- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 4 Márta 2024
Na príomhthorthaí
Slándáil an tsoláthair agus ullmhacht an gheimhridh
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí ar an staid mar atá ó thaobh shlándáil an tsoláthair de mar aon le hullmhúcháin do gheimhreadh 2024-2025. I measc nithe eile, thug siad aghaidh ar bhealaí chun suaitheadh praghsanna nua a sheachaint, ina n-aonar agus i dteannta a chéile, agus chun an tslándáil fuinnimh a neartú, agus na spriocanna bunaithe maidir le dícharbónú agus deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise na Rúise á mbaint amach ag an am céanna.
D’áitigh Ballstáit éagsúla go raibh idirnaisc agus gréasáin fuinnimh atá idirnasctha go maith ina mbloc tógála bunriachtanach chun slándáil an tsoláthair a áirithiú le linn na géarchéime agus go mbeidh siad níos tábhachtaí fós sna blianta atá le teacht. I ndáil leis sin, d’áitigh go leor acu gur gá acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun forbairt líonraí fuinnimh trasteorann a áirithiú.
D’iarr roinnt mhaith airí go gcuirfí deireadh de réir a chéile le hallmhairiú gáis ón Rúis, le héagsúlú na mbealaí soláthair, le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, le leanúint de na hiarrachtaí measarthachta fuinnimh agus le dlús a chur leis an leictriú mar bhealaí tábhachtacha chun athléimneacht a mhéadú agus chun slándáil an tsoláthair a áirithiú.
Sa chomhthéacs sin, tháinig siad ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le leanúint de bhearta comhordaithe chun an t-éileamh ar ghás a laghdú. Leis an ionstraim neamhcheangailteach sin, spreagtar na Ballstáit leanúint dá n-iarrachtaí a n-éileamh ar ghás a laghdú 15 % (i gcomparáid leis an tréimhse thagartha ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2022), agus aitheantas á thabhairt d’imthosca sonracha ag an am céanna.
- Slándáil an tsoláthair gáis: na Ballstáit tagtha ar chomhaontú maidir le moladh chun leanúint de bhearta deonacha chun an t-éileamh a laghdú (preaseisiúint, an 4 Márta 2024)
- An sprioc maidir le laghdú 15 % ar an éileamh ar ghás glactha go foirmiúil ag an gComhairle (preaseisiúint, an 30 Márta 2023)
- Rialachán glactha ag an gComhairle maidir leis an éileamh ar ghás a laghdú 15% an geimhreadh seo (preaseisiúint, an 5 Lúnasa 2022)
Tá an-dul chun cinn déanta againn ó 2022 trí bhearta comhordaithe a ghlacadh san Aontas agus trí fhreagairt thapa a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh arb é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis léi. Léiríonn an comhaontú polaitiúil ar thángthas air inniu go bhfuilimid tiomanta leanúint de bheith ullamh i gcoinne aon chur isteach ar an soláthar agus geimhreadh sábháilte a ráthú dár saoránaigh agus dár dtionscail. Tinne Van der Straeten, Aire Fuinnimh na Beilge
Solúbthacht mar uirlis don aistriú fuinnimh
Bhí malartú tuairimí ag na hairí freisin maidir leis an tsolúbthacht mar uirlis bhunriachtanach don aistriú fuinnimh agus chun go bhféadfar breoslaí iontaise na Rúise a dhíchúpláil.
Shainaithin siad na scrogaill is tábhachtaí ó thaobh solúbthacht a ghiaráil, chomh maith le dreasachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann trí scéimeanna tacaíochta. Phléigh siad bacainní teicniúla, rialála agus eacnamaíocha chun solúbthacht a scaoileadh ar leibhéal tomhaltóirí teaghlaigh aonair.
Thairis sin, shainaithin siad leictriú tionscal agus idirnascadh trasteorann mar mhodhanna solúbthachta mórscála. Mar fhocal scoir, bhí seisiún tuairimíochta acu freisin maidir le haon athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chórais taraifí náisiúnta d’oibreoirí eangaí tarchurtha agus dáileacháin, tar éis an athchóirithe a rinneadh le déanaí ar an margadh leictreachais, mar bhealach chun solúbthacht a dhreasú.
Earnáil na grianchumhachta san Eoraip
Le linn an lóin, phléigh na hairí staid earnáil na grianchumhachta san Eoraip. Phléigh siad an rannchuidiú tábhachtach is féidir le fótavoltachas gréine a thabhairt chun breoslaí iontaise na Rúise a dhíchúpláil faoi 2027 (faoi phlean REPowerEU, meastar go bhféadfadh sé teacht in ionad 9bcm gáis).
Thug na hairí dá n-aire na mínithe ó na haíonna ar tugadh cuireadh dóibh ó Solar Power Europe agus ón gComhairle Eorpach um Dhéantúsaíocht Ghréine. Dúirt siad an dlús suntasach a cuireadh le himscaradh fótavoltach gréine ar fud na hEorpa, agus thug siad dá n-aire freisin go measann an Coimisiún gur gá níos mó a dhéanamh.
Thacaigh na hairí i gcoitinne freisin le gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tacú le monaraíocht ghréine na hEorpa agus chun an monarú sin a mhéadú, inter alia trí dhíriú ar an nuálaíocht agus ar cheantanna spriocdhírithe, agus thug go leor acu rabhadh i gcoinne bearta sriantacha maidir le hallmhairí gréine.
Gnó eile
Faoi aon ghnó eile, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit d’fhonn cuspóirí 2030 le haghaidh an fuinneamh agus an aeráid a bhaint amach.
Chuir Aire Fuinnimh na hÚcráine, German Galushchenko, na hairí ar an eolas (trí fhíschomhdháil) faoin staid fuinnimh sanÚcráin freisin.
D’iarr toscaireacht na Liotuáine ar an gCoimisiún Eorpach aon ghníomhaíocht phráinneach a fhiosrú agus na tograí reachtacha is gá a chur chun cinn chun spriocdháta an 1 Eanáir 2027 ar a dhéanaí a fhorfheidhmiú chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis, lena n-áirítear GNL ón Rúis, agus é á áitiú ag an am céanna gur cheart, leis an reachtaíocht sin, go dtabharfaí de chumhacht do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun an spriocdháta sin a bhaint amach.
Chuir airí fuinnimh na hOstaire, na Seice, na hUngáire agus na Slóvaice eolas ar fáil faoi thionchar an mhuirir neodrachta stórála gáis agus faoin ngá atá le comhordú níos fearr ar an leibhéal Eorpach.
Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- Slándáil an tsoláthair gáis: Ballstáit tagtha ar chomhaontú maidir le moladh chun leanúint de bhearta deonacha chun an t-éileamh a laghdú
- 04/03/2024
- An Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach: Dlí nua glactha ag an gComhairle maidir le seirbhísí poiblí digiteacha níos éifeachtúla ar fud an Aontais
- 04/03/2024
- Dreamhthrealamh leictreach agus leictreonach: Leasuithe glactha ag an gComhairle chun soiléiriú a dhéanamh ar cé a íocann as costais bhainistíochta
- 04/03/2024
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Samhain 2025