"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 11 Meitheamh 2021
Na príomhthorthaí
Tháinig airí fuinnimh an Aontais le chéile i Lucsamburg chun na hábhair seo a leanas a phlé: rialachán GTE-F, an straitéis hidrigine agus an straitéis ‘rabharta athchóiriúcháin’.
An Rialachán maidir le Gréasán Fuinnimh Tras-Eorpach (GTE-F)
Tháinig na hairí ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta i ndáil leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an rialachán maidir le Gréasán Fuinnimh Tras-Eorpach (GTE-F). Is é is aidhm don chur chuige ginearálta bonneagar fuinnimh trasteorann an Aontais a nuachóiriú, a dhícharbónú agus a idirnascadh chun cabhrú leis an Aontas a chuspóir do 2050 aeráidneodracht a bhaint amach. Ag an am céanna, tá sé mar aidhm aige leanúint de chomhtháthú an mhargaidh, den iomaíochas agus de shlándáil an tsoláthair a chinntiú.
Chun go mbeimid aerneodrach faoi 2050, teastaíonn bonneagair fuinnimh atá idirnasctha agus nua-aoiseach agus atá oiriúnach do theicneolaíochtaí fuinnimh ghlain. Ní mór go mbeidh níos mó eangacha cliste agus foinsí inathnuaite inár n-eangacha. Leis an gcomhaontú ar thángthas air, déantar infheistíocht i dtodhchaí a bheidh glas agus aeráidneodrach lena gcinnteofar éifeachtúlacht, iomaíochas agus slándáil an tsoláthair, agus nach bhfágfar aon duine ar lár.
João Pedro Matos Fernandes, Aire na Portaingéile um an gComhshaol agus um Ghníomhú ar son na hAeráide
Beidh an cur chuige ginearálta mar bhonn don seasamh ón gComhairle sa chaibidlíocht pholaitiúil thríthaobhach le Parlaimint na hEorpa.
D’fhormheas na hairí conclúidí ón gComhairle maidir le rabharta athchóiriúcháin lena ndeiseofar an geilleagar anois agus lena gcruthófar foirgnimh ghlasa don todhchaí.
Tá earnáil na bhfoirgneamh ar cheann de na tomhaltóirí fuinnimh is mó san Eoraip agus í freagrach as breis agus aon trian d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. Is é is aidhm don straitéis ‘rabharta athchóiriúcháin’ dlús a chur le hiarrachtaí athchóiriúcháin ar fud an Aontais ionas gur féidir leis an earnáil foirgníochta an rannchuidiú a theastaíonn a dhéanamh le sprioc an Aontais do 2050 aeráidneodracht a bhaint amach agus aistriú glas cothrom cóir a chur i ngníomh. Cuirtear i dtábhacht sna conclúidí ón gComhairle na gnéithe a bhaineann leis an gcuimsiú sóisialta, leis an téarnamh eacnamaíoch agus leis an aistriú glas.
Faoin straitéis seo, cuirtear chun cinn athchóirithe a laghdaíonn úsáid an fhuinnimh, a chuireann srian ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus a mhéadaíonn coigilteas costais.
Formhuinítear sna conclúidí ón gComhairle cuspóir na straitéise sin i.e. na rátaí athchóiriúcháin fuinneamhghaolmhara a dhúbailt, ar a laghad, san Aontas faoi 2030, agus dul i ngleic ag an am céanna leis an mbochtaineacht fuinnimh, poist nua a chruthú, agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le forás na Straitéise Hidrigine san Eoraip. Is é is aidhm don straitéis timpeallacht chumasúcháin a chruthú chun soláthar agus éileamh hidrigine a mhéadú mar phríomhghné san aistriú fuinnimh glan.
Phléigh na hairí an chaoi ar féidir leis na Ballstáit obair i gcomhar chun na dálaí cearta a chruthú chun an margadh hidrigine a chothú agus an chaoi chun dlús a chur leis an rialáil ar theicneolaíochtaí úsáide deiridh chun glacadh hidrigine a mhéadú, go háirithe sna hearnálacha atá deacair a dhícharbónú. Phléigh na hairí freisin na tosaíochtaí maoiniúcháin do hidrigin agus an chaoi ar féidir an tacaíocht d’onnmhairí a fheabhsú.
Thíolaic an Coimisiún Hydrogen strategy for a climate-neutral Europe, [Straitéis Hidrigine le haghaidh Eoraip aeráidneodrach] i mí Iúil na bliana 2020. I mí na Nollag 2020, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí ina n-aithnítear an ról tábhachtach atá ag hidrigin, go háirithe ó fhoinsí inathnuaite, i ndáil le cuspóirí dícharbónaithe an Aontais a bhaint amach, agus ina n-iarrtar ar an gCoimisiún an straitéis a mhionsaothrú agus a chur i ngníomh a thuilleadh.
Rabharta athchóiriúcháin: foirgnimh ghlasa a chruthú don todhchaí (Grafaic faisnéise)
Nithe eile
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin méid a thit amach le déanaí i réimse an chaidrimh sheachtraigh fuinnimh. I measc na n-ábhar sin, bhí an taidhleoireacht fuinnimh, an tionscnamh glan-nialasach ó IEA, IRENA, an Conradh um Chairt Fuinnimh agus an chéad Chomhairle Fuinnimh AE-SAM eile.
Tharraing toscaireacht na Liotuáine aird na n-airí ar ghníomhaíocht phráinneach a bhaineann le moltaí sábháilteachta ag Stáisiún Núicléach Ostrovets na Bealarúise. D’iarr toscaireacht na Seice ar na hairí a machnamh a dhéanamh ar thacsanomaíocht an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe agus ar chéimeanna breise a d’fhéadfaí a thabhairt i ndáil leis sin.
Ar deireadh, chuir toscaireacht na Slóivéine a clár oibre don uachtaránacht inteachta i láthair.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.