- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar), 06/06/2019, 6 Meitheamh 2019
Na príomhthorthaí
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh (cur chuige ginearálta) maidir le togra chun an earnáil iompair a dhéanamh níos éifeachtúla trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a bhunú d'úsáid agus tarchur faisnéis leictreonach faoi iompar lastais.
Is díol sásaimh dom seasamh na Comhairle a comhaontaíodh inniu maidir le faisnéis dhigiteach faoi iompar lastais, faisnéis a chuirfidh le héifeachtúlacht an mhargaidh. Bhreithníomar freisin an dul chun cinn suntasach a baineadh amach i roinnt tograí eile laistigh de thréimhse an-ghairid. Is léiriú é an líon mór comhaontuithe tábhachtacha ar thángthas orthu leis an bParlaimint go raibh éifeacht lenár n-iarrachtaí beart a dhéanamh sna réimsí is mó tábhacht. Răzvan Cuc, Aire Iompair na Rómáine agus cathaoirleach ar chruinniú na Comhairle
Thug an Chomhairle dá haird an dul chun cinn atá déanta i leith togra chun bearta deonaithe ceadanna a shruthlíniú d'fhonn tabhairt chun críche an ghréasáin tras-Eorpaigh iompair (TEN-T) a éascú.
Rinne an Chomhairle measúnú ar an dul chun cinn atá déanta i leith togra chun creat soiléir rialála a bhunú do mhargadh na bhfeithiclí arna bhfruiliú agus chun srianta a laghdú ar fheithiclí fruilithe a úsáid san iompar idirnáisiúnta.
Bhreithnigh na hairí dul chun cinn atá déanta i leith togra chun rialacha muirearaithe bóithre an Aontais (Eurovignette) a athrú, lena dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le maoiniú don bhonneagar bóithre, brú tráchta agus astaíochtaí gás ceaptha teasa.
Rinne an Chomhairle measúnú ar an dul chun cinn atá déanta i leith dréachtrialachán lena ndéanfar cearta paisinéirí iarnróid a athbhreithniú.
I measc líon mór ábhar eile faoi 'aon ghnó eile' fuarthas faisnéis ón uachtaránacht maidir leis an líon mór sainchomhad a comhaontaíodh le Parlaimint na hEorpa faoi uachtaránacht na Rómáine ar cheisteanna amhail sábháilteacht bonneagair bhóithre a bhainistiú, timpeallacht Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Eorpaigh, oiliúint maraithe, feithiclí glana agus tíosach ar fhuinneamh, cábáin aeraidinimiciúla, agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Chuir uachtaránacht na Rómáine na hairí ar an eolas maidir le stádas an togra maidir le hathruithe ama séasúracha. Thíolaic uachtaránacht nua na Fionlainne a clár oibre.
Ar imeall chruinniú na Comhairle, bhí cruinniú aireachta Chomhpháirtíocht an Oirthir ar an iompar inar pléadh comhar maidir le sábháilteacht agus bonneagar bóithre. Formhuiníodh ag an gcruinniú dearbhú comhpháirteach maidir le comhar réigiúnach i réimse an iompair faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht an Oirthir i gcomhthéacs chomóradh 10 mbliana Chomhpháirtíocht an Oirthir.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Dearbhú comhpháirteach ó Chomhpháirtíocht an Oirthir maidir le comhar iompair - 06/06/2019
Úsáid níos éasca a bhaint as eolas digiteach d'iompar lastais - a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle - 06/06/2019
An chéad phlean ilbhliantúil bainistíochta riamh d'iascaigh sa Mheánmhuir Thiar á fhíorú - 06/06/2019
Gearrtha siar ag an Aontas ar an rómhaorlathas in oiliúint agus deimhniú maraithe - 06/06/2019
Spreagann an tAontas nuálaíocht dhigiteach trí infhaighteacht na sonraí a mhaoinítear go poiblí a mhéadú - 06/06/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025