Comhaontú iar-Cotonou
Is creat uileghabhálach é an Comhaontú iar-Cotonou don chaidreamh idir an tAontas agus tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin.
An 15 Samhain, tar éis a shínithe, tugadh Comhaontú Shamó ar Chomhaontú Iar-Cotonou.
Is creat uileghabhálach é Comhaontú Shamó le haghaidh an chaidrimh idir an tAontas agus tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin.
Comhaontú Comhpháirtíochta nua AE-ESACC
Is creat dlíthiúil nua a bheidh sa chomhaontú comhpháirtíochta nua don chaidreamh idir an tAontas agus 79dtír eile. Áirítear leis sin 47 dtír san Afraic,16 i Mhuir Chairib agus 15 thír san Aigéan Ciúin, agus Poblacht Oileáin Mhaildíve.
Is é is aidhm don chomhaontú neart a chur le cumas an Aontais agus na dtíortha ACC aghaidh a tabhairt ar dhúshláin dhomhanda le chéile.
Leagtar comhphrionsabail síos ann agus cumhdaítear na sé réimse tosaíochta seo a leanas leis:
- an daonlathas agus cearta an duine
- fás agus forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch
- an t-athrú aeráide
- forbairt dhaonna agus shóisialta
- an tsíocháin agus an tslándáil
- imirce agus soghluaisteacht
Beidh bunúscomhchoiteann sa chomhaontú ar leibhéal ACC agus beidh trí phrótacal réigiúnacha ann don Afraic, do Mhuir Chairib agus don Aigéan Ciúin inar leagfar béim ar riachtanais shonracha na réigiún.
- Iar-Cotonou: Idirbheartaithe tagtha ar chomhaontú polaitiúil maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta nua idir an tAontas agus Grúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (an Coimisiún Eorpach)
- I dtreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic (an Coimisiún Eorpach)
An 20 Iúil 2023, cheadaigh an Chomhairle síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Chomhpháirtíochta, mar an creat dlíthiúil nua go ceann 20 bliain, ag teacht i ndiaidh Chomhaontú Cotonou.
Déanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit agus comhaltaí Eagraíocht na Stát ACC an comhaontú nua a shíniú go hoifigiúil sna míonna ina dhiaidh sin. Cuirfear tús lena chur i bhfeidhm sealadach ar an gcéad lá den dara mí tar éis an tsínithe.
Comhaontú Cotonou
Glacadh an creat comhpháirtíochta atá ann faoi láthair, Comhaontú Cotonou, in 2000 chun teacht i gcomharbas ar Choinbhinsiún Lomé 1975. Is ar feadh tréimhse 20 bliain a tugadh i gcrích é.
Bhí an comhaontú le dul in éag i mí Feabhra 2020 ar dtús. Cuireadh síneadh lena fhorálacha go dtí an 30 Samhain 2021, ach amháin má chuirtear an comhaontú comhpháirtíochta nua idir an tAontas agus Stáit ACC i bhfeidhm go sealadach nó má thagann sé i bhfeidhm roimh an dáta sin.
Is é is aidhm do Chomhaontú Cotonou an bhochtaineacht a laghdú agus a dhíothú ar deireadh, agus cur le Stáit ACC a lánpháirtiú i ngeilleagar an domhain de réir a chéile.
Tá sé bunaithe ar thrí cholún:
- an comhar um fhorbairt
- an comhar eacnamaíoch agus trádála
- an ghné pholaitiúil
Caidreamh an Aontais le tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (Grafaic faisnéise)
Institiúidí comhpháirteacha (Comhaontú Cotonou)
Is í Comhairle na nAirí ACC-AE institiúid uachtarach chomhpháirtíocht ACC-AE. Tagann sí le chéile uair sa bhliain, gach ré seal sa Bhruiséil agus i gceann de Bhallstáit ACC, agus tá sí comhdhéanta díobh seo a leanas:
- comhaltaí de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh
- comhalta de chuid an Choimisiúin
- comhalta de chuid rialtas gach stát ACC
Tugann Coiste Ambasadóirí ACC-AE cúnamh do Chomhairle na nAirí agus déanann sé faireachán ar chur chun feidhme Chomhaontú Cotonou.
