Airteagal 96 - Eilimintí bunriachtanacha: an nós imeachta comhairliúcháin agus bearta iomchuí maidir le cearta an duine, prionsabail an daonlathais agus an smacht reachta
" 1. De réir bhrí an Airteagail seo, tagraíonn an téarma ‘Páirtí’ don Chomhphobal agus do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ar thaobh amháin, agus gach Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC), ar an taobh eile.
1.(a) Aontaíonn an dá pháirtí go dtapófar gach deis dá bhfuil ann chun ábhar a phlé ina iomláine faoi Airteagal 8, ach amháin i gcásanna práinne speisialta, sula gcuirfear tús leis an gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 2(a) den Airteagal seo.
2.(a) Más rud é, in ainneoin an idirphlé pholaitiúil maidir leis na heilimintí bunriachtanacha dá bhforáiltear faoi Airteagal 8 agus faoi mhír 1a den Airteagal seo, go meastar do Pháirtí gur mhainnigh an Páirtí eile oibleagáid a chomhlíonadh a bhaineann le hurraim do chearta an duine, do phrionsabail an daonlathais nó don smacht reachta dá dtagraítear in Airteagal 9(2), cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha is gá faoi bhráid an Pháirtí eile agus faoi bhráid Chomhairle na nAirí, ach amháin i gcásanna práinne speisialta, chun scrúdú críochnúil a dhéanamh ar an gcás d’fhonn teacht ar réiteach atá inghlactha ag na Páirtithe. Chun na críche sin, iarrfaidh sé ar an bPáirtí eile dul i mbun comhairliúcháin ina ndíreofar ar na bearta a rinneadh nó atá le déanamh ag an bPáirtí lena mbaineann chun an cás a réiteach i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.
Rachfar i mbun na gcomhairliúchán ar an leibhéal is iomchuí agus san fhoirm is iomchuí chun teacht ar réiteach.
Cuirfear tús leis an gcomhairliúchán sin tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis iarraidh ina leith sin agus mairfidh sé ar feadh tréimhse a shocrófar trí chomhaontú frithpháirteach, ag brath ar chineál an tsáraithe agus ar chomh tromchúiseach agus atá an sárú. Ní mhairfidh an t-idirphlé faoin nós imeachta comhairliúcháin níos faide ná 120 lá i gcás ar bith.
Más rud é, leis an gcomhairliúchán, nach dtagtar ar réiteach is inghlactha ag an dá pháirtí, nó má dhiúltaítear don chomhairliúchán nó i gcásanna práinne speisialta, féadfar bearta iomchuí a ghlacadh. Déanfar na bearta sin a chúlghairm a luaithe nach mbeidh na cúiseanna ar chucu a glacadh iad i réim a thuilleadh.
(b) Tagróidh an téarma ‘cásanna práinne speisialta’ do chásanna eisceachtúla thar a bheith tromchúiseach agus ina ndéantar sárú uafásach ar cheann de na heilimintí bunriachtanacha dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 9, a gcaithfear dul i ngleic leo láithreach.
An Páirtí a théann i muinín an nós imeachta práinne speisialta, tabharfaidh sé fógra ina leith sin ar leithligh don Pháirtí eile agus do Chomhairle na nAirí mura rud é nach mbeidh am aige sin a dhéanamh.
(c) Na 'bearta iomchuí' dá dtagraítear san Airteagal seo, is bearta iad a ghlactar i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus atá comhréireach leis an sárú. Agus na bearta sin á roghnú, ní foláir tús áite a thabhairt do na cinn sin is lú a chuirfidh isteach ar an gComhaontú seo a chur i bhfeidhm.
Tuigtear gur mar rogha dheiridh a rachfaí i muinín fionraí.
Má ghlactar bearta i gcásanna práinne speisialta, déanfar iad a chur in iúl láithreach don Pháirtí eile agus do Chomhairle na nAirí. Arna iarraidh sin don Pháirtí lena mbaineann, féadfar dul i mbun comhairliúcháin d’fhonn an cás a iniúchadh go hiomlán agus, más féidir, teacht ar réiteach. Cuirfear na comhairliúcháin sin i gcrích i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach sa dara agus sa tríú fomhír de mhír (a)."
Sliocht as Comhaontú Cotonou
An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024