Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar), 1 Meitheamh 2023

Na príomhthorthaí

Tháinig na hairí atá freagrach as an iompar le chéile i Lucsamburg chun plé a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir athbhreithnithe i dtaca le ceadúnais tiomána agus rinne siad a machnamh ar dhul chun cinn i ndáil le treoir athbhreithnithe lena ndírítear ar mhalartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a éascú.

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil le comhpháirteanna iompair an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus comhaid reachtacha eile atá ar feitheamh.

Athchóiriú ar an treoir maidir le ceadúnais tiomána

An 1 Márta 2023, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh an ceathrú hathchóiriú ar an treoir maidir le ceadúnais tiomána mar chuid den ‘phacáiste sábháilteachta ar bhóithre’ d’fhonn sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus saorghluaiseacht daoine a éascú.

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle leis na hairí ag féachaint ar na bealaí a bhféadfaí cur leis an tsábháilteacht ar bhóithre san Aontas leis an bpíosa reachtaíochta sin. Chuir na hairí a dtuairimí in iúl maidir leis an gceanglas a bhaineann le féinmheasúnú sláinte sula n-eisítear nó sula n-athnuaitear ceadúnas tiomána agus maidir le cibé acu an soláthraíonn an togra ón gCoimisiún na gnéithe cearta i dtéarmaí digitithe agus oiriúnaithe d’fhorbairt theicneolaíoch. Maidir le ceadúnais tiomána dhigiteacha, chuir na hairí a dtuairimí in iúl maidir le príomheilimintí i ndáil lena ndearadh agus lena gcur chun feidhme e.g. i ndáil le caighdeáin an Aontais, inrialaitheacht, céimniú isteach agus an t-athrú de réir a chéile ó cheadúnais fhisiceacha. Le díospóireacht na n-airí, tugadh dea-chleachtais a chuir na Ballstáit i bhfeidhm chun tosaigh, ar féidir leas a bhaint astu don phróiseas reachtach leanúnach, agus leagadh béim ar na bunphrionsabail is gá a leanúint nuair a leanfaidh saineolaithe náisiúnta ar aghaidh leis an bplé ar an leibhéal teicniúil laistigh de chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle sna míonna amach romhainn.

Malartú faisnéise trasteorann i ndáil le coireanna tráchta

Tíolacadh an togra ón gCoimisiún chun Treoir 2015 maidir le malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a leasú an 1 Márta 2023, mar chuid den ‘phacáiste’ sábháilteachta ar bhóithre, arb é is aidhm dó a áirithiú go n-urramóidh tiománaithe neamhchónaitheacha na rialacha i mBallstáit eile.

Thug na hairí dá n-aire an tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an obair a rinneadh go dtí seo ag comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle maidir leis an athbhreithniú seo atá beartaithe. Chomhaontaigh siad gur uirlis úsáideach é an píosa reachtaíochta seo chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú trí chabhrú leis na húdaráis inniúla daoine atá freagrach as cionta tráchta trasteorann a shainaithint. Léiríodh sa díospóireacht aireachta, áfach, go bhfuil gá le tuilleadh oibre laistigh den Chomhairle sna míonna amach romhainn d’fhonn toradh maith a bhaint amach maidir leis an togra reachtach seo.

Aon ghnó eile

An Pacáiste ‘Oiriúnach do 55’

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil le comhpháirteanna iompair an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, eadhon:

  • an rialachán maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar (an tionscnamh FuelEU Maritime)
  • an rialachán maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha, (AFIR)
  • an rialachán maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe (an tionscnamh ReFuelEU Aviation)

Tograí reachtacha atá á scrúdú faoi láthair

Chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis na tograí reachtacha seo a leanas atá ar feitheamh:

  • na rialacháin maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair 2+ (pacáiste SES2+)
  • athbhreithniú ar an treoir maidir leis an gcreat chun córais chliste iompair a imscaradh (ITS)
  • an t-athbhreithniú ar an rialachán maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt (TEN-T)
  • an treoir maidir le héifeacht uile-Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe

Ábhair eile

An Úcráin

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi na forbairtí i réimse an iompair mar fhreagairt ar an gcogadh foghach a rinne an Rúis san Úcráin agus béim á leagan ar an tionscnamh lánaí dlúthpháirtíochta agus ar smachtbhannaí sonracha iompair i gcoinne na Rúise.

Eitlíocht

Chuir an Coimisiún treoir fhéideartha ar fáil maidir le hullmhúcháin do shéasúr aerthaistil an tsamhraidh, mar shampla comhordú soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus bearta chun suaitheadh a bhaineann le gníomhaíochtaí tionsclaíocha a theorannú, chun plódú agus moilleanna do phaisinéirí a chosc.

Thug toscaireachtaí na hOstaire, na Fraince, na hÉireann agus na hÍsiltíre aghaidh ar an tionchar comhshaoil a bhíonn ag taisteal ar scairdeitleán príobháideach ar leibhéal an Aontais.

Iompar de thalamh

Chuir toscaireacht na Seicia an Chomhairle ar an eolas faoin gcomhdháil a bheidh ann go luath ag comhlachas bóithre an domhain (PIARC) a bheidh ar siúl i bPrág ón 2 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2023.

Thug toscaireachtaí na Bulgáire, na Seicia, na Fraince, na hUngáire, na hIodáile, na Polainne, na Rómáine agus na Slóvaice aghaidh ar na caighdeáin nua astaíochtaí feithicle EURO 7 agus a dtionchar ar shoghluaisteacht san Aontas.

Thug toscaireachtaí na Gearmáine agus na hIodáile aghaidh ar an tsaincheist maidir le saorghluaiseacht earraí feadh mhótarbhealach Brenner.

Chuir toscaireachtaí na hÍsiltíre agus na hOstaire an tríú tuarascáil ar dhul chun cinn i láthair ón ardán maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí d’iarnród (IRP).

Loingseoireacht

Chuir toscaireacht na Fionlainne i láthair iarrthóireacht na Fionlainne ar phost Ard-Rúnaí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO)

Clár oibre na huachtaránachta

Thíolaic toscaireacht na Spáinne a tosaíochtaí agus a clár oibre don dara leath de 2023.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhain le liostaí na míreanna ‘A’ neamhreachtacha.

Lón neamhfhoirmiúil

Le linn lón neamhfhoirmiúil, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun iompar lasta níos éifeachtúla agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a bhaint amach. Phléigh na hairí na bearta agus na dúshláin is tábhachtaí chun an cuspóir sin a bhaint amach san Eoraip sna blianta amach romhainn. Léiríodh sa díospóireacht gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an eitlíocht agus ar an iompar muirí, ós rud é gurb iad sin, faoi láthair, na hearnálacha is deacra fós chun dícharbónú a dhéanamh, i bhfianaise a gcineáil dhomhanda, ról na rialachán idirnáisiúnta, timthriallta fada infheistíochta agus saolré fada na sócmhainní. Thug na hairí dá n-aire freisin a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a chomhordú agus scrúdaigh siad bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú a thuilleadh agus earraí á n-iompar. Ar deireadh, chuir na hairí chun suntais gur cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh freisin ar an mbeartas tionsclaíoch foriomlán, deiseanna chun acmhainneacht táirgeachta san Eoraip a mhéadú san áireamh, agus ar an gcaoi sin an gá agus an spleáchas ar allmhairí agus ar bhealaí iompair fhada a laghdú.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025