- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Teileachumarsáid), 07/06/2019, 7 Meitheamh 2019
Na príomhthorthaí
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle agus glacfaidh sí conclúidí maidir le hEoraip ard-digiteach tar éis 2020: 'Borradh a chur faoin iomaíochas digiteach agus eacnamaíoch ar fud an Aontais agus comhtháthú digiteach'. Cuireann an díospóireacht agus na conclúidí treoir ar fáil do chéimeanna breise i leith na saincheisteanna sin.
Bhí díospóireacht thar a bheith dearfach againn inniu maidir le príomhthosaíochtaí agus príomhdhúshláin bheartas digiteach na hEorpa, lena n-áirítear claochlú digiteach, agus maidir leis an gcaoi is fearr le dul i ngleic leo. Leanfaimid dár gcuid oibre maidir le cur ar chumas an Aontais a iomaíochas domhanda a fheabhsú. Cuimsíonn sé seo nuálaíocht a chur chun cinn, tacú le príomhtheicneolaíochtaí, scileanna digiteacha a fheabhsú, ár n-acmhainneacht chibearshlándála a fheabhsú, agus méadú a dhéanamh ar líon na mban san earnáil. Mar chuid den obair sin, tá sé ríthábhachtach go nglacfaidh gach gnólacht, cuideachtaí beaga san áireamh, an intleacht shaorga go mear. Ní mór díriú sa bheartas a bheidh againn amach anseo ar shaincheisteanna amhail éagothromaíochtaí digiteacha chomh maith, le háirithiú nach ligfear do dhuine ar bith titim ar gcúl. Alexandru Petrescu, Aire Cumarsáide agus Sochaí Faisnéise na Rómáine, cathaoirleach an chruinnithe den Chomhairle
Chomhaontaigh na hairí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag Comhdháil Dhomhanda Radachumarsáide 2019 (WRC-19) de chuid an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU).
Thug na hairí dá n-aire an tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le togra chun nuashonrú a dhéanamh ar rialacha príobháideachais don chumarsáid leictreonach (r-phríobháideachas).
Faoi ‘Aon ghnó eile’, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi shainchomhaid reachtacha atá ann faoi láthair: clár na hEorpa Digití, Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Comhordúcháin. Ba dhíol sásaimh don Uachtaránacht chomh maith gur glacadh an treoir maidir le sonraí oscailte agus faisnéis na hearnála poiblí an lá roimhe sin.
Thug an Uachtaránacht forbhreathnú ar na hócáidí ba thábhachtaí a reáchtáil an Uachtaránacht sa Rómáin. Chuir toscaireacht na Seice na hairí ar an eolas faoi chomhdháil slándála 5G Phrág, agus chuir Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais eolas ar fáil faoi na gnéithe forfheidhmithe dlí agus breithiúnacha a bhaineann le 5G. Chuir Uachtaránacht nua na Fionlainne a clár oibre i láthair chomh maith.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025