Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 25/06/2019, 25 Meitheamh 2019

Na príomhthorthaí

Na príomhphointí ón gComhairle Fuinnimh a bhí ar siúl i Lucsamburg ar an 25 Meitheamh 2019

Conclúidí ón gComhairle maidir le todhchaí na gcóras fuinnimh san Aontas Fuinnimh

Glac an Chomhairle sraith conclúidí maidir le todhchaí na gcóras fuinnimh san Aontas Fuinnimh. Sainaithnítear tosaíochtaí agus prionsabail sna conclúidí don chinnteoireacht amach anseo lena ndírítear ar aistriú fuinnimh chuig córas fuinnimh inacmhainne sábháilte iomaíoch slán agus inbhuanaithe a áirithiú.

Foráiltear sna conclúidí a chomhaontaíomar inniu d'fhís do bheartas fuinnimh san Aontas as seo go 2030 agus dá éis. Leagamar béim faoi leith ar a thábhachtaí atá sé ár n-iarrachtaí a dhíriú ar bhonneagar, teicneolaíochtaí nuálacha, cúpláil earnála agus comhtháthú earnála agus an infheistíocht a dhéantar sna réimsí sin a mhéadú. Ag an am céanna, caithfimid a chinntiú go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí ag croílár an phróisis aistrithe fuinnimh trí inghlacthacht shóisialta agus iomaíochas idirnáisiúnta a áirithiú. Is faoin gCoimisiún atá sé anois an mhéid sin a chur san áireamh agus tograí nua á ndéanamh aige sa réimse fuinnimh. Anton Anton, Aire Fuinnimh na Rómáine agus cathaoirleach na Comhairle

Caidreamh seachtrach i ndáil le fuinneamh

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoinar tharla le deireanas i réimse an chaidrimh sheachtraigh i ndáil le fuinneamh. Mhalartaigh na hairí fuinnimh tuairimí faoin ábhar sin ina dhiaidh sin agus nóta cúlra ón uachtaránacht mar threoir acu.

Bhí an plé tairbheach agus cuiditheach. Caithfimid leanúint de bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe móra chun an t-aistriú chuig fuinneamh glan a chur chun cinn. Thugamar aghaidh freisin ar an nuachóiriú atá fós á dhéanamh ar an gConradh um Chomhphobal Fuinnimh agus ar an gConradh um Chairt Fuinnimh. Anton Anton, Aire Fuinnimh na Rómáine agus cathaoirleach na Comhairle

Míreanna eile ar an gclár oibre

Faoi ‘aon ghnó eile’, chuir an Coimisiún an teachtaireacht is déanaí uaidh i láthair maidir leis na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECPanna). Tá na NECPanna mar chuid de chreat rialachais nua an Aontais Fuinnimh agus tá mar aidhm leo a chinntiú go mbainfidh an tAontas a chuspóirí fuinnimh agus aeráide amach. Tá an chéad dréacht dá NECPanna tíolactha ag na Ballstáit uile. Tá go dtí deireadh na bliana acu anois chun bailchríoch a chur ar a bpleananna.

Thíolaic Uachtaránacht nua na Fionlainne a clár oibre. D'fhógair toscaireacht na Fionlainne go bhfuil sé de rún aici béim a leagan ar an gclár oibre maidir leis an aeráid le linn a huachtaránachta.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025