Margadh aonair digiteach don Eoraip
Is é is aidhm don straitéis maidir leis an margadh aonair digiteach a áirithiú go mbaineann geilleagar, tionscal agus sochaí na hEorpa lántairbhe as an ré úr dhigiteach. I dteannta na ríomhréiteach agus sonraí, agus seirbhísí trasteorann digiteacha, is dlúthchuid é de thionscadal an Aontais le haghaidh Eoraip dhigiteach.
Tá an tAontas tosaithe cheana féin ar mhargadh aonair digiteach a chruthú a bheidh saor agus slán ina bhféadfaidh daoine siopadóireacht a dhéanamh ar líne thar theorainneacha agus ina bhféadfaidh gnólachtaí a dtáirgí a dhíol ar líne ar fud an Aontais.
Leis an straitéis maidir le margadh aonair digiteach, a mhol an Coimisiún Eorpach sa bhliain 2015, leagadh an bhunsraith do shochaí dhigiteach aontaithe inbhuanaithe Eorpach. Ina dhiaidh sin, sna blianta 2016 agus 2017, rinneadh roinnt mórghníomhartha suntasacha:
- cuireadh deireadh le táillí fánaíochta
- nuachóiriú ar chosaint sonraí
- inaistritheacht trasteorann ábhair ar líne
- an comhaontú chun leas a bhaint as an ríomhthráchtáil trí stop a chur le geobhlocáil éagórach
Maidir lena ndéanfar feasta, is é is aidhm don straitéis sin geilleagar digiteach an Aontais a mhéadú a thuilleadh agus na ballaí rialála idir Ballstáit an Aontais a leagan.
An tAontas sa ré úr dhigiteach
- cheana féin, d'fhéadfadh an teicneolaíocht 45% de na tascanna a dhéanann daoine gach lá ag an obair a uathoibriú
- 65% de na páistí sin atá díreach tar éis tosú ar scoil, is ag obair in earnálacha fostaíochta nach ann dóibh fós a bheidh siad amach anseo
- ní dhéanann ach 7% de ghnólachtaí beaga agus meánmhéide earraí a dhíol ar líne i dtír eile de chuid an Aontais Eorpaigh
- dá gcuirfí deireadh le bacainní ar logánú sonraí, chuirfí borradh dar luach €8 mbilliún faoi OTI an Aontais
Cén fáth a bhfuil sé de dhíth orainn?
Bíonn tionchar ag an athrú teicneolaíochta ar gach gné de shaol an lae inniu, an t-oideachas, an fhostaíocht agus an córas leasa shóisialta san áireamh. Tá an t-athrú ag tarlú cheana, ar luas lasrach. Mar shampla, tá roinnt catagóirí post ann a mbíonn gá le scileanna digiteacha i gcás suas le 90% de na róil iontu.
Ní mór don Eoraip fearadh na fáilte a chur roimh na hathruithe sin chun a cuid saoránach a chosaint agus chun cabhrú leo na deiseanna nua seo a thapú. Meastar mar shampla go mbeidh ioncam dar luach €1.25 trilliún faoin mbliain 2025 ag an Aontas de bharr dhigitiú na monaraíochta.
Is mian leis an Aontas an ré dhigiteach a dhearadh ionas go mbeidh an mhuinín, an tslándáil agus ríomhsheirbhísí rialtais ina ndlúthchuid di. Is féidir neart eile a dhéanamh chun é sin a chur chun cinn. Mar shampla, faoi láthair ní dhéanann ach 15% de shaoránaigh an Aontais siopadóireacht ar líne i dtír eile.
D'fhéadfadh margadh aonair digiteach lánfheidhmiúil suas le €415 bhilliún a chur le geilleagar an Aontais gach bliain. Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé deis a thabhairt don Aontas ceannaire digiteach domhanda a dhéanamh de féin. Chun leas a bhaint as an deis a bhaineann leis sin, tá athchóirithe móra beartaithe ag an Aontas, lena n-áirítear creat cóipchirt nua, rialachán maidir leis an ngeobhlocáil agus athchóirithe eile nach iad.
-
2020
9 MeitheamhConclúidí ón gComhairle: Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú
Ghlac an Chomhairle conclúidí lena dtugtar aghaidh ar raon leathan saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme straitéis dhigiteach an Aontais. Is iad seo a leanas na réimsí a chlúdaítear sna conclúidí:
- an nascacht
- slabhraí luacha digiteacha
- r-shláinte
- an geilleagar sonraí
- an intleacht shaorga
- ardáin dhigiteacha
Leagtar béim sa téacs freisin ar thionchar an chlaochlaithe dhigitigh ar dhul i ngleic leis an bpaindéim, agus ar an ról ríthábhachtach atá aige don téarnamh i ndiaidh COVID-19.
Ní hamháin go gcuideoidh an claochlú digiteach le dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte atá ann faoi láthair, ach beidh sé ina inneall ríthábhachtach freisin don téarnamh eacnamaíoch, don fhás glas agus do neamhspleáchas straitéiseach an Aontais. Oleg Butković, Aire Gnóthaí Mara, Iompair agus Bonneagair na Cróite, uachtaránacht na Comhairle -
2019
14 MeitheamhOibleagáidí trédhearcachta d'ardáin ar líne tugtha isteach ag an Aontas
Tá rialacha nua á dtabhairt isteach ag an Aontas Eorpach lena soláthrófar do ghnólachtaí timpeallacht ar líne a bheidh níos trédhearcaí, níos cothroime agus níos intuartha mar aon le córas éifeachtúil chun cúiteamh nó deisiúchán a iarraidh.
Ghlac an Chomhairle rialachán lena dtugtar aghaidh ar an gcaidreamh idir ardáin ar líne agus gnólachtaí.
Ar na hardáin ar líne a chumhdaítear leis an rialachán áirítear:
- margaí ar líne
- siopaí ar líne ina ndíoltar feidhmchláir bogearraí, agus/nó meáin shóisialta ar líne
Áirítear innill chuardaigh ar líne freisin – beag beann ar a n-áit bhunaíochta – ar choinníoll go bhfónann siad d'úsáideoirí gnó atá bunaithe laistigh den Aontas agus go soláthraíonn siad earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí atá lonnaithe laistigh den Aontas.
-
2019
7 MeitheamhFís an Aontais d'Eoraip dhigiteach: Gan duine ar bith a fhágáil ar an trá fholamh
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le hEoraip ard-digiteach tar éis 2020. 'Borradh a chur faoin iomaíochas digiteach agus eacnamaíoch ar fud an Aontais agus comhtháthú digiteach' an teideal atá ar an doiciméad gaolmhar.
