Amlíne – an chibearshlándáil
-
2025
-
6 Meitheamh Treoirphlean maidir le bainistiú cibirghéarchéimeanna glactha
An 6 Meitheamh 2025, ghlac na hairí treoirphlean an Aontais maidir le bainistiú cibirghéarchéimeanna glactha, arb éard atá ann plean lena dtugtar treoir maidir le freagairt an Aontais ar theagmhais mhórscála chibearshlándála nó ar chibirghéarchéimeanna.
-
2024
-
2 Nollaig An Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht glactha
An 2 Nollaig 2024, ghlac na hairí an Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht. Is é is aidhm do na rialacha nua dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí an Aontais a neartú chun bagairtí agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh, agus chun feabhas a chur ar a chibear-athléimneacht.
-
10 Deireadh Fómhair Gníomh cibear-athléimneachta glactha ag an Aontas
Ghlac an Chomhairle dlí nua maidir le ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha d’fhonn a chinntiú go mbeidh táirgí, mar atá ceamaraí baile nasctha, cuisneoirí, teilifíseáin agus bréagáin, sábháilte sula gcuirfear ar an margadh iad.
-
24 Meitheamh Smachtbhannaí nua glactha ag an Aontas i gcoinne cibirionsaithe
Ghlac an Chomhairle smachtbhannaí breise i gcoinne seisear a raibh baint acu le cibirionsaithe a rinne difear do chórais faisnéise a bhain le bonneagar criticiúil, feidhmeanna criticiúla stáit, stóráil nó próiseáil faisnéise rúnaicmithe agus foirne práinnfhreagartha rialtais i mBallstáit an Aontais.
I measc na ndaoine ar ar gearradh smachtbhannaí tá baill de ghrúpaí Callisto, Armageddon agus Wizard Spider.
-
2023
-
19 Iúil Comhsheasamh na Comhairle maidir leis an nGníomh um Chibear-athléimneacht
Tháinig ionadaithe na mBallstát (Coreper) ar chomhsheasamh maidir leis an reachtaíocht atá beartaithe i ndáil le ceanglais chothrománacha cibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil comhpháirteanna digiteacha (an gníomh um chibear-athléimneacht).
Leis na rialacha nua atá beartaithe, táthar ag iarraidh a chinntiú go mbeidh táirgí ag a bhfuil comhpháirteanna digiteacha (mar shampla ceamaraí baile nasctha, cuisneoirí cliste, teilifíseáin agus bréagáin) sábháilte sula dtiocfaidh siad isteach i margadh aonair an Aontais.
-
26 Meitheamh Comhaontú sealadach maidir leis an gcibearshlándáil i gcomhlachtaí an Aontais
Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú sealadach maidir le creat coiteann don chibearshlándáil in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.
Cuideoidh an comhaontú le feabhas a chur ar a n-athléimneacht agus ar a n-acmhainneachtaí freagartha teagmhas, agus le caighdeáin choiteanna agus comhar a áirithiú.
Ina dhiaidh sin, cuirfear bailchríoch ar an gcomhaontú ar an leibhéal teicniúil agus ansin seolfar chuig ambasadóirí an Aontais é lena dheimhniú. Ach a ndearbhófar é sa Chomhairle agus sa Pharlaimint araon, glacfaidh an dá institiúid go foirmiúil é.
-
23 Bealtaine Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le beartas an Aontais i ndáil leis an gcibearchosaint
Agus an cibearspás mar réimse don iomaíocht straitéiseach, tagann méadú ar na rioscaí maidir le slándáil agus cosaint an Aontais tráth a bhfuil teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid agus sinn ag brath níos mó ar theicneolaíochtaí digiteacha.
