Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar), 07/06/2018, 7 Meitheamh 2018

Na príomhthorthaí

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta i leith an rialacháin atá beartaithe maidir leis an iomaíocht in earnáil an aeriompair a chosaint. Dírítear leis an rialachán sin ar iomaíocht chóir a áirithiú idir aerlínte de chuid an Aontais Eorpaigh agus iompróirí tríú tíortha agus dálaí a chaomhnú ag an am céanna a bheidh fabhrach do leibhéal ard nascachta.

Tá tionchar ollmhór ag an earnáil aeriompair ar gheilleagar an Aontais, as a dtagann sár-nuálaíochtaí teicneolaíochta, tuilleadh post agus nascacht níos fearr do na saoránaigh, laistigh den Aontas agus leis an gcuid eile den domhan. Nuair a ghlacfar an ionstraim sin, beidh uirlis ag earnáil eitlíochta na hEorpa atá cosúil leo siúd a bhfuil fáil orthu ar leibhéal idirnáisiúnta i réimsí eile gníomhaíochta tráchtála. Ivaylo Moskovski, Aire Iompair, Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide na Bulgáire

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta i ndáil le dréacht-treoir maidir le saoráidí glactha calafoirt lena ndírítear ar chosc a chur ar dhumpáil dramhaíola ar muir.

Ina theannta sin, chomhaontaigh an Chomhairle cur chuige ginearálta i ndáil le rialacha nuashonraithe maidir le dolaí leictreonacha ar bhóithre agus malartú faisnéise.

Phléigh na hairí príomhthograí a bhaineann le hearnáil an iompair de bhóthar, lena ndírítear ar choinníollacha leordhóthanacha sóisialta a áirithiú do thiománaithe chomh maith le margadh aonair cothrom dea-fheidhmiúil. Áirítear ar na tograí sin rialacha maidir le hamanna tiomána agus scíthe tarlóirí, ionadú trí bhíthin tacagraf, postú tiománaithe a oibríonn i mBallstáit eile, cabatáiste agus rialacha bunaíochta d'oibreoirí iompair de bhóthair.

Chomh maith leis sin, mheas na hairí an dul chun cinn atá déanta maidir le tograí chun iompar traschórais agus feithiclí glana iompair de bhóthar a chur chun cinn. Rinne siad a marana chomh maith ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil le togra chun cearta paisinéirí iarnróid a nuashonrú.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025