Leagtar béim sna conclúidí ar na príomhthosaíochtaí agus ar na príomhdhúshláin atá roimh an Eoraip, má tá sí le bheith láidir, iomaíoch, nuálach agus ard-digiteach. Déanann siad tagairt do:
- tacú le nuálaíocht agus príomhtheicneolaíochtaí digiteacha Eorpacha a spreagadh
- prionsabail agus luachanna eiticiúlasan intleacht shaorga a urramú
- acmhainn chibearshlándála na hEorpa a neartú
- scileanna digiteacha a fheabhsú
- an tsochaí ghigighiotáin a fhorbairt, lena n-áirítear 5G
Leagtar béim iontu chomh maith ar an ngá atá le méadú a dhéanamh ar líon na mban san earnáil agus ar an ngá le cur ar chumas gach grúpa leochailigh leas a bhaint as tairbhí na digiteála ionas nach bhfágfar duine ar bith ar an trá fholamh.
-
2019
6 MeitheamhAn nuálaíocht dhigiteach: Infhaighteacht an phobail ar shonraí earnála poiblí méadaithe ag an Aontas
Tá raidhse mhór sonraí de chuid na hearnála poiblí á cur ar fáil ag an Aontas ar bhealach níos éasca chun gur féidir iad a athúsáid mar amhábhar don intleacht shaorga, don teicneolaíochtaí blocshlabhra, agus d'ardteicneolaíochtaí digiteacha eile.
Ghlac an Chomhairle rialacha nua inniu maidir le sonraí oscailte agus sonraí ón earnáil phoiblí a athúsáid. Meastar go gcuirfidh sé seo borradh faoin ngeilleagar sonraí san Aontas trí:
- rannchuidiú le sochaí shonraíbhunaithe a fhorbairt
- fás agus fostaíocht a spreagadh i ngach earnáil sa gheilleagar
Foilseofar an gníomh dlíthiúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh anois. Tiocfaidh sé i bhfeidhm 20 lá tar éis a fhoilsithe. Beidh dhá bhliain ag na Ballstáit ina dhiaidh sin chun na forálacha a ionchorprú sa dlí náisiúnta.
-
2019
15 AibreánTreoir maidir le cóipcheart glactha ag an gComhairle: rialacha nua don ré dhigiteach
Tá nuashonrú á dhéanamh ag an Aontas Eorpach ar dhlí an Aontais maidir le cóipcheart chun go mbeidh sé oiriúnach don fheidhm i dtimpeallacht dhigiteach an lae inniu.
Sa chomhthéacs sin, ghlac an Chomhairle treoir lena réiteofar an bealach chun go mbeidh margadh aonair digiteach mar is ceart ann. Cinnteofar leis na rialacha nua go mbeidh cosaint leordhóthanach ag údair agus ealaíontóirí agus, san am céanna, cruthófar féidearthachtaí nua maidir le hábhar atá faoi chosaint cóipchirt a rochtain agus a chomhroinnt ar líne ar fud an Aontais.
Leis an treoir, tugtar aghaidh ar shaincheisteanna éagsúla is féidir a chur i dtrí chatagóir:
- eisceachtaí ó chóipcheart a chur in oiriúint don timpeallacht dhigiteach agus trasteorann
- feabhas a chur ar chleachtais cheadúnúcháin chun rochtain níos leithne ar ábhar cruthaitheach a áirithiú
- margadh dea-fheidhmeach do chóipcheart a bhaint amach
Tar éis shíniú agus fhoilsiú na treorach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, beidh 24 mhí ag na Ballstáit chun na rialacha nua a thrasuí ina ndlí náisiúnta.
-
2019
13 MártaAn Clár don Eoraip Dhigiteach: margadh formhuinithe ag ambasadóirí an Aontais
Tá an tAontas ag tacú le digitiú an gheilleagair agus na sochaí trí chlár nua cistithe, an Eoraip Dhigiteach, a bhunú, don tréimhse 2021-2027.
Dhaingnigh ambasadóirí an Aontais an chomhthuiscint ar an togra, ar tháinig Uachtaránacht na Rómáine agus Parlaimint na hEorpa uirthi. Tá sé d'aidhm aige úsáid agus glacadh príomhtheicneolaíochtaí digiteacha ar mhórscála a chur chun cinn, amhail feidhmchláir intleachta saorga agus uirlisí cibearshlándála úrscothacha.
Eisiatar ón gcomhthuiscint saincheisteanna a bhaineann leis an mbuiséad agus saincheisteanna eile atá á bplé mar chuid den chaibidlíocht maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile de chuid an Aontais don tréimhse an tréimhse ó 2021-2027.
-
2019
20 FeabhraAn tAontas le trédhearcacht a fheabhsú agus gnó á dhéanamh trí ardáin ar líne
Tá rialacha nua á dtabhairt isteach ag an Aontas lena gcruthófar do ghnólachtaí timpeallacht atá níos trédhearcaí, níos cothroime agus níos intuartha d'ardáin ar líne.
D'fhormhuinigh ambasadóirí na mBallstát chuig an Aontas an comhaontú sealadach ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa ar an 13 Feabhra maidir le dréachtrialachán lena dtugtar aghaidh ar an gcaidreamh idir ardáin ar líne agus gnólachtaí.
Is é príomhchuspóir an rialacháin creat dlí a bhunú a ráthaíonn téarmaí agus coinníollacha trédhearcacha d'úsáideoirí gnó na n-ardán ar líne.
-
2019
14 FeabhraAthchóiriú ar chóipcheart: socrú sealadach chun rialacha a oiriúnú don ré dhigiteach
Tá a dhlí maidir le cóipcheart á nuashonrú ag an Aontais lena ndéanfar feabhas a chur ar chearta na gcruthaitheoirí ábhair, an creat dlí a shoiléiriú d'ardáin comhroinnte ábhair agus ríomhoideachas a éascú, i measc rudaí eile. Tháinig Uachtaránacht na Comhairle ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa.
-
2019
6 FeabhraA gheilleagar sonraí treisithe ag an Aontas: Margadh formheasta ag an gComhairle maidir le hathúsáid leathnaithe sonraí poiblí
Beidh fáil níos éasca agus níos tapúla ar lear mór sonraí atá á gcoinneáil ag an earnáil phoiblí, amhail sonraí meitéareolaíocha agus comhshaoil, chun táirgí agus seirbhísí nua a chruthú.
Dhaingnigh ambasadóirí na mBallstát an comhaontú inniu idir Uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa maidir le hathchóiriú a dhéanfaidh nuachóiriú ar rialacha an Aontais maidir le sonraí earnála poiblí a athúsáid. Spreagfaidh na rialacha nua nuálaíocht dhigiteach sa bhreis, go háirithe i réimse na hintleachta saorga.