Sna conclúidí ón gComhairle maidir leis an gcibearchosaint, leagtar béim ar an ngá atá ann go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit an méid seo a leanas:
- a n-athléimneacht a neartú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar chibearbhagairtí
- an chibearshlándáil choiteann agus an chibearchosaint a mhéadú i gcoinne iompraíocht mhailíseach agus gníomhartha foghacha sa chibearspás
-
2022
-
28 Samhain Reachtaíocht nua maidir le cibearshlándáil agus athléimneacht glactha ag an gComhairle (NIS2)
Ghlac an Chomhairle reachtaíocht chun ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais a chinntiú, chun tuilleadh feabhais a chur ar athléimneacht agus acmhainneacht freagartha ar theagmhais na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí agus ar fud an Aontais.
Tiocfaidh an treoir nua, ar a dtugtar ‘NIS2’, in ionad na treorach atá ann faoi láthair maidir le slándáil na gcóras gréasáin agus faisnéise (an treoir NIS).
-
18 Samhain An chibearshlándáil in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais: a seasamh glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle a seasamh maidir le creat coiteann don chibearshlándáil in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.
I mí an Mhárta 2022, mhol an Coimisiún Eorpach bearta arb é is aidhm dóibh ardleibhéal cibearshlándála coiteann a áirithiú i bhfianaise líon méadaithe cibirionsaithe sofaisticiúla i gcoinne riarachán poiblí an Aontais.
Trí chreat coiteann a chruthú, tá sé mar aidhm ag na bearta seo feabhas a chur ar acmhainneachtaí athléimneachta agus freagartha do theagmhais in eintitis uile an Aontais agus aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí sa chuir chuige acu.
Tar éis don Chomhairle a seasamh a ghlacadh, beidh mar chéad chéim eile, tús a chur le caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, a luaithe a bheidh vóta caite ag an bParlaimint maidir lena sainordú caibidlíochta.
-
17 Deireadh Fómhair Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le slándáil an tslabhra soláthair TFC
Ghlac an Chomhairle conclúidí ina n-iarrtar go neartófaí slándáil shlabhraí soláthair an Aontais i ndáil le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC). Tugtar aghaidh sna conclúidí freisin ar spleáchais i slabhraí soláthair TFC. Tá an gairm chun gnímh níos práinní fós i gcomhthéacs ionsaí na Rúise ar an Úcráin.
dath: mar a bhí roimhe; dath: mar a bhí roimhe; dath: mar a bhí roimhe; Sna conclúidí, éilíonn an Chomhairle go ndéanfar coigeartú ar chreataí scagtha i ndáil le soláthar poiblí nó infheistíocht dhíreach choigríche, critéir roghnúcháin a bhaineann leis an gcibearshlándáil san áireamh. D’iarr na Ballstáit ar an gCoimisiún treoirlínte modheolaíochta a eisiúint chun údaráis chonarthacha a spreagadh chun díriú go hiomchuí ar chleachtais chibearshlándála na dtairgeoirí agus a bhfochonraitheoirí.
Sainaithnítear sna conclúidí reachtaíocht chibearshonrach atá ann cheana agus atá le teacht a d’fhéadfadh cur le slándáil an tslabhra soláthair TFC freisin:
- dath: mar a bhí roimhe; an treoir athbhreithnithe maidir le Slándáil Gréasán agus Faisnéise (NIS2)
- dath: mar a bhí roimhe; scéimeanna deimhniúcháin a eisítear faoi chuimsiú an chreata a leagtar amach sa Ghníomh um Chibearshlándáil
- dath: mar a bhí roimhe; togra an Ghnímh um Chibear-athléimneacht
Moltar sna conclúidí freisin úsáid a bhaint as sásraí tacaíochta chun bonneagar digiteach slán a mhaoiniú, comhthuiscint agus feasacht a fheabhsú, agus comhar idirnáisiúnta a dhoimhniú chun slándáil an tslabhra soláthair TFC san Aontas agus lasmuigh de a mhéadú.
-
21 Meitheamh Conclúidí ón gComhairle maidir le creat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha
I gcomhthéacs fhogha na Rúise faoin Úcráin agus tar éis don Chomhairle Eorpach an Compás Straitéiseach a fhormhuiniú an 24 agus an 25 Márta, d’athdhearbhaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh sna conclúidí uaithi a thábhachtaí atá sé bosca uirlisí hibrideach an Aontais a fhorbairt.
