Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 19 Meitheamh 2023

Na príomhthorthaí

Dearadh mhargadh an leictreachais

Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta i ndáil le togra le haghaidh rialachán maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (REMIT).

Is é is aidhm don togra tacú le hiomaíocht oscailte agus chothrom i margaí mórdhíola fuinnimh na hEorpa, trí thrádáil atá bunaithe ar fhaisnéis ón taobh istigh a thoirmeasc agus cúbláil mhargaidh a dhíspreagadh.

Ebba Busch, Aire Fuinnimh, Gnó agus Tionscail na Sualainne
Táim sásta gur thángamar ar chomhaontú maidir le rialachán REMIT. Is cuid thábhachtach den athchóiriú ar an margadh leictreachais é lena n-áiritheofar trédhearcacht agus sláine i margadh fuinnimh an Aontais.
Ebba Busch, Aire Fuinnimh, Gnó agus Tionscail na Sualainne
Ebba Busch, Aire Fuinnimh, Gnó agus Tionscail na Sualainne

Tá an togra maidir le REMIT mar chuid d’athchóiriú níos leithne ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais. Ag céim níos déanaí, comhaontófar na codanna eile den athchóiriú, arb é is aidhm dóibh praghsanna leictreachais a laghdú ar phraghsanna luaineacha breoslaí iontaise agus tomhaltóirí a chosaint ar spící praghsanna agus dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite agus cosaint tomhaltóirí a fheabhsú.

Gnó eile

Faoi aon ghnó eile, thug an Coimisiún forléargas ar na príomhfhorbairtí i réimse an chaidrimh fuinnimh sheachtraigh le linn an tseimeastair seo agus chuir sé na hairí ar an eolas faoi thionscnaimh a bheidh ann amach anseo i réimse an chaidrimh idirnáisiúnta fuinnimh.

Thug an Coimisiún nuashonrú do na hairí freisin maidir le hullmhacht don gheimhreadh 2023/2024.

Chuir an Liotuáin faisnéis ar fáil do na hairí maidir le sábháilteacht núicléach agus saincheisteanna buana trédhearcachta i ndáil le seoladh an dara haonad cumhachta i ngléasra cumhachta núicléiche Ostravets sa Bhealarúis.

Chuir an Chipir na hairí ar an eolas faoi shábháilteacht núicléach a áirithiú i bhfianaise thógáil agus oibriú ghléasra cumhachta núicléiche Akkuyu ar chósta theas na Tuirce.

Chuir Uachtaránacht inteachta na Spáinne a clár oibre i láthair.

D’fhormheas an Chomhairle liosta na míreanna A thíos freisin.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025