-
2019
4 FeabhraDlí na gcuideachtaí san Aontas curtha in oiriúint don ré dhigiteach
Tá cinneadh déanta ag an Aontas a rialacha dlí cuideachtaí a athbhreithniú ionas go mbeidh siad oiriúnach don fheidhm sa ré dhigiteach. Is é atá beartaithe go gcuirfí le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cinnteacht dhlíthiúil na rialacha trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha.
Tháinig Uachtaránacht na Comhairle ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa maidir le dréacht-treoir lena n-éascófar réitigh ar líne i ndáil le teagmhálacha cuideachta le húdaráis phoiblí i rith a saolré.
-
2019
22 EanáirSonraí na hearnála poiblí a athúsáid ar bhonn níos leithne: margadh sealadach
Tá an tAontas ag méadú infhaighteacht agus athúsáid sonraí a mhaoinítear go poiblí. Cuirfidh sé seo go mór le hiomaíochas gheilleagar sonraí na hEorpa. Spreagfaidh sé forbairt ardteicneolaíochtaí amhail intleacht shaorga agus néalríomhaireacht.
Tháinig an Uachtaránacht ar réamhchomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha nua a ceapadh le:
- méadú a dhéanamh ar an soláthar sonraí le tacú leis an ngeilleagar agus le sochaí nua-aimseartha atá bunaithe ar shonraí
- úsáid sonraí oscailte san Aontas a chur chun cinn
Tá an réamhchomhaontú fós le faomhadh ag an gComhairle.
-
2018
19 NollaigMargadh formheasta ag an gComhairle maidir le rialacha nuashonraithe d'fhearann .eu
D'fhormheas ambasadóirí an Aontais an comhaontú sealadach maidir leis an athchóiriú ar rialacha rialachais an ainm fearainn .eu. Tháinig Uachtaránacht na Comhairle ar an margadh seo le Parlaimint na hEorpa ar an 5 Nollaig.
Is é .eu an t-ainm fearainn idirlín ardleibhéil de chuid an Aontais faoinar féidir le duine, eagraíocht nó gnó ar bith atá bunaithe san Aontas a n-ainm fearainn féin a chlárú; agus beidh saoránach Eorpach ar bith taobh amuigh den Aontas in ann é a úsáid chomh maith go luath. Féachtar air mar bhunchloch riachtanach don fhéiniúlacht Eorpach ar líne.
-
2018
13 NollaigFeabhas curtha ar rochtain trasteorann ar ábhar ar líne: rialacha nua comhaontaithe ag an Aontas
Tá bearta á ndéanamh ag an Aontas chun cláir theilifíse agus raidió ar líne a chur ar fáil ar bhealach níos éasca ar fud a chríche. Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach faoin treoir atá beartaithe.
Leis an treoir, cuirfear rogha níos leithne clár teilifíse agus raidió ar líne, de thionscnamh thíortha eile an Aontais, ar fáil do lucht féachana agus éisteachta i mBallstáit an Aontais. Beifear in ann é seo a dhéanamh ach an t-ábhar atá cosanta ag cóipcheart sna cláir sin a cheadúnú.
-
2018
5 NollaigDlí na gcuideachtaí curtha in oiriúint don ré dhigiteach: seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
Tá an tAontas ag déanamh nuachóiriú ar rialacha dhlí na gcuideachtaí le go mbeidh siad oiriúnach don fheidhm sa ré dhigiteach.
Tháinig ambasadóirí na mBallstát ar chomhaontú maidir le rialacha nua lena n-éascófar úsáid uirlisí digiteacha agus próiseas ar líne sa teagmháil a bhíonn ag cuideachta le húdaráis phoiblí i gcaitheamh a saolré.
-
2018
4 NollaigAn Clár don Eoraip Dhigiteach: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
Tá clár cistiúcháin nua á bhunú ag an Aontas, An Eoraip Dhigiteach, atá le seoladh in 2021 chun tacú le claochlú digiteach shochaithe agus gheilleagair na hEorpa.
D'aontaigh an Chomhairle a seasamh inniu ('cur chuige ginearálta páirteach') maidir leis an togra arb é is aidhm leis imscaradh mórscála príomhtheicneolaíochtaí digiteacha a mhéadú agus a nglacadh a spreagadh.
-
2018
29 SamhainGnó a dhéanamh trí ardáin ar líne: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
Tá an tAontas ag tabhairt isteach rialacha nua a thairgfidh timpeallacht ardáin ar líne atá níos trédhearcaí, níos cothroime agus níos intuartha d'úsáideoirí gnó san Aontas. Anuas air sin, tabharfaidh siad isteach córas éifeachtach le cúiteamh nó deisiúchán a iarraidh.
Tá an rialachán atá beartaithe ar an gcéad ghníomh de chuid an Aontais a dhíríonn ar an gcaidreamh idir ardáin ar líne agus na gnóthaí a bhíonn á n-úsáid.
-
2018
9 SamhainSaorshreabhadh sonraí: Rialacha nua glactha ag an Aontas Eorpach
Shínigh an Chomhairle an t-athchóiriú inniu lena meastar go gcuirfear deireadh le bacainní ar shaorghluaiseacht sonraí neamhphearsanta laistigh den Aontas.
Tá na rialacha nua ceaptha chun borradh a chur faoin ngeilleagar sonraí agus faoi fhorbairt teicneolaíochtaí nua amhail córais uathrialacha trasteorann agus an intleacht shaorga.
-
2018
7 SamhainComhroinnt sonraí ón earnáil phoiblí le neartú ag an Aontas: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
Tá an tAontas á dhéanamh níos fusa sonraí ón earnáil phoiblí a athúsáid. Chomhaontaigh ambasadóirí an Aontais seasamh caibidlíochta na Comhairle maidir le hathchóirithe a chuirfidh le hiarrachtaí níos leithne an Aontais soláthair sonraí a mhéadú rud a thacóidh leis an ngeilleagar.
Cuir i gcás, leis na rialacha nua beidh na nithe seo i gceist:
- a spreagadh go bhforbrófar agus go nglacfar le teicneolaíochtaí nua sonraíbhunaithe amhail intleacht shaorga
- tacú le sonraí oscailte a chur ar fáil níos forleithne san Aontas
-
2018
6 SamhainNíos lú den fhuathchaint agus níos mó d'ábhar Eorpach ar sheirbhísí fís-sruthaithe: Rialacha nua an Aontais glactha ag an gComhairle
Le rialacha nua an Aontais déanfar cothrom na Féinne a chruthú idir na seirbhísí teilifíse traidisiúnta agus i seirbhísí nua amhail craoladh ar éileamh.
