblíne Nordstream2, ag leanúint ón litir a chuir Cathaoirleach Choiste ITRE de chuid na Parlaiminte chuig Cathaoirleach na Comhairle Eorpaí um Fhuinneamh maidir leis an tsaincheist sin.
Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoin bhFóram maidir le Fuinneamh Aigéin.
Phléigh na hairí, le linn lóin oibre, rialachas an aontais fuinnimh, ó tharla go bhfuil dlúthbhaint aige leis na tograí eile go léir a bhaineann le fuinneamh glan.
“Tá Uachtaránacht Mhálta ag díriú ar thionscnaimh a chuireann feabhas ar shaol na ndaoine. Tá dlús á chur againn, dá bhrí sin, leis an obair atá ar bun againn i ndáil leis reachtaíocht maidir le slándáil an tsoláthair gáis, lena n-áiritheofar go mbeidh gás ar fáil do na Ballstáit uile, agus i ndáil leis an reachtaíocht maidir le lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh, lena n-áiritheofar go mbeadh an t-eolas cuí ag na tomhaltóirí agus táirgí á gceannach acu.
Is maith is eol dúinn freisin an tábhacht straitéiseach a bhaineann leis an aontas fuinnimh agus na buntáistí a leanfaidh é dár ngeilleagar agus dár saoránaigh. Táimid go hiomlán meáite ar dhul chun cinn dhéanamh maidir le pacáiste an fhuinnimh ghlain trí idirphlé éifeachtach.”
Konrad Mizzi, Aire de chuid Mhálta
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- List of A items, non-legislative activities, Transport, Telecommunications and Energy Council, 27 February 2017
- List of A items, legislative deliberations, Transport, Telecommunications and Energy Council, 27 February 2017
- Indicative programme - Transport, Telecommunications and Energy Council (Energy issues), 27 February 2017
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 27 Feabhra 2017
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
- Cearta an duine: Glacann an tAontas Eorpach conclúidí maidir le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh ag fóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um chearta an duine in 2017
- 27/02/2017
- An Bhealarúis: Cuireann an tAontas Eorpach síneadh bliana le trádbhac arm agus le smachtbhannaí i gcoinne ceathrair
- 27/02/2017
- An Chóiré Thuaidh: Déanann an tAontas smachtbhannaí in aghaidh Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) a leathnú i gcomhréir leis an rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe
- 27/02/2017
- Víosaí: Glacann an Chomhairle rialachán maidir le léirscaoileadh víosaí i gcás mhuintir na Seoirsia
- 27/02/2017
- Víosaí: Glacann an Chomhairle athbhreithniú ar an sásra fionraíochta do tharscaoileadh víosaí
- 27/02/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025