Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Teileachumarsáid), 08/06/2018, 8 Meitheamh 2018

Na príomhthorthaí

Chomhaontaigh an Chomhairle a cur chuige ginearálta i leith Gníomh um Chibearshlándáil atá beartaithe. Is é is aidhm don togra creat deimhniúcháin cibearshlándála uile-Eorpach a chruthú do tháirgí agus seirbhísí theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC), agus uasghrádú a dhéanamh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA) chun go mbeidh sí ina gníomhaireacht bhuan cibearshlándála don Aontas.

Is mian linn uile go mbeadh ár gcuid feistí slán. Leis an gcreat nua deimhniúcháin seo, méadófar ar an iontaoibh agus ar an muinín a chuirfear i réitigh dhigiteacha nuálacha. Ivaylo Moskovski, Aire Iompair, Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide na Bulgáire.

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí faoi thogra maidir le rialacha príobháideachais a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh cumarsáid leictreonach (r-phríobháideachas). Is é cuspóir an dréachtrialacháin a áirithiú go mbeidh leibhéal ard cosanta ar shaol príobháideach, cumarsáid agus sonraí pearsanta in earnáil na cumarsáide leictreonaí, agus cothrom na Féinne a chruthú do sholáthraithe seirbhísí éagsúla.

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí chomh maith faoi dhréacht-treoir maidir le hathúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí a chur chun cinn. Is é is aidhm don togra geilleagar sonraí an Aontais a neartú trí mhéadú a dhéanamh ar an méid sonraí san earnáil phoiblí atá ar fáil lena n-athúsáid, iomaíocht chóir a áirithiú agus nuálaíocht trasteorann a spreagadh, agus í bunaithe ar shonraí. Beidh an díospóireacht mar threoir don obair a dhéanfar ar an togra amach anseo.

Cén chaoi agus cén fáth chun an chibearshlándáil san AE a fheabhsú?
Cibearshlándáil AE (Grafaic faisnéise)

Cibearshlándáil AE (Grafaic faisnéise)

Ina theannta sin, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí maidir le cód cumarsáide leictreonaí Eorpach agus sainordú nuashonraithe do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC). Tháinig an Uachtaránacht ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa maidir leis an dá thogra ar an 5 Meitheamh.

Chomh maith leis sin, roinn sí an t-eolas is déanaí faoin dréachtrialachán maidir le saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta. Is é an cuspóir atá ann teacht ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa faoi dheireadh mhí an Mheithimh.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025