Is é seo an chéad uair a bheidh ardáin comhroinnte físeán faoi réir rialacha lena n-áiritheofar gur fearr an chosaint ar ábhar foréigneach nó díobhálach nó fuathchaint a thabharfar do lucht féachana, go háirithe do mhionaoisigh.
Ghlac an Chomhairle an treoir nua ar an 6 Samhain. Is é seo an chéim dheiridh sa phróiseas reachtach.
-
2018
24 Deireadh FómhairRialacha nuashonraithe maidir leis an bhfearann .eu: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
Is éard is aidhm leis an seasamh comhaontaithe de chuid na Comhairle an fearann .eu a dhéanamh níos trédhearcaí agus an ceart chun clárú a leathnú chuig saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas.
Ina theannta sin, bheadh an t-athbhreithniú atá beartaithe ag teacht leis an rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí (RGCS).
Anois agus nach mór 4 mhilliún cláraithe, tá an fearann barrleibhéil .eu ar cheann de na fearainn barrleibhéil is mó atá ann d'fhearainn barrleibhéil cód tíre idirnáisiúnta. Cuireann sé le timpeallacht ar líne atá slán sábháilte agus áirithíonn sé láithreacht uile-Eorpach sa mhargadh digiteach domhanda.
-
2018
27 Meán FómhairTairseach aonair dhigiteach: Rialachán glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle inniu rialachán inar bunaíodh tairseach aonair dhigiteach. Tagann sé sin i ndiaidh comhaontú ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh.
Tabharfaidh an tairseach nua rochtain ar fhaisnéis agus nósanna imeachta ar líne mar aon le cúnamh agus seirbhísí réitigh fadhbanna a sholáthar don duine agus do chuideachtaí.
Uirlis chumhachtach bhreise a bheidh sa tairseach aonair dhigiteach don duine agus do chuideachtaí a bhaineann leas as an tsaoirse ghluaiseachta agus as an tsaoirse bhunaíochta i mBallstát eile. Beidh an rochtain chéanna le fáil gan stró ag cách ar fhaisnéis agus nósanna imeachta ar líne. Margarete Schramböck, Aire Cónaidhme na hOstaire um Ghnóthaí Digiteacha agus Eacnamaíocha -
2018
20 MeitheamhAn tairseach aonair dhigiteach: formhuiniú déanta ag na hambasadóirí
Rinne ambasadóirí na mBallstát chuig an Aontas Eorpach formhuiniú inniu ar chomhaontú chun tairseach aonair dhigiteach a bhunú a thabharfaidh rochtain ar líne ar fhaisnéis mhargadh inmheánach an Aontais. Comhaontaíodh an méid seo cheana féin idir Uachtaránacht na Bulgáire agus Parlaimint na hEorpa.
Beidh sé éasca ag daoine an tairseach aonair dhigiteach a úsáid agus feidhmeoidh sí mar phointe iontrála amháin a chuideoidh le saoránaigh agus gnólachtaí teacht ar fhaisnéis faoi chúrsaí oibre, cúrsaí scoir, cúrsaí staidéir nó cúrsaí gnó i mBallstát eile.
-
2018
25 BealtaineCóipcheart sa ré dhigiteach: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i ndáil leis an dréacht-treoir arb é is aidhm di an dlí maidir le cóipcheart AE a oiriúnú don timpeallacht dhigiteach.
Beidh an méid sin ina shainordú chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
Díríonn seasamh na Comhairle ar ghnéithe amhail:
- cosaint d'fhoilseacháin an phreasa – trí cheart nua a chruthú maidir le húsáid ar líne
- luachbhearna sa luach saothair – tríd an gcothromaíocht chuí a bhaint amach idir na híocaíochtaí d'údair agus brabúis na n-ardán ar líne
- comhar idir sealbhóirí cirt agus soláthraithe ábhair ar líne – trí rialú a dhéanamh go bhfaigheadh na soláthraithe sin údarú ó shealbhóirí cirt.
-
2018
12 AibreánRialacha glactha ag an gComhairle maidir le beartseachadadh trasteorann
Tá an ríomhthráchtáil á neartú ag an Aontas trí chomparáid taraifí ar fud an Aontais a éascú do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí Aontais. Ina theannta seo beidh cumhachtaí méadaithe ag rialtóirí chun faireachán a dhéanamh ar an margadh casta seo. Ghlac an Chomhairle na rialacha nua tar éis teacht ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa ar an 13 Nollaig 2017.
Ar an gcaoi sin, tá gné eile de mhargadh aonair digiteach an Aontais tugtha chun críche.
"Leis na rialacha sin, beidh sé níos fusa teacht ar fhaisnéis faoi roghanna éagsúla beartseachadta - lena n-áirítear faisnéis faoi sheirbhísí rianaithe agus lorgaireachta." Ivaylo Moskovski, Aire Iompair, Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide na Bulgáire -
2018
27 FeabhraAn Gheobhlocáil: Rialachán glactha ag an gComhairle maidir le bacainní ar r-thráchtáil a bhaint
Ghlac an Chomhairle rialachán maidir le cosc a chur ar gheobhlocáil éagórach sa mhargadh inmheánach.
Is éard is geobhlocáil ann cleachtas idirdhealaitheach lena gcuirtear cosc ar chustaiméirí rochtain a fháil ar tháirgí nó ar sheirbhísí nó táirgí nó seirbhísí a cheannach ó shuíomh gréasáin atá bunaithe i mBallstát eile.
Faoin dlí nua, déanfar bacainní ar r-thráchtáil a bhaint trí idirdhealú atá bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaíochta na gcustaiméirí a sheachaint.
-
2017
20 NollaigDeireadh a chur le bacainní ar shaorghluaiseacht sonraí: Seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
Tá rialacha nua á bhforbairt ag an Aontas ionas gur féidir le sonraí neamhphearsanta gluaiseacht faoi shaoirse agus go héasca thar theorainneacha.
Tá tagtha ar chomhaontú ag ambasadóirí an Aontais maidir le sainordú chun go gcuirfidh an uachtaránacht tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir leis an togra sin. Is é is aidhm dó borradh a chur faoi gheilleagar sonraí an Aontais trí dheireadh a chur le srianta, nach bhfuil údar ar bith leo, ar an suíomh geografach ina ndéanfar stóráil nó próiseáil sonraí.
Ag an am céanna, dhéanfadh an dlí nua a áirithiú go mbeadh rochtain ag na húdaráis ar shonraí a stóráiltear nó a phróiseáiltear i mBallstát eile, ionas go mbeidís in ann a gcuid dualgas a chomhlíonadh.
Go bunúsach is margadh aonair i gcomhair seirbhísí stórála agus próiseála sonraí, ar sampla í an néalríomhaireacht, a chruthófar leis na rialacha nua.
