Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Teileachumarsáid), 04/12/2018, 4 Nollaig 2018

Na príomhthorthaí

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh (cur chuige páirteach ginearálta) maidir le clár cistiúcháin AE atá beartaithe a dtugtar an Eoraip Dhigiteach air, atá ceaptha chun tacú le claochlú digiteach shochaithe agus gheilleagair na hEorpa. Cumhdaítear leis cúig réimse ríthábhachtacha: an tsár-ríomhaireacht, an intleacht shaorga, an chibearshlándáil, ardscileanna digiteacha agus úsáid fhorleathan teicneolaíochtaí digiteacha ar fud an gheilleagair agus na sochaí.

Cabhróidh an Eoraip Dhigiteach a áirithiú go mbainfidh saoránaigh, gnólachtaí agus córais riaracháin an leas is fearr as na deiseanna ollmhóra a chuirtear ar fáil le digitiú. Ba cheart go spreagfadh an meascán de thacaíocht airgeadais agus saineolais, atá ar fáil mar shampla ón líonra de mhoil dhigiteacha Eorpacha, fiú an chuid is lú de na cuideachtaí chun rioscaí a ghlacadh agus a bheith nuálach. Tabharfaidh sé sin ról cadhnaíochta leanúnach don Eoraip i réimsí amhail an róbataic agus an intleacht shaorga. Norbert Hofer, Aire Iompair, Nuálaíochta agus Teicneolaíochta na hOstaire, agus Uachtarán na Comhairle

Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle, gan phlé, athchóiriú tábhachtach teileachumarsáide, lena gcuimsítear Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach agus sainordú nuashonraithe do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC).. Leis na rialacha nua, cuirfear chun cinn seoladh tapa 5G ar fud na hEorpa, agus spreagfar an nuálaíocht agus neartófar cosaint tomhaltóirí i réimse na cumarsáide leictreonaí.

Ghlac muid inniu athchóiriú fadréimseach na cumarsáide leictreonaí, rud a áiritheoidh nascacht mhóibíleach sheasta ardcháilíochta a bheith ar fáil do gach duine agus a neartóidh cosaint tomhaltóirí. Leis na rialacha nua, tabharfar isteach freisin ‘aisiompú 112’,córas rabhaidh phoiblí chun beatha daoine a shábháil, agus uasteorainneacha praghais do ghlaonna agus teachtaireachtaí téacs laistigh den Aontas, deascéala do chách. Norbert Hofer, Aire Iompair, Nuálaíochta agus Teicneolaíochta na hOstaire, agus Uachtarán na Comhairle

Rinne na hairí machnamh freisin ar an dul chun cinn atá déanta leis an togra chun Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus líonra de Lárionaid Comhordúcháin Náisiúnta a chur ar bun. Is é is aidhm leis an dréachtrialachán, struchtúr éifeachtúil a chur ar bun chun acmhainneacht taighde cibearshlándála a chomhthiomsú agus a roinnt, agus chun réitigh chibearshlándála nuálacha a lonnú.

Chomh maith leis sin, rinne na hairí an dul chun cinn ar thogra chun nuashonrú a dhéanamh ar rialacha príobháideachais don chumarsáid leictreonach (r-phríobháideachas) a mheas agus mhalartaigh siad tuairimí ina leith. Tá sé i gceist leis an togra seo, leibhéal ard cosanta ar shaol príobháideach agus ar chumarsáid agus sonraí pearsanta in earnáil na cumarsáide leictreonaí a áirithiú, agus cothrom na Féinne a chruthú do sholáthraithe seirbhísí éagsúla. Leis an malartú tuairimí cuireadh treoir ar fáil chun tuilleadh oibre a dhéanamh ar an togra.

Thug an uachtaránacht na hairí suas chun dáta maidir le trí thogra a bhfuil caibidlíocht ar siúl ina leith faoi láthair i bParlaimint na hEorpa, nó atá le tosú: athúsáid fhaisnéis na hearnála poiblí; cur chun feidhme ainm fearainn barrleibhéil .eu; agus an Gníomh um Chibearshlándáil.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025