Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar), 03/12/2018, 3 Nollaig 2018

Na príomhthorthaí

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh (cur chuige ginearálta) maidir le hathchóiriú ríthábhachtach ar earnáil an iompair de bhóthar, lena n-áirítear dálaí oibre tiománaithe, rialacha speisialta do thiománaithe in iompar idirnáisiúnta maidir le postú, rochtain ar an margadh tarlaithe de bhóthar, agus forfheidhmiú feabhsaithe.

Leis an athchóiriú sin, tabharfar soiléireacht a bhfuil géarghá léi don earnáil tarlaithe de bhóthar. Tá toradh cothrom bainte amach againn, lena n-áirithítear dálaí córa oibre do thiománaithe, margadh aonair dea-fheidhmiúil do chuideachtaí iompair agus modhanna rialaithe éifeachtacha agus comhar d'údaráis forfheidhmiúcháin. Norbert Hofer, Aire Iompair, Nuálaíochta agus Teicneolaíochta na hOstaire, Uachtarán na Comhairle

Ina theannta sin, tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir le togra chun an t-iompar traschórais a dhéanamh níos iomaíche i gcomparáid le hiompar lasta de bhóthar amháin.

Ghlac an Chomhairle a seasamh (cur chuige páirteach ginearálta) maidir le togra chun a áirithiú go leanfaidh clár suaitheanta an Aontais dar theideal an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) de thionscadail ríthábhachtacha in earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus san earnáil dhigiteach a chistiú tar éis 2020.

Tá an tsaoráid ann chun cabhrú leis na Ballstáit an dícharbónú a bhaint amach, an t-aistriú digiteach a dhéanamh agus soghluaisteacht níos fearr a fhorbairt. Norbert Hofer, Aire Iompair, Nuálaíochta agus Teicneolaíochta na hOstaire, Uachtarán na Comhairle

Ina theannta sin, tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir le tograí chun bainistiú sábháilteachta bonneagair bóithre a neartú, ionad ilfhreastail mhuirí Eorpach a bhunú le haghaidh foirmiúlachtaí tuairiscithe long, agus rialacha maidir le hoiliúint a chur ar mharaithe a chuíchóiriú.

Rinne na hairí measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le roinnt tograí, lena n-áirítear deireadh a chur le hathruithe ama séasúracha agus cearta paisinéirí iarnróid a thabhairt cothrom le dáta.

Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le hiompar ar uiscebhealaí intíre.

Príomhphointí ó chruinniú na Comhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar) a bhí ar siúl sa Bhruiséil ar an 3 Nollaig 2018

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025