-
2017
20 NollaigAn margadh a rinneadh maidir le seirbhísí beartseachadta trasteorann formhuinithe ag an gComhairle
D'fhormheas ambasadóirí an Aontais rialacha nua inniu chun feabhas a chur ar sheirbhísí beartseachadta trasteorann trí tharaifí a dhéanamh níos trédhearcaí agus trí níos mó cumhachtaí a thabhairt do na rialaitheoirí faireachán a dhéanamh ar an margadh.
Tháinig an uachtaránacht ar chomhaontú sealadach faoin dréachtrialachán le Parlaimint na hEorpa ar an 13 Nollaig.
-
2017
15 NollaigTarchur trasteorann craoltaí: Sainordú le haghaidh caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa
Tháinig ambasadóirí an Aontais ar chomhaontú inniu i ndáil le seasamh na Comhairle maidir le togra lena n-éascófar tarchur agus atarchur digiteach na gclár teilifíse agus raidió sa mhargadh inmheánach.
Is ionann an seasamh seo agus sainordú don Chomhairle le dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa.
"Féadfaidh an dlí maidir le cóipcheart a bheith casta agus deacair a thuiscint, ach tá aidhm shimplí againn leis an rialachán seo: rochtain níos fearr ar chláir teilifíse agus raidió ó thíortha eile a thabhairt do dhaoine. Chun sin a bhaint amach, caithfimid é a dhéanamh níos fusa do chraoltóirí na cearta is gá a imréiteach." Urmas Reinsalu, Aire Ceartais na hEastóineTá sé mar aidhm ag an togra foráil a dhéanamh do scaipeadh níos leithne na gclár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstát eile de chuid an Aontais chun leasa úsáideoirí. Dhéanfaí sin ach ceadúnú cóipchirt ar ábhar atá cosanta a éascú sna cláir chlosamhairc sin.
Is sa gcaoi sin a mbainfeadh an tAontas príomhsprioc eile amach i leith an mhargaidh aonair dhigitigh: rochtain fheabhsaithe a áirithiú maidir leis na cláir theilifíse agus raidió ar fud an Aontais.
-
2017
14 NollaigBeartseachadadh trasteorann: Margadh sealadach maidir le rialacha nua
Tháinig Uachtaránacht na hEastóine ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha nua chun taraifí beartseachadta trasteorann a dhéanamh níos trédhearcaí. Leis an tionscnamh seo, bheadh níos mó cumhachtaí á dtabhairt do rialtóirí chun faireachán a dhéanamh ar mhargadh an bheartseachadta trasteorann.
Le rátaí seachadta trasteorann atá níos trédhearcaí spreagfar tomhaltóirí le roghnú as réimse níos leithne táirgí agus le níos mó a cheannach ar líne. Tabharfaidh siad deiseanna nua do mhiondíoltóirí freisin, go háirithe do ghnólachtaí beaga nach bhfuil an chumhacht mhargála acu le rátaí níos fearr a chaibidil.
-
2017
30 SamhainTairseach aonair dhigiteach: Comhaontaíonn an Chomhairle rochtain ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí a éascú
Ghlac an Chomhairle a seasamh maidir leis an tairseach aonair dhigiteach, lena gcuirfear faisnéis, nósanna imeachta agus cúnamh ar fáil ar líne do shaoránaigh agus do chuideachtaí.
Leis an seasamh sin - cur chuige ginearálta - is féidir tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
Leis an tairseach aonair dhigiteach déanfar roinnt líonraí agus seirbhísí a chomhtháthú ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun cabhrú le saoránaigh agus gnólachtaí a ngníomhaíochtaí trasteorann a sheoladh. Áirítear orthu siúd: na lárionaid Eorpacha do thomhaltóirí, An Eoraip Agatsa - Comhairle, SOLVIT, Deasc Chabhrach um Chearta Maoine Intleachtúla, Europe Direct agus an Líonra Fiontar Eorpach.
"Ní mór dúinn é a dhéanamh níos fusa dár muintir agus dár gcuideachtaí an fhaisnéis a theastaíonn uathu a aimsiú, is cuma cén áit san Aontas a bhfuil siad ina gcónaí, ina n-oibríonn siad nó ina ndéanann siad gnó. Is féidir sin a dhéanamh ar bhealach áisiúil trí ionad ilfhreastail ar líne a chruthú. Céim nua i dtreo dhigitiú trasteorann na seirbhísí poiblí agus céim eile chun Eoraip dhigiteach a bhaint amach is ea é." Kadri Simson, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha agus Bonneagair na hEastóine -
2017
30 SamhainCosaint tomhaltóirí sa ré dhigiteach: Comhar ar fud an Aontais neartaithe ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle rialachán chun an comhar a neartú idir údaráis náisiúnta an Aontais atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú.
Ní mór do chosaint éifeachtach tomhaltóirí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an gheilleagair dhigitigh agus ar fhorbairt na trádála miondíola trasteorann san Aontas.
Sin é an fáth a bhfuil sé mar aidhm ag an rialachán nua sásraí comhair a nuachóiriú chun go laghdófar a thuilleadh an díobháil a dhéanann sáruithe trasteorann ar dhlí tomhaltais an Aontais do thomhaltóirí.
Cuideoidh na rialacha nua le saoránaigh agus le cuideachtaí iontaoibh a bheith acu as an ríomhthráchtáil. Mar chuid den fhorbairt ar an margadh aonair digiteach, tugtar tuilleadh cumhachtaí do na húdaráis náisiúnta, leis an athbhreithniú sin ar an gcreat atá ann cheana maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí.
-
2017
29 SamhainAn Gheobhlocáil: Comhaontú daingnithe ag ambasadóirí an Aontais Eorpaigh chun ríomhthráchtáil a scaoileadh
Tháinig Uachtaránacht na hEastóine ar an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú chun geobhlocáil éagórach a thoirmeasc.
Tá sé mar aidhm don dréachtrialachán maidir le geobhlocáil, nach mór don dá institiúid é a ghlacadh, deireadh a chur leis an idirdhealú atá bunaithe ar náisiúntacht, ar áit chónaithe agus ar áit bhunaíochta na gcustaiméirí.
Is éard is geobhlocáil ann cleachtas idirdhealaitheach lena gcuirtear cosc ar chustaiméirí rochtain a fháil ar tháirgí nó ar sheirbhísí nó táirgí nó seirbhísí a cheannach ó shuíomh gréasáin atá bunaithe i mBallstát eile.
-
2017
20 SamhainD'iarr an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta go ndéanfaí cibearshlándáil an Aontais a neartú agus go gcuirfí feabhas ar an gcibear-athléimneacht ar fud an Aontais. Tá na cuspóirí sin i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leag an Chomhairle Eorpach síos i mí Dheireadh Fómhair 2017.
