"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí teileachumarsáide, 14 Deireadh Fómhair 2021
Na príomhthorthaí
An Gníomh um an Intleacht Shaorga
Bhí an chéad díospóireacht bheartais dhomhain ag na hairí teileachumarsáide ar an nGníomh um an Intleacht Shaorga atá beartaithe, chun treoir pholaitiúil a thabhairt le haghaidh tuilleadh oibre ar an togra casta sin.
Díríodh sa phlé ar dhearadh rialála an Ghnímh agus ar na dúshláin a bhaineann lena chur chun feidhme go héifeachtach.
Léirigh na hairí a dtacaíocht shoiléir d’aon dlí cuimsitheach amháin maidir leis an intleacht shaorga, a bheadh ina shamhail ar fud an domhain, amhail is atá i gcás an rialacháin ghinearálta maidir le cosaint sonraí, RGCS, i réimse na cosanta sonraí pearsanta. Tá obair shubstaintiúil fós le déanamh toisc go dteastaíonn uainn a chinntiú go mbainfear amach an dá aidhm atá ag an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus is iadsan an tsábháilteacht agus urraim do chearta bunúsacha agus forbairt agus glacadh na teicneolaíochta IS a spreagadh i ngach earnáil. Leanfaidh Uachtaránacht na Slóivéine ag oibriú léi go dian ar an togra seo, togra a mheasann sí a bheith ina phríomhthosaíocht sa réimse digiteach.
Boštjan Koritnik, Aire Riaracháin Phoiblí na Slóivéine agus cathaoirleach ar an gcruinniú
Le linn an phlé, leag na hairí béim ar na tairbhí móra sochaíocha agus eacnamaíocha a d‘fhéadfadh a bheith ag an intleacht shaorga i raon leathan earnálacha, ach ina theannta sin leag siad béim ar an ngá atá ann príobháideacht a chosaint agus sábháilteacht agus slándáil a chinntiú chun cur leis an muinín, rud atá riachtanach, as na teicneolaíochtaí nua sin.
Bhí na hairí go láidir ar son leanúint den obair chun creat rialála cothrománach agus duine-lárnach don intleacht shaorga a bhunú, mar a mhol an Coimisiún, chun deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht a chinntiú d’fhorbróirí agus d’úsáideoirí. Luaigh roinnt toscaireachtaí gur gá comhsheasmhacht a chinntiú le rialacha gaolmhara i reachtaíocht eile.
Agus aghaidh á tabhairt ar na rioscaí agus deimhin a dhéanamh de go n-urramaíonn córais IS luachanna an Aontais, ní mór a chinntiú go seasfaidh an dlí nua an aimsir agus go gcothóidh sé an nuálaíocht. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart na forálacha sa dlí a bheith solúbtha a ndóthain chun coimeád suas leis na teicneolaíochtaí a bhíonn ag athrú de shíor.
Ba dhíol sásaimh do na toscaireachtaí an cur chuige rioscabhunaithe a bhaineann leis an togra, ach chuir siad in iúl go gcaithfear tuilleadh plé a dhéanamh ar go leor saincheisteanna, go háirithe maidir le raon feidhme an ghnímh, gnéithe forfheidhmithe dlí agus sainmhínithe ar phríomhthéarmaí. Measadh go raibh soiléireacht ina leith siúd fíor-riachtanach do dheimhneacht dhlíthiúil agus do chur i bhfeidhm rianúil an Ghnímh.
Measadh gur uirlisí úsáideacha iad na boscaí gainimh rialála agus na saoráidí turgnamhaíochta le haghaidh rialáil agus cur chun feidhme níos cliste. Ba cheart caighdeánú agus infhaighteacht sonraí ardcháilíochta a chur chun cinn, agus luaigh roinnt airí an ról tábhachtach atá ag na tograí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le sonraí ina thaobh sin.
Luaigh roinnt airí a thábhachtaí atá forfheidhmiú agus maoirseacht éifeachtach, go háirithe maoirseacht dhaonna. Ba cheart an struchtúr rialachais a bheith éadrom agus an t-ualach riaracháin agus airgeadais ar oibreoirí, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, a choimeád chomh híseal agus is féidir. Ba cheart tacaíocht speisialta a thairiscint do FBManna chun a chinntiú go mbeidh siad in ann na rialacha nua a chomhlíonadh go héasca.
Leanfar leis an bplé ar an togra i meitheal teileachumarsáide na Comhairle. Tá sé d’aidhm ag an Uachtaránacht togra comhréitigh a thíolacadh i mí na Samhna.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.