Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 19/12/2018, 19 Nollaig 2018

Na príomhthorthaí

D'éist an Chomhairle le staid na himeartha i ndáil leis na comhaid ar an bpacáiste fuinnimh ghlain.

Is díol sásaimh dom é gur éirigh linn clabhsúr a chur ar an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa inné maidir leis an dá chomhad ar dhearadh an mhargaidh leictreachais. Fágann sé sin, ar choinníoll go ndearbhóidh ambasadóirí an Aontais an toradh, go bhfuil comhaontú polaitiúil againn maidir leis an bpacáiste fuinnimh ghlain ina iomláine. Cuirfidh sé sin tairbhí ar fáil do thomhaltóirí trí phraghsanna níos ísle agus tuilleadh deiseanna a bheith gníomhach sa mhargadh leictreachais. Ag an am céanna, neartaíonn sé slándáil an tsoláthair fuinnimh agus cabhraíonn sé linn ár gcion oibre a dhéanamh ar son Chomhaontú Pháras. Is céim thábhachtach é de chur i gcrích an Aontais Fuinnimh. Elisabeth Köstinger, Aire Inbhuanaitheachta agus Turasóireachta na hOstaire, agus cathaoirleach na Comhairle
Príomhphointí na Comhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), ar an 19 Nollaig 2018 sa Bhruiséil.

Ghlac an Chomhairle go foirmiúil le trí cinn de phíosaí reachtaíochta faoin bpacáiste fuinnimh ghlain ar an 4 Nollaig:

  • an rialachán maidir le rialachas an Aontais Fuinnimh
  • an treoir maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh
  • an treoir maidir leis an bhfuinneamh inathnuaite

Baineadh amach comhaontuithe polaitiúla maidir leis na ceithre chomhad atá fágtha den Phacáiste Fuinnimh Ghlain, mar atá, riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais, an treoir agus an rialachán maidir leis an margadh inmheánach leictreachais agus an rialachán maidir le gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh do rialálaithe fuinnimh (ACER), le linn Uachtaránacht na hOstaire.

Is cuid ríthábhachtach é an pacáiste fuinnimh ghlain den Aontas Fuinnimh.
Fuinneamh glan do mhuintir na hEorpa: Ríthábhachtach chun an tAontas Fuinnimh a thabhairt chun cinn (Grafaic faisnéise)

Fuinneamh glan do mhuintir na hEorpa: Ríthábhachtach chun an tAontas Fuinnimh a thabhairt chun cinn (Grafaic faisnéise)

Thíolaic an Coimisiún a theachtaireacht dar teideal A Clean Planet for all: A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate-neutral economy [Pláinéad Glan do Chách:Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach de gheilleagar rathúil nua-aimseartha iomaíoch agus é neodrach ó thaobh díobháil aeráide de], a foilsíodh ar an 28 Samhain. Nuair a bhí an cur i láthair críochnaithe, mhalartaigh na hairí a dtuairimí ar an ábhar.

Tabharfaidh an Uachtaránacht na hairí cothrom le dáta maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF). Tháinig an Chomhairle Iompair ar chur chuige ginearálta páirteach maidir le tionscnamh CEF ar an 3 Nollaig.

Faoi aon ghnó eile, cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi staid imeartha an athbhreithnithe atá á dhéanamh ar an treoir maidir le gás. Bhain pointí breise le hobair leantach an "Tionscnaimh Hidrigine" a seoladh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí fuinnimh in Linz i mí Mheán Fómhair 2018, agus le heolas maidir le gníomhaíochtaí an Aontais i réimse an fhuinnimh mhuirí agus le forbairtí le déanaí i réimse an chaidrimh sheachtraigh i ndáil le fuinneamh.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025