Tugtar creat isteach leis an mbosca uirlisí sin chun freagairt chomhordaithe a thabhairt ar bhagairtí agus ar fheachtais hibrideacha a dhéanann difear don Aontas agus dá chomhpháirtithe. Tugtar le chéile na gníomhaithe, na beartais agus na hionstraimí ábhartha uile chun tionchar na mbagairtí hibrideacha a ghleic ar bhealach níos comhordaithe.
Dearbhaíonn an Chomhairle an athuair gurb iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as bagairtí hibrideacha a chomhrac agus cuireann sí i bhfios go láidir gur cheart, leis na cinntí maidir le freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha:
- an daonlathas agus an dlí idirnáisiúnta a chosaint
- cuspóirí an Aontais a bhaint amach
- na cinntí a bheith comhréireach le gach feachtas
- d’fheasacht staide a bheith ag gabháil leo
- an comhthéacs níos leithne a chur san áireamh iontu
- an dlí idirnáisiúnta a urramú agus cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint
-
23 Bealtaine Cibearspás: an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le cibearshlándáil an Aontais a neartú agus cibirionsaithe a chosc
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le cibirsheasamh an Aontais a fhorbairt, a bhaineann le neart agus athléimneacht fhoriomlán chibearshlándálai ndáil le cibearbhagairtí.
Tríd an gcibirsheasamh, is fearr is féidir leis an Aontas cur i gcoinne na gcibirghníomhaíochtaí ionsaitheacha lena ndírítear ar an Aontas agus a Bhallstáit. Is é an aidhm atá ann freagairt ar bhealach láithreach agus fadtéarmach ar ghníomhaithe atá ag iarraidh rochtain shlán agus oscailte ar chibearspás a dhiúltú don Aontas, lena n-áirítear trí bhagairtí a chosc agus a dhíspreagadh agus cibearchumais a fheabhsú ag an am céanna.
Eascraíonn na conclúidí as roinnt dlíthe agus beartas de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Compás Straitéiseach, plean gníomhaíochta an Aontais chun a bheartas slándála agus cosanta a neartú faoi 2030.
-
16 Bealtaine Cibirionsaithe: síneadh curtha ag an gComhairle leis an gcóras smachtbhannaí
Chinn an Chomhairle síneadh trí bliana, go dtí an 18 Bealtaine 2025, a chur leis an gcreat do bhearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe atá ina mbagairt ar an Aontas agus ar a Bhallstáit.
Leis an gcreat sin tá sé ar chumas an Aontais bearta sriantacha spriocdhírithe a fhorchur ar dhaoine nó ar eintitis a bhfuil baint acu le cibirionsaithe a mbíonn tionchar suntasach acu, agus atá ina mbagairt sheachtrach ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.
-
13 Bealtaine An chibearshlándáil agus athléimneacht ar fud an Aontais a neartú – comhaontú maidir leis an Treoir NIS 2
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le bearta chun ardleibhéal cibearshlándála coiteann a chinntiú ar fud an Aontais, chun tuilleadh feabhais a chur ar athléimneacht agus acmhainneacht freagartha ar theagmhais na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí agus ar fud an Aontais.
A luaithe a ghlacfar í, tiocfaidh an treoir nua, ar a dtugtar ‘NIS2’, in ionad na rialacha atá ann faoi láthair maidir le slándáil na gcóras gréasáin agus faisnéise (an Treoir NIS).
Leis an reachtaíocht nua, déanfar an méid seo a leanas:
- bainistiú agus comhar níos láidre a chinntiú i ndáil le rioscaí agus teagmhais
- raon feidhme na rialacha a leathnú
-
11 Bealtaine An Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA): comhaontú sealadach bainte amach
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an nGníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA), rud a chinnteoidh go mbeidh earnáil airgeadais na hEorpa in ann oibríochtaí athléimneacha a choinneáil ar bun má tharlaíonn mórshuaitheadh oibríochtúil.