Scrúdaíonn an Coiste ACC-AE um Chomhar i Maoiniú na Forbraíochta cur chun feidhme an chomhair i maoiniú na forbraíochta agus déanann sé faireachán ar dhul chun cinn.
Pléann Comhchoiste Aireachta ACC-AE um Thrádáil aon cheist a bhaineann le trádáil ar ábhar imní í do gach stát ACC. Déanann sé faireachán ar chaibidlíocht agus cur chun feidhme na gcomhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche. Scrúdaíonn sé freisin an tionchar a bhíonn ag caibidlíocht iltaobhach trádála ar thrádáil idir tíortha ACC agus an tAontas agus ar fhorbairt na ngeilleagar ACC.
Comhlacht comhairleach is ea Comhthionól Parlaiminteach ACC-AE ina bhfuil an líon céanna d'ionadaithe AE agus ionadaithe ACC. Cuireann an tionól próisis dhaonlathacha chun cinn agus éascaíonn sé tuiscint níos fearr idir muintir an Aontais agus muintir na stát ACC. Ina theannta sin, pléann sé saincheisteanna a bhaineann leis an bhforbairt agus le comhpháirtíocht ACC-AE, na comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche, san áireamh.
Réimsí gníomhaíochta reatha
1. Forbairt
Tacaíonn an tAontas le cláir agus tionscnaimh a théann chun leas tíortha éagsúla i ngrúpa na stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin. Tá cláir aige freisin le haghaidh tuilleadh fás agus forbairt eacnamaíoch agus réigiúnach do réigiúin shonracha in ACC.
Faoi bhuiséad nua fadtéarmach an Aontais 2021-2027, maoiníonn an tAontas an chuid is mó dá chuid clár forbraíochta do thíortha comhpháirtíochta ACC tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta. Tabharfar clúdach airgeadais iomlán de thuairim €79.5 billiún (i bpraghsanna reatha) don Ionstraim sin. Scoirfear an Ciste Eorpach Forbraíochta, a maoiníodh le ranníocaíochtaí díreacha ó na Ballstáit, ó 2021 ar aghaidh.
2. Trádáil
Tá sraith de chomhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche (CCEnna) caibidlithe ag an Aontas le 79 dtír ACC. Is éard is aidhm do na comhaontuithe sin comhpháirtíocht chomhroinnte don trádáil agus don fhorbairt a chruthú agus tacú leis an bhforbairt.
Is í an Chomhairle a thugann sainordú don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh i leith na gcomhaontuithe sin agus a chaithfidh a síniú a chur leis an gcomhaontú deiridh tar éis a thabhairt chun críche.
CCEnna le tíortha san Afraic
Rinneadh an chaibidlíocht maidir le CCE le 16 stát ón Afraic Thiar, Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar agus Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hAfraice Thiar a thabhairt chun críche i mí Iúil 2014. Tá an próiseas sínithe á dhéanamh faoi láthair. Go dtí go nglacfar CCE réigiúnach iomlán leis an Afraic Thiar, tá comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche eatramhacha leis an gCósta Eabhair agus le Gána i bhfeidhm go sealadach ón 3 Meán Fómhair 2016 agus ón 15 Nollaig 2016 faoi seach.
Chomh maith leis sin i mí Iúil 2014, tugadh caibidlíocht chun críche go rathúil le tíortha i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice. Síníodh an comhaontú an 10 Meitheamh 2016 in Kasane, an Bhotsuáin. Tháinig sé i bhfeidhm go sealadach an 10 Deireadh Fómhair 2016.
I mí Dheireadh Fómhair 2014, tugadh caibidlíocht chun críche go rathúil le Comhphobal na hAfraice Thoir. Tá an próiseas sínithe á dhéanamh faoi láthair.
