Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar), 4 Nollaig 2023

Na príomhthorthaí

Ghlac an Chomhairle a seasamh (‘cur chuige ginearálta’) maidir le codanna de na pacáistí reachtacha maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre agus an tsábháilteacht mhuirí, maidir leis an rialachán athbhreithnithe maidir le sosanna agus tréimhsí sosa in earnáil an iompair ócáideach do phaisinéirí agus maidir leis an rialachán atá beartaithe maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair.

Thug an Chomhairle dá haire freisin tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an togra ón gCoimisiún chun an treoir maidir le meáchain agus toisí d’fheithiclí tromshaothair a leasú. Ar deireadh, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis na comhaid reachtacha eile.

Óscar Puente, Aire iompair agus soghluaisteachta inbhuanaithe na Spáinne
D’éirigh go maith leis an gcruinniú: thángamar ar 8 gcomhaontú maidir leis na príomhchomhaid reachtacha, ina measc an t-athchóiriú ar cheadúnais tiomána, an malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta agus na treoracha maidir leis an tsábháilteacht mhuirí. Leis sin, beidh an Chomhairle in ann dul i mbun cainteanna le Parlaimint na hEorpa agus, ar deireadh, na comhaid sin a thabhairt chun críche faoin reachtas reatha.
Óscar Puente, Aire iompair agus soghluaisteachta inbhuanaithe na Spáinne
Óscar Puente, Aire iompair agus soghluaisteachta inbhuanaithe na Spáinne

Sábháilteacht ar bhóithre

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir leis an gceathrú leasú ar an reachtaíocht maidir le ceadúnais tiomána lena ndírítear ar fheabhas a chur ar an tsábháilteacht ar bhóithre agus ar an tsaorghluaiseachta éascú. Cumhdaítear leis an athchóiriú feabhas a chur ar scileanna tiomána, ar eolas agus ar shaineolas, mar shampla trí na gnéithe a áirítear i dtástálacha tiomána a thabhairt cothrom le dáta agus trí scéim a thabhairt isteach ar fud an Aontais le haghaidh tiomáint tionlactha le haghaidh ceadúnas B. Tugtar isteach bearta chun an iompraíocht chontúirteach a laghdú freisin, ina measc rialacha nuashonraithe maidir leis an oiriúnacht choirp agus mheabhrach, chomh maith le scéim uile-Aontais do thréimhse phromhaidh do thiománaithe nuacheadúnaithe. Tugtar isteach leis an togra freisin an fhéidearthacht maidir le ceadúnais tiomána dhigiteacha mar aon le creat le haghaidh comhar riaracháin idir údaráis inniúla na mBallstát agus déantar foráil ann maidir leis na próisis agus na ceanglais riaracháin a shimpliú.

Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir le malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta, lena ndírítear ar an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú tuilleadh trí raon feidhme na treorach a leathnú chuig cionta tráchta eile a bhaineann leis an tsábháilteacht ar bhóithre, agus trína áirithiú go n-urramóidh tiománaithe neamhchónaitheacha na rialacha tráchta agus iad ag tiomáint i mBallstáit eile trí na sásraí cúnaimh fhrithpháirtigh idir na Ballstáit a neartú chun gur fusa an duine lena mbaineann a shainaithint agus fíneálacha i leith cionta tráchta a fhorfheidhmiú. Tá sé d’aidhm aige freisin feabhas a chur ar chosaint ceart bunúsach na dtiománaithe neamhchónaitheacha.

Chomhaontaigh na hairí a thábhachtaí atá na píosaí reachtaíochta sin ina leagtar béim ar a gcuireann siad le fís an Aontais maidir leis an sprioc nach mbeadh oiread agus bás ná gortú amháin ar bhóithre na hEorpa faoi 2050. Sainorduithe caibidlíochta a bheidh sna seasaimh ón gComhairle sna cainteanna a bheidh ann amach anseo le Parlaimint na hEorpa.

Sábháilteacht mhuirí

Ghlac an Chomhairle a seasamh maidir le ceithre thogra maidir le rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt, le truailliú ó longa, le ceanglas stát brataí a chomhlíonadh agus le himscrúdú tionóiscí in earnáil an mhuiriompair, a tíolacadh mar chuid den phacáiste reachtach maidir le sábháilteacht mhuirí. Is é is aidhm do na tograí rialacha an Aontais maidir leis an tsábháilteacht mhuirí a nuachóiriú agus an truailliú uisce ó longa a laghdú, agus uirlisí nua a thabhairt don Aontas chun tacú le loingseoireacht ghlan nua-aimseartha.

