Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 17 Deireadh Fómhair 2023

Na príomhthorthaí

Athchóiriú ar an margadh leictreachais

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh (cur chuige ginearálta) i ndáil le togra chun dearadh mhargadh leictreachais an Aontais a leasú.

Is é is aidhm don athchóiriú go mbeidh praghsanna leictreachais níos neamhspleáiche ar phraghsanna luaineacha breoslaí iontaise agus go ndéanfar tomhaltóirí a chosaint ar arduithe tobanna ar phraghsanna, go háirithe trí fheabhas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn an margadh leictreachais fadtéarmach.

Teresa Ribera Rodríguez, an tríú Leas-Uachtarán gníomhach ar rialtas na Spáinne agus Aire na Spáinne um an aistriú éiceolaíoch agus um an dúshlán déimeagrafach
Is cúis bhróid dom a rá go bhfuil céim straitéiseach glactha againn inniu do thodhchaí an Aontais. Táimid tagtha ar chomhaontú nach bhféadfaí a shamhlú cúpla bliain ó shin. I measc na mbuntáistí do thomhaltóirí a bhaineann leis an gcomhaontú seo, beidh praghsanna fuinnimh i bhfad níos cobhsaí, spleáchas laghdaithe ar phraghas na mbreoslaí iontaise agus cosaint níos fearr ar ghéarchéimeanna amach anseo. Ina theannta sin, cuirfimid dlús le himscaradh foinsí in-athnuaite fuinnimh, foinse fuinnimh níos saoire agus níos glaine dár saoránaigh.
Teresa Ribera Rodríguez, an tríú Leas-Uachtarán gníomhach ar rialtas na Spáinne agus Aire na Spáinne um an aistriú éiceolaíoch agus um an dúshlán déimeagrafach
Teresa Ribera Rodríguez, an tríú Leas-Uachtarán gníomhach ar rialtas na Spáinne agus Aire na Spáinne um an aistriú éiceolaíoch agus um an dúshlán déimeagrafach

Is cuid d’athchóiriú níos leithne ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais é an togra sin ina bhfuil rialachán freisin atá dírithe ar fhaireachán agus trédhearcacht níos fearr (REMIT) chun cosaint an Aontais ar an gcúbláil margaidh a fheabhsú. Comhaontaíodh cur chuige ginearálta maidir le REMIT ag an gComhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (fuinneamh) an 19 Meitheamh 2023.

Gnó eile

Faoi aon ghnó eile, bhí Aire Fuinnimh na hÚcráine páirteach ann chun eolas a thabhairt maidir le comhar fuinnimh idir an tAontas agus an Úcráin roimh shéasúr an gheimhridh agus maidir le staid chóras fuinnimh na hÚcráine, lena n-áirítear an bonneagar.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir leis an dearbhú polaitiúil i ndáil le maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh agus maidir leis an gComhghuaillíocht Eorpach um Maoiniú i dtaca le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil do na hairí maidir leis na dréachtphleananna náisiúnta nuashonraithe fuinnimh agus aeráide (NECPanna), ag díriú ar staid na himeartha maidir le haighneachtaí agus measúnuithe ón gCoimisiún.

Thug an Coimisiún an fhaisnéis is déanaí do na hairí freisin maidir le hullmhacht do gheimhreadh 2023/2024.

Chuir an Eastóin agus an Fhionlainn na hairí ar an eolas faoin bpíblíne gháis dhamáistithe idir an dá thír.

Fuair na hairí faisnéis ón bPolainn maidir le tionchar an mhargaidh i lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa ar bheartas fuinnimh agus aeráide agus a indéanta atá sé spriocanna aistrithe fuinnimh a bhaint amach.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025