Leag na hairí béim ar an ngá go gcuirfeadh tíortha uile an Aontais ar fáil pé acmhainní agus infheistíocht ba ghá chun aghaidh a thabhairt ar an gcibearshlándáil. Ba dhíol sásaimh freisin do na hairí an tsraith seo thíos de phleananna nithiúla:
- líonra d'ionaid inniúlachta ar an gcibearshlándáil a bhunú ar fud an Aontais
- creat Eorpach deimhniúcháin cibearshlándála a thabhairt isteach
- na huirlisí forghníomhaithe dlí a chur ar fáil is gá chun dul i ngleic leis an gcibearchoireacht
- freagairt chomhordaithe ar leibhéal an Aontais a fhorbairt do chibeartheagmhais mhórscála
Ina theannta sin, leag an Chomhairle béim ar an nasc tábhachtach idir an mhuinín as an Eoraip dhigiteach agus an chibear-athléimneacht a bhaint amach ar fud an Aontais.
-
2017
25 Deireadh FómhairAn searmanas r-shínithe: an chéad phíosa reachtaíochta de chuid an Aontais sínithe go leictreonach
Den chéad uair riamh, cuireadh síniú leictreonach le gníomh reachtach de chuid an Aontais, ar an 25 Deireadh Fómhair i bParlaimint na hEorpa i Strasbourg. Rinne Uachtarán na Parlaiminte Eorpaí Antonio Tajani, agus Matti Maasikas – thar ceann Uachtaránacht na hEastóine ar an gComhairle – an rialachán athbhreithnithe maidir le slándáil an tsoláthair gáis, a shíniú go leictreonach, rud a réitíonn an bealach do theacht i bhfeidhm an rialacháin.
Is léiriú é an searmanas sin go bhfuil institiúidí an Aontais ag obair le chéile chun an claochlú digiteach a bhaint amach. Is léiriú é freisin ar thiomantas an Aontais "eIDAS" a chur chun feidhme, is é sin an rialachán don Aontas ar fad lena bhforáiltear do thimpeallacht rialála atá sothuartha agus a chumasaíonn idirghníomhú leictreonach, slán agus gan deacracht, idir gnólachtaí, saoránaigh agus údaráis phoiblí.
"Tá mé cinnte gur gearr anois gur mar seo a shíneoimid gach gníomh dlí feasta, toisc go bhfuil ciall lena leithéid. Sábhálann an r-shíniú páipéar, am agus airgead orainn." Matti Maasikas, Uachtaránacht na hEastóine ar an gComhairle
Síniú leictreonach a dhéanamh mar ghnáthchleachtas laethúil (Grafaic faisnéise)Síniú leictreonach a dhéanamh mar ghnáthchleachtas laethúil (Grafaic faisnéise)
-
2017
24 Deireadh FómhairAn margadh aonair digiteach: Na tosaíochtaí atá fágtha do 2017
Gheall an Chomhairle Teileachumarsáide dlús a chur leis an obair atá á déanamh ar mhargadh aonair digiteach an Aontais d'fhonn a áirithiú go dtabharfar an straitéis chun críche faoi dheireadh na bliana 2018.
Mar chuid den phróiseas sin, leag na hairí de chuspóir rompu comhaontuithe a bhaint amach - faoi dheireadh na bliana 2017 - maidir le trí thionscnamh thábhachtacha: an gheobhlocáil, na meáin chlosamhairc agus seachadadh beartán.
-
2017
19 Deireadh FómhairTosaíochtaí leagtha síos ag an gComhairle chun go n-éireoidh leis an Eoraip dhigiteach
Chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go bhfuil sí "faoi réir le gach a bhfuil riachtanach a dhéanamh ionas go gcrochfaidh an Eoraip a seolta sa saol digiteach", ag cur leis na conclúidí ó Chruinniú Mullaigh Digiteach Thaillinn a bhí ann ar an 29 Meán Fómhair.
D'fhéach na ceannairí ar na bealaí inar féidir leis an Aontas na deiseanna a bhaineann leis an digitiú a thapú agus na dúshláin a eascraíonn as a ghleic. Tháinig siad ar chomhaontú maidir le réimse tosaíochtaí amhail:
- rialtais agus earnálacha poiblí a tharraingt isteach sa ré dhigiteach le go mbeidh siad lánsáite inti
- straitéis an mhargaidh aonair dhigitigh a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2018
- bonneagar den chéad scoth agus líonra cumarsáide den chéad scoth a thógáil
- cur chuige coiteann don chibearshlándáil a ghlacadh
- dlús a chur leis na hiarrachtaí chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht ar líne a chomhrac
- córas cánachais a bheadh éifeachtach, cothrom agus oiriúnach don ré dhigiteach a bhaint amach.
-
2017
9 Deireadh FómhairGhlac an Chomhairle scéim 'WiFi4EU’ chun an t-idirlíon a chur ar fáil in aisce in áiteanna poiblí
Thug an Chomhairle cead don Aontas Eorpach urraíocht a dhéanamh ar phointí rochtana idirlín gan sreang in aisce in áiteanna poiblí.
Faoin scéim nua, ar a dtugtar WiFi4EU, tabharfaidh tairseach sho-aitheanta ilteangach rochtain ar nasc slán ardluais i 6000 pobal áitiúil ar a laghad ar fud an Aontais - faoi 2020. Dúirt Urve Palo, Aire Fiontraíochta agus Teicneolaíochta Faisnéise na hEastóine, an méid seo a leanas:
"Leis an scéim WiFi4EU, is fearr an rochtain a bheidh ag roinnt mhaith saoránach ar idirlíon ardcháilíochta. Tabharfaidh sé deis do bhardais áitiúla, leabharlanna agus comhlachtaí poiblí eile a gcuid seirbhísí digiteacha a chur chun cinn."
Táthar ag súil go seolfar an chéad ghlao ar thionscadail thart ar dheireadh na bliana nó go luath in 2018.
D'fhéadfadh sé go mbeadh cistiú iomlán dar luach €120 milliún á chur ar fáil don scéim ag an Aontas faoin mbliain 2019.
-
2017
29 Meán FómhairCruinniú Mullaigh Digiteach Thaillinn: Ceannairí an Aontais dírithe ar an 'réabhlóid dhigiteach'
Tháinig ceannairí an Aontais le chéile ag Cruinniú Mullaigh Digiteach Thaillinn le plé a dhéanamh ar an mbealach romhainn chun na tosaíochtaí a bhaint amach a thagann faoi scáth straitéis an Aontais maidir leis an margadh aonair digiteach.