Faoi DORA, leagtar síos creat rialála maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil faoi nach mór do gach gnólacht a chinntiú gur féidir leis gach cineál cur isteach agus bagartha a bhaineann le teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) a sheasamh, freagairt dó, agus teacht slán uaidh.
Tá slándáil TF na n-eintiteas airgeadais amhail bainc, cuideachtaí árachais agus gnólachtaí infheistíochta á neartú ag an Aontas, i bhfianaise rioscaí cibirionsaithe atá ag dul i méid i gcónaí.
-
8-9 Márta Airí an Aontais ar aon ghuth maidir leis an gcibear-athléimneacht a neartú san Aontas
Tháinig airí an Aontais atá freagrach as an teileachumarsáid agus gnóthaí digiteacha le chéile an 8 agus an 9 Márta 2022 ag cruinniú neamhfhoirmiúil a d'eagraigh Uachtaránacht na Fraince ar an gComhairle.
D'iarr na hairí go ndéanfaí an comhar Eorpach i réimse na cibearshlándála a threisiú agus go gcuirfí dlús leis i bhfianaise an mhéadaithe ar leibhéil na mbagairtí cibearshlándála, rud atá dulta in olcas de bharr na staide san Úcráin agus an riosca i dtaobh cibeartheagmhais laistigh den Aontas. D'iarr siad tuilleadh eolais freisin faoi na rioscaí ar bagairt iad ar líonraí agus ar bhonneagar cumarsáide na hEorpa, agus d'iarr siad moltaí faoin mbealach is fearr chun athléimneacht na nithe sin a neartú.
Ghlac na 27 n-aire dearbhú polaitiúil a beartaíodh chun borradh a chur faoi chur faoi chumais chibearshlándála an Aontais.
-
2021
-
3 Nollaig A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle i ndáil leis an treoir nua maidir le cibearshlándáil
Le linn Chomhairle Teileachumarsáide mhí na Nollag, chomhaontaigh airí an Aontais ‘cur chuige ginearálta’ i ndáil le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais faoi threoir ‘NIS2’, mar a thugtar uirthi.
Is é is aidhm don reachtaíocht tuilleadh feabhais a chur ar athléimneacht agus acmhainneacht freagartha ar theagmhais na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí agus ar fud an Aontais. Is é is aidhm di chomh maith deireadh a chur le héagsúlachtaí i gceanglais chibearshlándála agus i gcur chun feidhme na mbeart cibearshlándála sna Ballstáit éagsúla.
-
19 Deireadh Fómhair conclúidí glactha ag an gComhairle ag féachaint arbh fhiú cibearaonad comhpháirteach a bhunú
Ghlac an Chomhairle conclúidí lena n-iarrtar ar an Aontas agus ar na Ballstáit creat bainistithe géarchéime cibearshlándála an Aontais a fhorbairt a thuilleadh, lena n-áirítear trí fhéachaint arbh fhiú cibearaonad comhpháirteach a bhunú.
Sna conclúidí uaithi, leagann an Chomhairle béim ar an ngá atá ann na líonraí atá ann cheana a chomhdhlúthú agus mapáil a bhunú ar na bearnaí agus na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhroinnt faisnéise laistigh de chibearphobail agus ar fud na gcibearphobal. Ba cheart go n-eascródh comhaontú as sin maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí príomhúla a d’fhéadfadh a bheith ag cibearaonad comhpháirteach féideartha.
-
17 Bealtaine Cibirionsaithe: síneadh bliana curtha ag an gComhairle leis an gcreat smachtbhannaí
Chinn an Chomhairle síneadh bliana, go dtí an 18 Bealtaine 2022, a chur leis an gcreat do bhearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe atá ina mbagairt ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.
Leis an gcreat sin, ceadaítear don Aontas bearta sriantacha spriocdhírithe a fhorchur ar dhaoine nó ar eintitis a bhfuil baint acu le cibirionsaithe a mbíonn tionchar suntasach acu, agus atá ina mbagairt sheachtrach ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.
Is féidir bearta sriantacha a fhorchur mar fhreagairt ar chibirionsaithe i gcoinne tríú stáit nó eagraíochtaí idirnáisiúnta chomh maith i gcás ina meastar gur gá bearta sriantacha den sórt sin chun cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála a bhaint amach.
