Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Teileachumarsáid), 2 Meitheamh 2023

Na príomhthorthaí

An Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin

Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán maidir le bearta chun an costas a bhaineann le himscaradh na líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a laghdú (an Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin).

Is é is aidhm don rialachán sin teacht in ionad na treorach maidir le costais leathanbhanda a laghdú a glacadh in 2014. Tá an togra bunaithe ar an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na treorach maidir le costas leathanbhanda a laghdú agus is é an príomhchuspóir atá aige feabhas a chur ar na dálaí a bhaineann le líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh san Eoraip. Chomh maith leis sin, tá sé d’aidhm ag an togra na costais maidir le himscaradh na líonraí cumarsáide leictreonaí a laghdú, an t-am is gá chun na ceadúnais riachtanacha a fháil ó údaráis na mBallstát a ghiorrú agus íoschaighdeáin chomhchuibhiúcháin a bhaineann leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna ar fud an Aontais a bhaint amach. Ar deireadh, tugtar aghaidh sa togra ar rochtain, agus ar imscaradh an bhonneagair laistigh d’fhoirgneamh agus tá sé d’aidhm aige cur i bhfeidhm trasteorann a éascú.

Le mionscrúdú ar an togra arna dhéanamh ag Meitheal na Comhairle um Theileachumarsáid agus um an tSochaí Faisnéise, sainaithníodh roinnt réimsí ar gá aird ar leith a thabhairt orthu sula dtiocfaí ar chomhaontú i dtionól Chomhairle, mar shampla an córas ‘intuigthe’ chun ceadanna a fhormheas, nochtadh oibreacha ar bhonneagar criticiúil, foirm dhlíthiúil an togra, treoracha agus cumhachtaí cur chun feidhme, pointí faisnéise aonair agus neodracht theicneolaíoch. Cinnteoidh Uachtaránacht na Sualainne aistriú réidh d’uachtaránacht inteachta na Spáinne.

An Gníomh um Eoraip idir-inoibritheach

Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn an togra le haghaidh rialachán lena leagtar síos bearta maidir le hardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach).

Is é is aidhm don togra creat nua a bhunú chun a chur ar chumas údarás riaracháin phoiblí ar fud an Aontais comhoibriú ar bhealach níos éifeachtaí agus seachadadh rianúil seirbhísí poiblí thar theorainneacha a chinntiú, agus ar an gcaoi sin am agus costais a shábháil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.

Scrúdaigh Meitheal na Comhairle um theileachumarsáid agus um an tsochaí faisnéise an togra sin. Bunaithe ar bharúlacha na mBallstát, dhréachtaigh Uachtaránacht na Sualainne dhá théacs chomhréitigh le roinnt athruithe ar an togra ón gCoimisiún a bhaineann leis an méid seo a leanas:
- raon feidhme agus comhréireacht an rialacháin
- an measúnú idir-inoibritheachta agus
- an t-ailíniú leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus leis an Rialachán ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)

Ós rud é go bhfuil gá le tuilleadh plé agus anailíse ar an gcomhad sin, tá sé ar intinn ag an Uachtaránacht leanúint den obair ar an togra le linn a téarma mar ullmhúchán d’aistriú rianúil d’uachtaránacht inteachta na Spáinne.

An Gníomh um Chibear-athléimneacht

Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le togra le haghaidh rialachán i ndáil le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht).

Is é is aidhm don togra na bearnaí sa reachtaíocht cibearshlándála atá ann cheana a líonadh trína chinntiú go mbeidh táirgí
ag a bhfuil eilimintí digiteacha, mar shampla táirgí ó idirlíon na rudaí nithiúla, mar cheamaraí baile nasctha, cuisneoirí, teilifíseáin, bréagáin agus bogearraí neamhleabaithe, go mbeidh na táirgí sin slán feadh an tslabhra soláthair ar fad agus ar feadh a saolré ar fad.