‘Ócáid an-speisialta do thodhchaí na hEorpa’ an cur síos a thug Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk, ar an imeacht. Ina theannta sin, dúirt Donald Tusk go mbeadh an plé a rinneadh i dTaillinn mar bhunús leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair.
Thionólamar an cruinniú mullaigh seo ós rud é nach mór don Eoraip leas a bhaint as na deiseanna atá ann mar gheall ar an dul chun cinn mór millteach atá á dhéanamh, i ngach aon réimse ó róbataic go hintleacht shaorga. Ní mór dúinn ár dtodhchaí a mhúnlú ar bhealach gníomhach agus caithfimid na rioscaí a bhaineann leis an réabhlóid dhigiteach dár sochaithe agus dár stáit dhaonlathacha a bhainistiú." Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí -
2017
22 MeitheamhFís dhigiteach 'uaillmhianach' á hiarraidh ag ceannairí an Aontais
Chuir an Chomhairle Eorpach i dtreis a ríthábhachtaí atá fís dhigiteach uaillmhianach le haghaidh shochaí agus gheilleagar na hEorpa. Agus cruinniú mullaigh digiteachThaillinn ar siúl ón 29 Meán Fómhair, d'iarr ceannairí an Aontais go gcuirfí chun feidhme go hiomlán an straitéis maidir le margadh aonair digiteach:
"Is gá cur chuige iomlánaíoch a bheith ann má táimid chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn agus na deiseanna a eascróidh as an gceathrú réabhlóid thionsclaíoch a thapú."
Ba dhíol sásaimh do cheannairí an Aontais go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Eorpach an straitéis chibearshlándála a athbhreithniú agus tuilleadh gníomhaíochta a mholadh roimh dheireadh na bliana.
-
2017
21 MeitheamhAthchóiriú ar chomhar uile-Eorpach maidir le cosaint tomhaltóirí
Tháinig Uachtaránacht Mhálta ar réamh-chomhaontú le Parlaimint na hEorpa chun an comhar a neartú idir údaráis náisiúnta an Aontais maidir le dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú.
I measc na bpríomhábhar, bhí an méid seo a leanas:
- an comhrac i gcoinne sáruithe trasteorann - leis an athbhreithniú ar an gcomhar cosanta tomhaltóirí atá ann cheana, tabharfar níos mó cumhachtaí do na húdaráis náisiúnta
- muinín tomhaltóirí as an ríomhthráchtáil - údaráis forfheidhmithe phoiblí chun comhchuibhiú a mhéadú agus comhar éifeachtach a leagan síos
- cosaint tomhaltóirí a nuachóiriú - sa togra ón gCoimisiún i mí na Bealtaine 2016, áiríodh athchóiriú ar sheachadadh beartán trasteorann.
Is den riachtanas é muinín a bheith ag saoránaigh agus ag cuideachtaí as ríomhthráchtáil chun an margadh aonair digiteach a dhéanamh níos tarraingtí agus níos dinimiciúla. Beidh caomhnú níos fearr ann do chearta agus do leasanna na dtomhaltóirí. Chris Cardona, Aire Geilleagair, Infheistíochta agus Gnólachtaí Beaga Mhálta -
2017
14 MeitheamhDeireadh le táillí fánaíochta san Aontas Eorpach: dea-scéal
Ó bhí an 15 Meitheamh 2017 ann, níl feidhm ag táillí fánaíochta san Aontas Eorpach a thuilleadh. ‘Fíorghaisce Eorpach' an cur síos a rinneadh air sa chomhráiteas a d’eisigh Uachtaránacht Mhálta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach.
As seo amach, beidh saoránaigh a bhíonn ag taisteal laistigh den Aontas in ann glao a chur, téacs a sheoladh agus nascadh leis an idirlíon ar a ngléasanna soghluaiste ar an bpraghas céanna a d'íocfaidís sa bhaile. Tá sé ar cheann de na gaiscí is mó agus is nithiúla atá déanta ag an Aontas Eorpach go bhfuaireamar réidh le táillí fánaíochta. Tá deireadh á chur leis na táillí fánaíochta agus tá sé seo mar bhonn le margadh aonair digiteach an Aontais – céim eile is ea í chun go mbeidh sochaí dhigiteach aontaithe inbhuanaithe na hEorpa ann, rud a mbeidh teacht ag gach saoránach uirthi. Joseph Muscat, Príomh-Aire Mhálta thar ceann Uachtaránacht Mhálta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Antonio Tajani, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh -
2017
29 BealtaineWiFi4EU: Rochtain in aisce ar an idirlíon in áiteanna poiblí
Tháinig Uachtaránacht Mhálta ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir leis an scéim 'WiFi4EU' ar a ndéanfaidh an tAontas urraíocht, chun nasc idirlín in aisce a chur chun cinn i hallaí pobail, ospidéil, páirceanna agus áiteanna poiblí eile.
Beidh bardais, leabharlanna, ospidéil agus comhlachtaí poiblí eile in ann nósanna imeachta simplí riaracháin a leanúint chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun pointí rochtana logánta gan sreang a shuiteáil faoin scéim. Cuirfear uirlisí simplí amhail dearbháin ar fáil chun suas le 100% de na costais incháilithe a chlúdach. Beidh an comhlacht poiblí féin freagrach as an nasc a chothabháil go ceann trí bliana ar a laghad.
Táthar ag súil go gcomhaontófar buiséad na scéime agus go gcríochnófar an obair theicniúil in am chun an scéim a chur ar bun faoi dheireadh na bliana 2017.
Le WiFi4EU, tabharfar rochtain idirlín ghasta do roinnt mhaith saoránach nach mbeadh an deis acu tairbhe a bhaint as nasc ardcháilíochta dá cheal. Emmanuel Mallia, an tAire Iomaíochais agus Geilleagair Dhigitigh, Mhuirí agus Seirbhísí Mhálta -
2016
28 SamhainAn Gheobhlocáil: An Chomhairle le bacainní ar an ríomhthráchtáil a bhaint
Tháinig an Chomhairle Iomaíochais ar chomhaontú maidir le dréachtrialachán chun geobhlocáil éagórach idir na Ballstáit a thoirmeasc. Is é príomhchuspóir an togra cosc a chur le hidirdhealú do chustaiméirí agus do chuideachtaí maidir le rochtain a fháil ar phraghsanna, ar dhíolacháin nó ar choinníollacha íocaíochta nuair a bhíonn táirgí agus seirbhísí á gceannach acu i dtír eile de chuid an Aontais.
Cuirfear tús leis an gcaibidlíocht idir an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún, a luaithe a shocróidh Parlaimint na hEorpa a seasamh.