Maidir le tionóiscí muirí, bhí gá le hailíniú le cód IMO chun tionóiscí a imscrúdú. Thairis sin, leis an seasamh ón gComhairle, leathnaítear raon feidhme na treorach chun soithí beaga iascaireachta a chur san áireamh ann. Dírítear sna leasuithe ón gComhairle freisin ar neamhspleáchas na gcomhlachtaí imscrúdaithe tionóiscí a áirithiú, chomh maith le rúndacht na dtorthaí.

Leis an seasamh ón gComhairle i ndáil leis an treoir maidir le rialú arna dhéanamh ag stát ar chalafort, dírítear ar a chinntiú go ndéanfar na rialacha a ailíniú leis na nósanna imeachta comhaontaithe i Meabhrán Comhthuisceana Pháras agus go n-áirítear ann forálacha breise de Choinbhinsiúin IMO atá i bhfeidhm cheana féin. Tugadh aghaidh freisin ar na rialacha maidir le cion cothrom na gcigireachtaí, maidir le cigireachtaí a chur ar athló, agus maidir le rochtain a dhiúltú. Tugadh isteachcóras deonach um rialú ar shoithí móra iascaireachta freisin. Tugtar isteach leis an téacs freisin modhnú ar an bpróifíl riosca i gcás inar chomhaontaigh an Chomhairle paraiméadar comhshaoil a chur san áireamh. Áirítear easnaimh a bhaineann le gnéithe sóisialta trí chur chun feidhme Choinbhinsiún EIS sa phróifíl riosca freisin. Ar deireadh, tagraítear sa seasamh ón gComhairle freisin d’úsáid deimhnithe leictreonacha, chun a n-úsáid a spreagadh.

Ba í an treoir maidir le ceanglais stát brataí an comhad ba chasta le caibidlíocht a dhéanamh ina leith. Tá roinnt modhnuithe sa seasamh ón gComhairle i gcomparáid leis an togra bunaidh ón gCoimisiún. Leis an seasamh sin, déantar an téacs a ailíniú le cód cur chun feidhme ionstraimí IMO (‘Cód III’). Tugtar aghaidh ann ar na hacmhainní daonna is gá chun comhlíonadh a áirithiú ar leibhéal riarachán an stáit brataí, ar shonraí atá le tuairisciú don Choimisiún agus ar úsáid dheonach bunachair sonraí chun faisnéis maidir le deimhnithe leictreonacha a mhalartú trí bhunachar sonraí faisnéise a úsáid. Tá rialuithe ionchorpraithe sa seasamh ón gComhairle a bhféadfar chur chuige rioscabhunaithe a ghlacadh chun iad a dhéanamh. Ar deireadh, tugtar aghaidh ann ar fhorbairt acmhainní chun na cúraimí riaracháin is gá a chur i gcrích agus tá maoluithe ann do Bhallstáit thalamhiata.

Leis an seasamh ón gComhairle i ndáil leis an treoir maidir le truailliú ó longa, tugtar isteach córas smachtbhannaí riaracháin lena gcruthaítear deighilt ón treoir nua maidir le coireanna comhshaoil. Leis an seasamh ón gComhairle, déantar an téacs a ailíniú a thuilleadh le Coinbhinsiún MARPOL agus ceadaítear do na Ballstáit an córas smachtbhannaí riaracháin a oiriúnú dá reachtaíocht náisiúnta. Leis an seasamh sin, cuirtear solúbthacht ar fáil maidir le hoibleagáidí taifeadta agus tuairiscithe chun ualaí riaracháin iomarcacha sna Ballstáit a sheachaint agus ceadaítear do na Ballstáit thalamhiata maolú ó chuid de na forálacha.

Cinntíonn seasaimh na Comhairle cothroime iomaíochta don earnáil agus feabhas á chur ag an am céanna ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú tríd an digitiú agus trí chomhar níos fearr ón Aontas. Agus iad ag teacht go hiomlán leis na cuspóirí sin, d’aontaigh na hairí go leagtar síos sna treoracha athbhreithnithe na bonnlínte le haghaidh iompar muirí níos sábháilte agus níos glaine san Eoraip. Sainorduithe caibidlíochta a bheidh sna seasaimh ón gComhairle chun dul i mbun cainteanna le Parlaimint na hEorpa.

Am oibre do thiománaithe bus agus cóiste

Ghlac an Chomhairle a seasamh i ndáil le rialachán athbhreithnithe maidir le tréimhsí sosa agus sosanna do thiománaithe in earnáil an iompair ócáideach paisinéirí. Is é is aidhm do na rialacha nua léiriú níos fearr a thabhairt ar chineál na hearnála agus ar na patrúin oibre lena mbaineann, lena bhforáiltear do mhéid áirithe solúbthachta maidir le dáileadh sosanna agus maidir leis na hamanna tosaithe le haghaidh tréimhsí scíthe, gan na híostréimhsí scíthe ráthaithe a ghiorrú ná na teorainneacha maidir le ham tiomána a leasú. Leag na hairí béim ar an ngné shóisialta den togra ós rud é go n-oibríonn tiománaithe gairmiúla faoi bhrú ard agus gur gá a gcuid sosanna agus tréimhsí scíthe a chosaint dá réir. Chuir siad i bhfios go láidir freisin gur éagsúil rithim oibre na dtiománaithe san earnáil seo ná rithim na dtiománaithe iompar lasta nó na dtiománaithe a chleachtann an gnáthsheirbhísí iompar paisinéirí, mar gheall ar an ardséasúracht agus na hachair éagsúla a thiomáintear. Sainordú caibidlíochta a bheidh sa seasamh ón gComhairle do chainteanna a dhéanfar amach anseo le Parlaimint na hEorpa.

Cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair

Ghlac an Chomhairle seasamh i ndáil le rialachán maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair. Is cuid den phacáiste reachtach ‘iompar lasta a ghlasú’ é an togra agus is é is aidhm dó feabhas a chur ar ríomh agus ar fhaisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na seirbhísí iompair ionas gur féidir le custaiméirí na roghanna iompair is inbhuanaithe a roghnú.

Áireofar an méid a leanas feasta sa seasamh ón gComhairle: solúbthacht do chuideachtaí beaga agus meánmhéide, glacadh le sonraí fíoraithe agus fíoraitheoirí atá creidiúnaithe cheana féin, mar shampla san earnáil mhuirí agus san eitlíocht, tar éis na reachtaíochta a tháinig as an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ le déanaí. Ina theannta sin, bheadh ar an gCoimisiún uirlis a fhorbairt chun cabhrú le cuideachtaí beaga agus meánmhéide. Ar deireadh, fágann téacs na Comhairle gur féidir astaíochtaí saolré a chur san áireamh amach anseo. Sainordú caibidlíochta a bheidh sa seasamh ón gComhairle chun dul i mbun cainteanna le Parlaimint na hEorpa.

Meáchain agus toisí d’fheithiclí tromshaothair

Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn i ndáil le togra ón gCoimisiún maidir leis na meáchain údaraithe uasta agus toisí údaraithe uasta d’fheithiclí tromshaothair, a tíolacadh freisin mar chuid lárnach den phacáiste ‘iompar lasta a ghlasú’. Is é is aidhm don togra dreasachtaí a chur ar fáil d’earnáil an iompair de bhóthar chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha agus i réitigh atá tíosach ar fhuinneamh. Thuig na hairí a thábhachtaí atá an togra chun tacú le haistriú na hearnála iompair i dtreo réitigh níos glaise.

Aon ghnó eile

Chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil le tograí reachtacha eile, ina measc an t-athbhreithniú ar an rialachán maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T), ‘pacáiste’ Aerspáis Eorpaigh Aonair 2+ (SES2+) a fhorbairt agus an treoir maidir leis an éifeacht uile-Aontais a bhíonn ag dícháiliú áirithe tiomána.

Chuir toscaireachtaí na Cróite, na Cipire, na Gréige, na hIodáile, Mhálta agus na Portaingéile an Chomhairle ar an eolas faoi na hábhair imní don earnáil lasta mhuirí a bhaineann le cur chun feidhme na treorach i ndáil leis an scéim trádála maidir le hastaíochtaí (ETS).

Thug toscaireachtaí na hÍsiltíre agus na hOstaire aghaidh ar shaincheist na tuirse ar phíolótaí Eorpacha.

Chuir toscaireachtaí na Polainne, na Slóvaice agus hUngáire an Chomhairle ar an eolas faoin tionchar atá ag earnáil an iompair sa chomhaontú idir an tAontas agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar.

Tharraing toscaireacht na hIodáile aird na Comhairle ar ról straitéiseach réigiún na nAlp maidir le nascacht iompair na hEorpa.

Thíolaic toscaireacht na Beilge a tosaíochtaí agus a clár oibre don chéad leath de 2024.

Lón neamhfhoirmiúil

Le linn lón neamhfhoirmiúil, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le bonneagar an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) a mhaoiniú. D’aontaigh na hairí gur príomhionstraim é beartas TEN-T chun bonneagar iompair atá comhleanúnach, nasctha agus ar ardchaighdeán a fhorbairt ar fud an Aontais lena neartaítear an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontais trí chórais iompair gan uaim thar theorainneacha, gan aon naisc ná scrogaill tráchta a bheith ann. Sa chomhthéacs sin, scrúdaigh na hairí conas a d’fhéadfadh ionstraim airgeadais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) an breisluach Eorpach is airde is féidir a bhaint amach ar bhealach níos fearr, trí dhíriú ar naisc thrasteorann, agus trí fhoráil a dhéanamh don bheartas iompair is éifeachtaí san Eoraip. Phléigh siad freisin tosaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann faoi SCE sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) atá ar na bacáin don tréimhse 2028-2034.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025