"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 19 Nollaig 2023
Na príomhthorthaí
Rialacháin Éigeandála
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontuithe polaitiúla maidir le tograí chun síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm trí rialachán éigeandála ón gComhairle, a glacadh i mí na Nollag 2022, faoi Airteagal 122 CFAE. Glacadh na bearta éigeandála anuraidh tráth ar chuir an Rúis tús lena cogadh foghach ar an Úcráin, chun feabhas a chur ar an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, chun dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite agus chun saoránaigh an Aontais a chosaint ar phraghsanna fuinnimh atá ró-ard.
Cuireadh síneadh leis na rialacháin éigeandála mar gheall ar na rioscaí leanúnacha do shlándáil sholáthar gáis an Aontais agus chun an luaineacht sa mhargadh agus praghsanna gáis ró-ard a chosc.
Is gá síneadh a chur leis na trí bheart éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar staid atá fós leochaileach san Aontas tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin. Cuirfidh sé sin ar ár gcumas cobhsaíocht na margaí fuinnimh a chinntiú, éifeacht na géarchéime a mhaolú agus saoránaigh an Aontais a chosaint ar phraghsanna fuinnimh atá ró-ard.
Teresa Ribera, Leas-Phríomh-Aire agus an tAire na Spáinne um an Aistriú Éiceolaíoch agus um an Dúshlán Déimeagrafach
Áirítear i Rialachán (AE) 2022/2576 bearta sealadacha éigeandála atá ceaptha praghsanna arda fuinnimh a laghdú agus slándáil an tsoláthair gáis a fheabhsú. Beidh feidhm aige ón 30 Nollaig 2022 ar feadh tréimhse bliana.
Tháinig airí fuinnimh an Aontais ar chomhaontú polaitiúil maidir le síneadh a chur leis an rialachán go ceann bliana eile go dtí an 31 Nollaig 2024.
Bearta an mhargaidh gáis leis an soláthar san Aontas a chinntiú agus a roinnt (Grafaic faisnéise)
Dlús a chur le húsáid an fhuinnimh in-athnuaite
Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2022/2577 dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh, spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú agus cuspóirí aeráide an Aontais a chur chun cinn a thuilleadh trí dhlús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid. Beidh feidhm aige ón 30 Nollaig 2022 ar feadh tréimhse 18 mí.
Chomhaontaigh na hairí go gcuirfear síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm forálacha áirithe leasaithe den rialachán go dtí an 30 Meitheamh 2025. Murab ionann agus an dá rialachán éigeandála eile, beadh níos mó i gceist leis na leasuithe ná síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm an rialacháin agus é sin amháin.
Oiriúnach do 55: an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an Aontas borradh a chur faoin bhfuinneamh in-athnuaite (Grafaic faisnéise)
Saoránaigh an Aontais agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna atá ró-ard
Le Rialachán (AE) 2022/2578, bunaítear córas ina bhfuil bearta sealadacha chun cosc a chur leis na harduithe tobanna ar phraghsanna gáis atá ró-ard san Aontas, praghsanna nach ionann iad agus na praghsanna atá ar an margadh domhanda. Beidh feidhm aige ón 1 Feabhra 2023 ar feadh tréimhse bliana.
Tháinig na hairí ar chomhaontú polaitiúil maidir le síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm an rialacháin go ceann bliana eile, go dtí an 31 Eanáir 2025.
Sásra margaidh chun arduithe iomarcacha ar phraghsanna gáis a theorannú (Grafaic faisnéise)
Gnó eile
Faoi 'aon ghnó eile', chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi na tograí reatha reachtacha. Go sonrach, chuir an Uachtaránacht faisnéis ar fáil do na hairí faoin togra chun feabhas a chur ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais agus ar phacáiste dícharbónaithe na margaí hidrigine agus gáis chomh maith leis na comhaid reachtacha eile faoinar thángthas ar chomhaontú polaitiúil ina leith le déanaí le Parlaimint na hEorpa i gcruinnithe tríthaobhacha: an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh agus an rialachán maidir le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh.
Bhí aire fuinnimh na hÚcráine, German Galushchenko, ann go cianda, chun an Chomhairle Fuinnimh a chur ar an eolas faoi staid an fhuinnimh san Úcráin anois agus an geimhreadh buailte linn agus maidir le staid chóras fuinnimh na hÚcráine.
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin scéala is déanaí i réimse an chaidrimh fuinnimh sheachtraigh.
Chomh maith leis sin, thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí do na hairí faoin ullmhacht don gheimhreadh.
Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoi mheasúnú an Choimisiúin ar na dréachtphleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide atá cothrom le dáta.
Ina theannta sin, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin bpráinn a bhaineann le cur chun feidhme na treorach maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus na treorach maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh.
Chuir an Liotuáin na hairí ar an eolas faoin imní leanúnach maidir le sábháilteacht agus trédhearcacht núicléach agus tús curtha le hoibríocht tráchtála an dara haonad de ghléasra cumhachta núicléiche na Bealarúise.
Chuir an Fhionlainn na hairí ar an eolas faoin imeacht a bhí ar siúl an 23 Samhain ag na margaí leictreachais lá roimh ré.
Chuir an Bheilg clár oibre a huachtaránachta inteachta i láthair.
Le linn am lóin, thíolaic ACER a thuarascáil ‘Freagairt ar an éileamh agus acmhainní fuinnimh dáilte eile: cé na bacainní atá á gcoinneáil siar?’
Ar deireadh, bhí dhá shearmanas sínithe ann: ceann amháin i ndáil leis an dearbhú polaitiúil maidir le maoiniú i dtaca le héifeachtúlacht fuinnimh agus an chomhghuaillíocht Eorpach um maoiniú i dtaca le héifeachtúlacht fuinnimh agus ceann eile maidir leisan gcairt um an ngaoth.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.