"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Teileachumarsáid), 4 Meitheamh 2021
Na príomhthorthaí
An Gníomh um Rialachas Sonraí
Rinne an Chomhairle measúnú ar an dul chun cinn i ndáil le dréachtrialachán maidir le rialachas Eorpach sonraí, ar a dtugtar an Gníomh um Rialachas Sonraí. Is é is aidhm don togra infhaighteacht sonraí lena n-athúsáid a chur chun cinn trí mhuinín as idirghabhálaithe sonraí a mhéadú agus trí shásraí um chomhroinnt sonraí éagsúla a neartú ar fud an Aontais. Ceapadh na bearta sin chun buntáiste iomaíoch a thabhairt don Aontas trína chur ar a chumas leas a bhaint as na ollmhéideanna sonraí a ghintear go laethúil.
Ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais
Rinne an Chomhairle a marana freisin ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil le treoir atá beartaithe maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais (Treoir NIS athbhreithnithe nó NIS2). Is é is cuspóir do thogra NIS2 tuilleadh feabhais a chur ar athléimneacht agus ar acmhainní freagartha ar theagmhais atá ag eintitis phoiblí agus phríobháideacha, ag údaráis inniúla agus ag an Aontas ina iomláine.
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle faoin ábhar ‘Compás Digiteach 2030: conas an bealach a leagan amach i dtreo thodhchaí dhigiteach an Aontais’ ar bhonn na teachtaireachta ón gCoimisiún maidir leis an gCompás Digiteach.
Le linn an phlé, thacaigh na hairí le compás digiteach a bhunú le spriocanna uaillmhianacha maidir le claochlú digiteach do 2030 agus chuir siad in iúl go bhfuil siad tiomanta go láidir do chearta bunúsacha, eitic agus luachanna Eorpacha a chaomhnú i bpróiseas an chlaochlaithe dhigitigh. Ní mór don mhargadh aonair digiteach a bheith trédhearcach, inbhuanaithe agus slán, agus ba cheart comhdheiseanna a chruthú le go mbeidh gach duine rannpháirteach sa tsochaí dhigiteach. Ag eascairt as an díospóireacht, tugadh treoir do na chéad chéimeanna eile sa phróiseas compáis dhigitigh.
Leis an gCompás Digiteach, tá tagarmharcanna nua leagtha síos do thodhchaí dhigiteach na hEorpa agus, go páirteach, mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, tá rian na dteicneolaíochtaí digiteacha le sonrú anois i ngach gné dár saol. Is í an fhreagracht chomhroinnte atá orainn, dá bhrí sin, bunaithe ar an gceannaireacht theicneolaíoch, daoine agus gnólachtaí a chumhachtú chun todhchaí dhigiteach a bheidh dírithe ar an duine, a bheidh inbhuanaithe agus rathúil, a ghlacadh chucu féin.
Rinne Pedro Nuno Santos, Aire Bonneagair agus Tithíochta na Portaingéile, Uachtarán na Comhairle, cathaoirleacht ar an gcruinniú
Aon ghnó eile
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin staid mar atá sa phlé maidir le rialacha nuashonraithe príobháideachais don chumarsáid leictreonach (ríomh-Phríobháideachas). Tionóladh an chéad chruinniú tríthaobhach polaitiúil le Parlaimint na hEorpa i mí na Bealtaine, agus leanfar den obair ar an leibhéal teicniúil sula dtugann an Uachtaránacht an comhad sin d’Uachtaránacht inteachta na Slóivéine, a bhfuil baint aici leis an obair cheana féin.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin maidir leis an athbhreithniú ar an rialachán fánaíochta. I meitheal na Comhairle, chuir na Ballstáit in iúl go dtacaíonn siad leis an scéim ‘fánaíocht ar tháillí baile’ a shíneadh, agus go bhfuil obair ar siúl lena chinntiú go nglacfar an rialachán in am trátha.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin maidir le Tionól Digiteach 2021, a bhí ar siúl an 1 agus an 2 Meitheamh.
Chuir an Coimisiún eolas ar fáil faoin nGníomh maidir leis an Intleacht Shaorga, faoin togra maidir le féiniúlacht dhigiteach Eorpach agus faoi bhosca uirlisí an Aontais le haghaidh nascachta.
Chuir toscaireacht na Liotuáine i láthair iarrthóir na Liotuáine ar phost Leas-Ardrúnaí an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide do na toghcháin atá ar na bacáin.
Mar an mhír dheireanach, chuir Uachtaránacht inteachta na Slóivéine a clár oibre don dara leath de 2021 i láthair.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.