Ba é Camarún an t-aon tír sa réigiún a shínigh an comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche idir an tAontas agus an Afraic Láir an 15 Eanáir 2009. Tháinig an comhaontú i bhfeidhm go sealadach an 4 Lúnasa 2014.
I réigiún na hAfraice Thoir agus Theas, shínigh Oileán Mhuirís, na Séiséil, an tSiombáib agus Madagascar comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche in 2009. Tá an comhaontú á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 14 Bealtaine 2012 i leith.
Comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche i réigiún Mhuir Chairib
I mí Dheireadh Fómhair 2008, shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche le Fóram Mhuir Chairib (CARIFORUM), grúpa de 15 stát i Muir Chairib. Tá comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche idir tíortha CARIFORUM agus an tAontas Eorpach á chur i bhfeidhm go sealadach ón 29 Nollaig 2008 i leith.
Comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche i réigiún an Aigéin Chiúin
Shínigh Nua-Ghuine Phapua an comhaontú eatramhach comhpháirtíochta eacnamaíche idir an tAontas agus na stáit ACC san Aigéan Ciúin i mí Iúil 2009 agus shínigh Fidsí é i mí na Nollag 2009. Dhaingnigh Nua-Ghuine Phapua é i mí Bealtaine 2011. I mí Iúil 2014, chinn Fidsí tosú ar an gcomhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach. As na 14 thír san Aigéan Ciúin, is le Nua-Ghuine Phapua agus le Fidsí a dhéantar formhór na trádála idir an tAontas agus réigiún an Aigéin Chiúin. D’aontaigh Samó do CCE an 21 Nollaig 2018 agus d’aontaigh Oileáin Sholomón dó an 17 Bealtaine 2020.
3. Imirce
Tá an imirce ina gné thábhachtach den chaidreamh idir an tAontas agus tíortha ACC. Leagtar síos an creat maidir le comhar sa réimse seo in Airteagal 13 de Chomhaontú Cotonou.
Áirítear san airteagal sin míreanna maidir le feabhas a chur ar na dálaí i dtíortha tionscnaimh agus idirthurais, maidir le himirce dhleathach agus maidir le filleadh inimirceach neamhdhleathach.
I mí na Samhna 2015, bhí cruinniú mullaigh idir an tAontas agus ceannairí na dtíortha sin san Afraic is mó lena mbaineann chun comhar polaitiúil maidir leis an imirce a neartú. Tháinig siad ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta, agus a bhfuil 16 ghníomhaíocht nithiúla san áireamh orthu. Anuas air sin, rinneadh Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais ar mhaithe le cobhsaíocht agus le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus daoine easáitithe san Afraic a sheoladh freisin ag an gcruinniú mullaigh.
Freagairt ar bhrú imirce
Tá an Chomhairle agus an Chomhairle Eorpach ag obair chun beartas cuimsitheach Eorpach maidir leis an imirce a bhunú
4. Nós imeachta comhairliúcháin (Airteagal 96)
Bunaítear nós imeachta le Comhaontú Cotonou a fhéadfar a úsáid i gcásanna nach gcomhlíonann ceann de na páirtithe na gnéithe sár-riachtanacha den chomhpháirtíocht. Ina measc sin, tá urraim do chearta an duine, prionsabail dhaonlathacha agus an smacht reachta.
Is é an sprioc atá leis an nós imeachta sin gnáthchaidreamh idir na comhpháirtithe a bhunú arís. Mura dtagtar ar chomhaontú, féadfaidh an páirtí a sheol an próiseas bearta a ghlacadh maidir le tionscadail chomhair agus cúnamh forbraíochta.
Ar thaobh an Aontais de, is féidir leis an gComhairle an próiseas sin a sheoladh trí chuireadh chun comhairliúchán. Treoraíonn sí na comhairliúcháin agus glacann sí an cinneadh lena dtugtar chun críche iad.