- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 04-05/12/2017, 4-5 Nollaig 2017
Na príomhthorthaí
Teileachumarsáid
Céim eile a bhí i gcruinniú an lae inniu i dtreo margadh aonair digiteach, atá fíorthábhachtach i gcomhair iomaíochas agus rathúnas na hEorpa. Thángamar ar chomhaontú maidir le sainordú chun na rialacha le haghaidh BEREC a nuashonrú, agus bhí plé cuiditheach againn maidir leis an gcaoi chun an obair a thabhairt ar aghaidh i ndáil le dhá shaincheist thábhachtacha: ríomh-Phríobháideachas agus saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta. Léiríodh le linn na díospóireachta go dtacaíonn na Ballstáit leis an togra maidir le saorshreabhadh sonraí agus iarrachtaí na hUachtaránachta teacht ar chomhaontú sa Chomhairle i mbliana. Urve Palo, Uachtarán na Comhairle agus Aire Fiontraíochta agus Teicneolaíochta Faisnéise na hEastóine
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh (cur chuige ginearálta) maidir leis na rialacha a bhaineann le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) a thabhairt cothrom le dáta. Beidh an méid sin ina shainordú chun dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa. D'aontaigh an Chomhairle gur cheart na rialacha nua a ailíniú lena sainordú maidir leis an gCód Eorpach don Chumarsáid Leictreonach ós rud é go bhfuil dlúthbhaint ag an dá thogra le chéile. Beidh caibidlíocht maidir leis an dá shainchomhad ar siúl go comhuaineach.
Phléigh na hairí dhá shaincheist eile atá mar chuid den mhargadh aonair digiteach. Mheas siad an dul chun cinn a rinneadh maidir le togra le haghaidh nuashonrú a dhéanamh ar rialacha príobháideachais don chumarsáid leictreonach (ríomh-Phríobháideachas). Tá an dréacht-Rialachán beartaithe leibhéal ard cosanta a áirithiú don saol príobháideach, don chumarsáid agus do shonraí pearsanta in earnáil na cumarsáide leictreonaí. Thug an Chomhairle dá haire go bhfuil gá le tuilleadh plé sula bhféadfar teacht ar chomhaontú maidir leis an gcur chuige ginearálta.
Phléigh an Chomhairle freisin an dréachtrialachán maidir le saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta. Leis an rialachán sin, chuirfí deireadh le ceanglais éagóracha logánaithe sonraí agus bhunófaí creat soiléir i ndáil le haistriú sonraí neamhphearsanta thar theorainneacha san Aontas. Thacaigh na hairí go tréan leis an togra agus leis na hiarrachtaí chun comhaontú tapa a bhaint amach ina leith.
Shínigh an tAire Palo treorchlár 5G ina leagtar amach spriocanna sonracha don chomhchuibhiú speictrim atá riachtanach ar mhaithe le seoladh 5G mar a comhaontaíodh idir na Ballstáit é agus dhearbhaigh sé an sprioc chun an Eoraip a shuí mar mhargadh tús cadhnaíochta do 5G i measc thíortha an domhain.
Iompar
Mheas na hairí an dul chun cinn atá déanta i ndáil le tacar lárnach tograí maidir le hiompar de bhóthar. Is cuid den phacáiste soghluaisteachta a thíolaic an Coimisiún i mí Bealtaine na bliana seo iad. Cumhdaítear leo rochtain ar ghairm an oibreora iompair, rochtain ar an margadh lena n-áirítear cabatáiste, agus dálaí oibre tiománaithe. Áirítear leis na rialacha a bheartaítear maidir le dálaí oibre tarlóirí a fheabhsú forálacha nua maidir le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar, chomh maith le rialacha maidir le tiomáint agus maidir le ham scíthe do thiománaithe. “Tá an-dul chun cinn déanta againn maidir le roinnt gnéithe de na tograí seo ach tá gá le níos mó iarrachta, go háirithe maidir le tiománaithe arna bpostú agus rialacha cabatáiste. Tá súil agam go dtiocfaidh dul chun cinn suntasach ar na tograí seo as an obair atá déanta go dtí seo againn agus as díospóireacht an lae inniu, agus tá súil agam ach go háirithe go mbeimid in ann bogadh ar aghaidh ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach”, a dúirt Kadri Simson, Uachtarán na Comhairle agus an tAire Gnóthaí Eacnamaíocha agus Bonneagair.
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí i dtaca le tograí maidir lemuirearú bóithre, ar cuid den phacáiste céanna ar iompar de bhóthar iad. Áirítear orthu sin Treoir Eoraifínéad atá beartaithe, lena ndírítear ar an bprionsabal an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus ar an bprionsabal 'íoc mar a úsáidtear' a atreisiú, agus treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Eorpacha Ríomhbhailiúcháin Dolaí (SERD), lena n-éascófaí úsáid na dolaí leictreonacha ar fud an Aontais. Beidh tuairimí na n-airí mar bhonn do thuilleadh oibre maidir leis na tograí sin.
Mheas an Chomhairle an dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis an rialachán atá beartaithe maidir le hiomaíocht in earnáil an aeriompair a chosaint. Is é is aidhm don rialachán sin iomaíocht chóir a áirithiú idir aerlínte an Aontais Eorpaigh agus iompróirí tríú tíortha agus dálaí a chaomhnú ag an am céanna a bheidh fabhrach do leibhéal ard nascthachta.
Ghlac an Chomhairle trí shraith de chonclúidí freisin: maidir leis an dul chun cinn ar na gréasáin tras-Eorpacha iompair (TEN-T) agus ar an Saoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) don iompar; maidir le digitiú iompair; agus an meastóireacht mheántéarma ar chlár Galileo, agus ar chlár EGNOS agus ar an gGníomhaireacht Eorpach GNSS. “Leis an trí shraith conclúidí seo, léirítear an tábhacht a bhaineann leis an nascthacht agus an nuálaíocht d’Uachtaránacht na hEastóine. Baineann siad uile leis an gcomhar ar an leibhéal Eorpach agus beidh ár saoránaigh in ann bogadh thart níos éasca agus beidh siad níos sábháilte agus níos compordaí a bhuí dóibh”, a dúirt an tAire Simson.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Cúlra faisnéise - Teileachumarsáid
- Cúlra faisnéise - Iompar
- Liosta míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 4-5 Nollaig 2017
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, an 4-5 Nollaig 2017
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 4 agus 5 Nollaig 2017
- Clár táscach - an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 4 agus 5 Nollaig 2017
Preaseisiúintí
- Iompar a dhigitiú - conclúidí ón gComhairle
- 05/12/2017
- An Gréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) - an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme
- 05/12/2017
- Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC): A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
- 04/12/2017
- Frithdhumpáil: Rialacha nua glactha ag an gComhairle i gcoinne cleachtais éagóracha trádála
- 04/12/2017
- Córas coiteann de theastais ghairmiúla le bheith ag earnáil loingseoireachta intíre an Aontais - gníomh dlíthiúil glactha ag an gComhairle
- 04/12/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025