Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 11/06/2018, 11 Meitheamh 2018

Highlights from the Energy Council of 11 June 2018, held in Luxembourg
The EU agency for cooperation of energy regulators (ACER) ensures smooth flow of electricity and natural gas across borders

Na príomhthorthaí

An Rialachán maidir le ACER

I seisiún poiblí, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh i dtaca leis an Rialachán maidir le ACER, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh. Ó bunaíodh í in 2011, tá feabhas curtha ag ACER ar an gcomhordú idir rialálaithe fuinnimh agus iad ag plé le saincheisteanna trasteorann. Tá dlúth-idirnascacht idir eangach leictreachais an Aontais agus is mó anois is gá do thíortha comharsanachta dul i mbun comhair chun cobhsaíocht na heangaí a choinneáil agus toilleadh mór d'fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú. Ní dheonófar cúraimí agus inniúlachtaí nua rialála ar an ngníomhaireacht ach amháin sa chás go mbeidh baint leordhóthanach ag na Ballstáit léi.

Tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh, i dtionól na n-airí fuinnimh, ar chomhaontú maidir le téacs le haghaidh cur chuige ginearálta maidir le togra lena ndéanfar athbhreithniú ar rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh. Is é an gníomh deireanach dlí de chuid an phacáiste um fhuinneamh glan do gach Eorpach é an togra le haghaidh rialachán ACER a athbhreithniú, ar shocraigh an Chomhairle cur chuige ginearálta ina leith, ar deireadh. Tá Uachtaránacht na Bulgáire ag obair go dian dícheallach chun teacht ar chomhréitigh maidir leis na seasaimh éagsúla, seasaimh a tharraing na toscaireachtaí anuas, d'fhonn cothromaíocht chuí a bhaint amach sa téacs. Beidh an deis ann, trí chur chuige ginearálta a bhaint amach, réamhsheasamh na Comhairle a leagan amach mar bhunús don ullmhúchán don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa. Temenuzhka Petkova, Aire Fuinnimh na Bulgáire

Rialachas an Aontais Fuinnimh, an treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite agus an treoir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh

I seisiún poiblí, thug an Chomhairle dá haire an fhaisnéis ón Uachtaránacht maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca le trí chomhad an phacáiste um fhuinneamh glan maidir le rialachas, leis an bhfuinneamh in-athnuaite agus leis an éifeachtúlacht fuinnimh. Cuireadh aon cheann déag de chruinnithe trípháirteacha ar bun, ó mhí Feabhra. Tá an chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa faoi lán seoil anois. Ar na príomh-shaincheisteanna atá fós gan comhaontú tá leibhéal na spriocanna, ranníocaíochtaí, agus conairí.

Caidreamh seachtrach i ndáil le fuinneamh

Bhí an deis ag na hairí éisteacht a thabhairt do chur i láthair ón gCoimisiún maidir le caidreamh seachtrach i ndáil le fuinneamh, lenar cumhdaíodh an Éigipt, an Úcráin, na Balcáin Thiar, an Iaráin, Comhdháil Airí maidir le Fuinneamh Glan agus Misean na Nuálaíochta.

Uachtaránacht inteachta na hOstaire

Leag toscaireacht na hOstaire amach a gclár oibre agus a dtosaíochtaí don sé mhí atá amach romhainn i réimse an bheartais fhuinnimh.

Is cuid ríthábhachtach é an pacáiste fuinnimh ghlain den Aontas Fuinnimh.
Fuinneamh glan do mhuintir na hEorpa: Ríthábhachtach chun an tAontas Fuinnimh a thabhairt chun cinn (Grafaic faisnéise)

Fuinneamh glan do mhuintir na hEorpa: Ríthábhachtach chun an tAontas Fuinnimh a thabhairt chun cinn (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025