-
2016
28 MeitheamhD'iarr ceannairí an Aontais go mbunófaí margadh aonair digiteach a bheadh 'níos doimhne'
Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach, iarradh ar na hairí tuarascáil bhliantúil a thabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh chun an margadh aonair a dhoimhniú, lena n-áirítear a chlár digiteach, ag tosú i mí an Mheithimh 2017.
Is do chruinniú mullaigh an Aontais i Meitheamh 2018 atá an chéad athbhreithniú faireacháin eile a dhéanfaidh ceannairí an Aontais beartaithe.
-
2016
24 BealtaineAthchóiriú ar chosaint sonraí
Tá an rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí tagtha i bhfeidhm; beidh feidhm aige ón 25 Bealtaine 2018 amach. Is ceart bunúsach faoi dhlí an Aontais í an chosaint sonraí pearsanta, a aithnítear i gConradh Liospóin 2009, a bhforáiltear bunús dlí sonrach dó leis an rialachán nua.
Leis an athchóiriú ar chosaint sonraí, suitear na cearta, na hoibleagáidí agus comhlíonadh na rialacha le haghaidh daoine aonair agus eintiteas a mbíonn baint acu le próiseáil, d'fhonn freagairt do na forbairtí tapa teicneolaíocha maidir le sreabhadh agus comhroinnt sonraí.
Ar an 5 Bealtaine 2016, tháinig an treoir maidir le cosaint sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críche fhorfheidhmiú an dlí choiriúil i bhfeidhm freisin. Beidh go dtí an 6 Bealtaine 2018 ag na Ballstáit chun an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta.
Is freagra í an treoir sin ar ghá méadaitheach na n-údarás sna Ballstáit sonraí a phróiseáil agus a mhalartú mar chuid den chomhrac in aghaidh na coireachta trasnáisiúnta agus na sceimhlitheoireachta trasnáisiúnta. Is é is aidhm di, dá bhrí sin, cearta daoine aonair a chosaint agus ardleibhéal slándála poiblí a ráthú ag an am céanna.
Leis na hathruithe seo, nuashonrófar rialacha threoir na bliana 1995 maidir le cosaint sonraí agus Cinneadh Réime na bliana 2008 maidir le cosaint sonraí i ndáil le comhar breithiúnach agus póilíneachta.
-
2015
25 MeitheamhCeannairí an Aontais: Féadfaidh an margadh aonair digiteach tacú leis an bhfás cuimsitheach
Chuir ceannairí an Aontais a dtacaíocht in iúl don straitéis maidir le margadh aonair digiteach agus dúirt siad gur cheart í a úsáid chun an fás cuimsitheach a chur chun cinn i ngach réigiún de chuid an Aontais. Mhol siad go ngníomhófaí chun dul i ngleic le hilroinnt an mhargaidh, chun an bonneagar digiteach is gá a fhorbairt agus chun digitiú na tionsclaíochta san Eoraip a chur chun cinn.
Ina theannta sin, d'iarr ceannairí an Aontais go nglacfaí go mear rialacha nua maidir le teileachumarsáid, le cibearshlándáil agus le cosaint sonraí.
-
2015
11 MeitheamhThacaigh na hairí teileachumarsáide le geilleagar digitithe
Phléigh na hairí teileachumarsáide an straitéis maidir le margadh aonair digiteach ag cruinniú a bhí ag an gComhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh ar an 11 agus ar an 12 Meitheamh 2015. Ba dhíol sásaimh dóibh cuspóirí na straitéise sin, agus d'athdhearbhaigh siad an tábhacht a bhaineann le geilleagar digitithe chun an fás agus an fhostaíocht a chur chun cinn, agus chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais.
Ar na saincheisteanna ar tharraing na hairí aird orthu, áirítear:
- an ról atá ag an digitiú maidir le fiontraíocht agus fás FBManna a spreagadh
- an gá atá le feabhas a chur ar an gcibearshlándáil agus cur le muinín as na ríomhsheirbhísí
- an gá atá le bonneagar níos fearr agus rochtain fheabhsaithe ar leathanbhanda do na saoránaigh uile
- an gá atá le trédhearcacht fheabhsaithe a áirithiú le haghaidh praghsáil seachadta beartán ar fud an Aontais
Chuir na hairí i dtreis freisin gur cheart comhordú maith a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta ionas go n-áiritheofar go bhfuil an straitéis á cur chun feidhme go héifeachtach.
-
2015
28 BealtaineTosaíochtaí le haghaidh an mhargaidh aonair dhigitigh
Leag na hairí iomaíochais béim ar a thábhachtaí atá roinnt tionscnamh faoin straitéis maidir le margadh aonair digiteach. Ba dhíol béime acu nach mór rialacha maidir le cóipcheart is oiriúnach dá bhfeidhm a bheith ann, rialacha ríomhthráchtála a nuashonrú, agus muinín, feasacht agus cosaint na dtomhaltóirí a neartú.
D'athdhearbhaigh na hairí go bhfuil gá le gníomhaíocht chun scileanna digiteacha agus rialacha cosanta sonraí a atreisiú.
Shainaithin siad sraith tosaíochtaí, mar atá:
- na dálaí cearta a chruthú do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta
- digitiú thionsclaíocht na hEorpa a chur chun cinn
- ríomhrialachas i gcórais riaracháin phoiblí a chur i bhfeidhm agus a leathnú
- cur leis an infheistíocht i mbonneagair dhigiteach agus i líonraí digiteacha
- an tionchar a bheadh ag rialacha fioscacha ar uirlisí digiteacha a mheas
- na prionsabail a bhaineann le 'digiteach mar réamhshocrú' a mheas maidir le reachtaíocht nua uile an Aontais.
-
2015
18 BealtaineMargadh Aonair Digiteach: gnéithe closamhairc
Phléigh na hairí cultúir na gnéithe closamhairc a bhaineann leis an straitéis maidir le margadh aonair digiteach. Thacaigh siad le hinaistritheacht trasteorann ábhsair, leis an gcomhrac i gcoinne inneachar neamhdhleathach agus leis an ngá atá leis an gcothromaíocht cheart a aimsiú maidir le cóipcheart.
D'aontaigh na hairí gur cheart an treoir maidir le seirbhísí na meán closamhairc atá ann cheana a chur in oiriúint d'athruithe teicneolaíochta. Ba cheart san athbhreithniú sin na nithe a leanas a dhéanamh:
- saoirse na meán a ráthú agus an éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn
- prionsabal na tíre tionscnaimh a choinneáil (is é sin go dtagann gach soláthraí seirbhísí meán closamhairc faoi dhlínse aon Bhallstát amháin)
- cuíchóiriú a dhéanamh ar an nós imeachta a leanfaidh na Ballstáit nuair a dhírítear inneachar doghlactha orthu a thagann as Ballstát eile.