Bhíothas in ann dul chun cinn suntasach a dhéanamh le roinnt míonna anuas de bharr mionscrúdú a rinne Meitheal Chothrománach na Comhairle um Chibearcheisteanna ar an togra sin, ach léiríodh freisin gur gá tuilleadh plé a dhéanamh maidir le pointí áirithe, mar shampla aicmiú táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha maidir lena n-íogaireacht agus lena n-oibleagáidí tuairiscithe do mhonaróirí.

Tá sé beartaithe ag Uachtaránacht na Sualainne leanúint den obair sna seachtainí amach romhainn d’fhonn tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gcomhad tábhachtach sin.

Todhchaí na hearnála nascachta

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir lena bhfuil i ndán don earnáil nascachta.

bonneagar nascachta inbhuanaithe dea-fheidhmiúil riachtanach chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais a neartú agus tá comhairliúchán taiscéalaíoch déanta ag an gCoimisiún le déanaí maidir le todhchaí na hearnála nascachta. I bhfianaise forbairtí suntasacha teicniúla agus margaidh, spreag na ceisteanna maidir le leathadh amach breise an bhonneagair nascachta díospóireacht ar an ngá atá le hinfheistíochtaí agus ar na coinníollacha rialála atá ann faoi láthair d’earnáil na cumarsáide leictreonaí.

I bhfianaise an mhéid sin, rinne na hairí machnamh ar an ábhar tábhachtach sin agus chuir siad in iúl go bhfuil gá le hanailís chríochnúil agus measúnú tionchair. Chomh maith leis sin, roinn na hairí a dtuairimí maidir le dúshláin agus forbairtí eile atá roimh earnáil na cumarsáide leictreonaí, rud a d’éileodh aird a thabhairt ar chonair chlaochlú digiteach na hEorpa go dtí 2030 agus ina dhiaidh sin.

Aon ghnó eile

Thug an Uachtaránacht tuairisc ar staid na himeartha i ndáil leis na tograí reachtacha atá ann faoi láthair, eadhon:

  • rialachán eID
  • an Gníomh um Shonraí
  • rialachán maidir le ríomh-phríobháideachas

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil le tionscnaimh idirnáisiúnta sa réimse digiteach ag díriú ar chomhairlí trádála agus teicneolaíochta agus comhpháirtíochtaí digiteacha, chomh maith leis an tslándáil 5G agus bonneagair nascachta eile.

Maidir leis an intleacht shaorga (IS), chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoin gcomhdháil maidir leis an ‘intleacht shaorga inbhuanaithe agus an intleacht shaorga don inbhuanaitheacht’ a tionóladh in Göteborg an 2 agus an 3 Bealtaine 2023 agus, ar thionscnamh thoscaireacht na Danmhairge, mhalartaigh na hairí tuairimí maidir le cleachtais agus tionscnaimh lena dtugtar aghaidh ar úsáid na hintleachta saorga, lasmuigh den phróiseas reachtach san Aontas.

Chuir toscaireachtaí na Liotuáine, na Polainne agus na Portaingéile an Chomhairle ar an eolas faoi shásra comhordúcháin a bhunú laistigh den Aontas agus an caidreamh idir an tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU) agus an tAontas a neartú.

Chuir toscaireacht na Polainne an Chomhairle ar an eolas faoi fheabhas a chur ar innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI).

Ar deireadh, chuir Uachtaránacht na Spáinne a tosaíochtaí agus a clár oibre don dara leath de 2023 i láthair.

Lón neamhfhoirmiúil

Le linn lón neamhfhoirmiúil, bhí malartú tuairimí cuimsitheach ag na hairí maidir le hEoraip a bheidh iomaíoch agus digiteach tar éis 2030. Rinne na hairí machnamh ar bhealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun cur chuige atá fabhrach don nuálaíocht a chinntiú maidir le rialáil sa réimse digiteach agus scrúdaigh siad bearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun creat rialála lena gcothófaí fás a chinntiú le haghaidh chlaochlú digiteach an Aontais gan ualach breise riaracháin a bheith ar ghnólachtaí san Eoraip.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025