Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 28 Márta 2023

Na príomhthorthaí

Pacáiste gáis agus hidrigine

Tháinig airí fuinnimh an Aontais ar chomhaontú maidir le seasaimh chaibidlíochta na Comhairle (‘cur chuige ginearálta’) maidir le dhá thogra lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna an mhargaidh inmheánaigh maidir le gáis in-athnuaite agus nádúrtha agus hidrigin.

Is é is cuspóir don reachtaíocht aistriú na hearnála gáis i dtreo gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin a dhearadh, go háirithe bithmheatán agus hidrigin, d’fhonn sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Ebba Busch, Aire fuinnimh, gnó agus tionscail na Sualainne
Tá áthas orm gur thángamar ar chomhaontú cothrom maidir leis an bpacáiste gáis. Tá an Eoraip ar tí bogadh ó ghás nádúrtha iontaise go gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin agus ní mór dúinn na dálaí cearta margaidh a chruthú chun go dtarlóidh sé sin, ar bhealach a chuirfidh iomaíochas chun cinn, a chosnóidh tomhaltóirí agus a chuirfidh ár gcuspóir aeráidneodrachta chun cinn do 2050.
Ebba Busch, Aire fuinnimh, gnó agus tionscail na Sualainne
Ebba Busch, Aire fuinnimh, gnó agus tionscail na Sualainne

An t-éileamh ar ghás a laghdú

Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú polaitiúil maidir le togra chun a sprioc dheonach maidir le laghdú 15 % ar an éileamh ar ghás a shíneadh go ceann bliana.

Is é is cuspóir don laghdú ar an éileamh ar ghás coigilteas a dhéanamh, chun ullmhú do shuaitheadh féideartha soláthairtí gáis.

Níl an ghéarchéim fuinnimh curtha dó ar fad ag an Aontas agus tá an Rúis fós ag baint úsáid as fuinneamh mar arm. Ní mór do Bhallstáit an Aontais seasamh go daingean agus a bheith ullamh roimh an gheimhreadh seo chugainn. Tháinig laghdú 19.3 % ar thomhaltas foriomlán an Aontais maidir le gás nádúrtha idir Lúnasa 2022 agus Eanáir 2023. Mar gheall ar an laghdú ar an éileamh ar ghás, tá ar ár gcumas ár stóráil a líonadh, praghsanna a choinneáil síos agus tuilleadh soláthairtí fuinnimh a dhaingniú. Ní mór dúinn leanúint den obair agus teacht aniar a bheith ionainn i gcónaí. Ebba Busch, Aire fuinnimh, gnó agus tionscail na Sualainne

Leis an rialachán nua féadfaidh an Chomhairle ‘foláireamh ón Aontas’ maidir le slándáil an tsoláthair a ghníomhachtú, agus sa chás sin, bheadh sé éigeantach an t-éileamh ar ghás a laghdú.

Dearadh an mhargaidh leictreachais

Bhí an chéad díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais.

Is é is aidhm don togra margadh fuinnimh an Aontais a dhéanamh níos athléimní agus níos cobhsaí, tomhaltóirí agus cuideachtaí a chosaint ar luaineacht ghearrthéarmach praghsanna leictreachais agus infheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite a spreagadh.

Is é cuspóir na díospóireachta treoir a thabhairt maidir le tuilleadh oibre a dhéanamh ar an togra laistigh den Chomhairle.

Chuir na hairí a dtuairimí in iúl maidir leis na hathruithe ar dhearadh reatha an mhargaidh a bhainfeadh cothromaíocht amach idir an gá atá le feabhsuithe agus an méid a oibríonn go maith a choinneáil, agus tomhaltóirí a chosaint agus infheistíochtaí in acmhainneacht táirgeachta nua a mhéadú ag an am céanna.

Bhí na hairí tiomanta do dhul chun cinn a dhéanamh go pras maidir leis na tograí agus d’athdhearbhaigh an Uachtaránacht go gcaithfí leis an athchóiriú mar thosaíocht agus go ndéanfaidh sí a seacht ndícheall dul chun cinn tapa a dhéanamh ina leith.

Gnó eile

Faoi aon ghnó eile, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir le hullmhacht don gheimhreadh. Chuir an Danmhairg faisnéis ar fáil faoin rialachán maidir le hathbhunú an dúlra. Chuir an Ghréig faisnéis ar fáil maidir leis an eangach leictreachais.

An staid fuinnimh san Úcráin

Le linn an lóin, bhí malartú tuairimí ag na hairí le hAire Fuinnimh na hÚcráine, German Galuschchenko , maidir le staid an fhuinnimh san Úcráin.

Míreanna eile arna nglacadh ag an gComhairle

Ghlac an Chomhairle na gníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha maidir leis na liostaí de mhíreanna ‘A’ thíos, gan iad a phlé.

Go háirithe, ghlac an Chomhairle ceithre reachtaíocht a eascraíonn as an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Baineann an reachtaíocht sin le caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus veaineanna, le laghduithe ar astaíochtaí in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar thalamhúsáid agus na foraoiseachta (LULUCF) agus faoin rialachán maidir le comhroinnt díchill (ESR), chomh maith le cinneadh lena leasaítear an cúlchiste cobhsaíochta margaidh a thacaíonn le córas trádála astaíochtaí an Aontais.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025