-
29 Aibreán Mí-úsáid leanaí ar líne a chomhrac – margadh neamhfhoirmiúil le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha sealadacha
Tháinig idirbheartaithe na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le beart sealadach a thabharfaidh deis do sholáthraithe cumarsáide leictreonaí amhail seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe agus seirbhísí teachtaireachtaí leanúint de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath, a bhaint agus a thuairisciú, lena gcumhdaítear an mhealltóireacht ar líne, nó go mbeidh reachtaíocht bhuan a fhógróidh an Coimisiún Eorpach i bhfeidhm.
Foráiltear leis an gcomhaontú do mhaolú ar Airteagail 5(1) agus 6(1) den Treoir maidir le r-phríobháideachas agus tá sé faoi réir a fhormheasta ag an gComhairle.
-
20 Aibreán Cead tugtha ag an gComhairle do lárionad um inniúlachtaí cibearshlándála atá bunaithe i mBúcairist
Cuirfidh an tAontas borradh faoi shlándáil an idirlín agus faoi chórais líonraí agus faisnéise ríthábhachtacha eile trí Lárionad um Inniúlachtaí Cibearshlándála a bhunú chun infheistíocht i dtaighde, teicneolaíocht agus forbairt thionsclaíoch i réimse na cibearshlándála a chomhthiomsú. Déanfaidh an comhlacht nua, a bheidh lonnaithe i mBúcairist na Rómáine, maoiniú a bhaineann leis an gcibearshlándáil a threorú ón gclár Fís Eorpach agus ón gClár don Eoraip Dhigiteach.
Oibreoidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála i gcomhar le líonra de lárionaid náisiúnta chomhordúcháin arna n-ainmniú ag na Ballstáit.
Ghlac an Chomhairle an rialachán lena mbunaítear an Lárionad agus an líonra an 20 Aibreán 2021. Tar éis sin, glacfaidh Parlaimint na hEorpa go críochnaitheach é.
-
22 Márta Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le straitéis chibearshlándála an Aontais
Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le straitéis chibearshlándála an Aontais sa deacáid dhigiteach. Chuir an Coimisiún Eorpach agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an straitéis sin i láthair i mí na Nollag 2020. Leagtar amach inti an creat do ghníomhaíocht an Aontais chun saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais a chosaint ó chibearbhagairtí, chun córais faisnéise shlána a chur chun cinn agus chun cibearspás domhanda, oscailte saor agus slán a chosaint.
Tugtar ar aird sna conclúidí go bhfuil an chibearshlándáil ríthábhachtach chun Eoraip athléimneach, glas agus digiteach a thógáil. Tá mar chuspóir ag na conclúidí neamhspleáchas straitéiseach a bhaint amach agus geilleagar oscailte á choimeád ag an am céanna. Áirítear leis sin an cumas roghanna uathrialacha a dhéanamh i réimse na cibearshlándála a atreisiú chun ceannaireacht dhigiteach agus acmhainneachtaí straitéiseacha an Aontais a neartú.
-
2020
-
15 Nollaig An Chomhairle ag iarraidh go neartófaí an athléimneacht agus go gcuirfí i gcoinne bagairtí hibrideacha, agus an bhréagaisnéis san áireamh
Ghlac an Chomhairle conclúidí ina n-iarrtar go bhfeabhsófaí a thuilleadh na freagairtí atá á dtabhairt ar leibhéal an Aontais chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, an bhréagaisnéis san áireamh, agus chun an athléimneacht a neartú. Thug an Chomhairle dá haire go gcruthaíonn teicneolaíochtaí nua agus géarchéimeanna nua, amhail an phaindéim seo, deiseanna do ghníomhaithe naimhdeacha a ngníomhaíochtaí trasnaíochta a mhéadú. Is dúshlán breise iad sin do na Ballstáit agus d’institiúidí an Aontais, sa mhullach ar an ngéarchéim féin.
D’admhaigh an Chomhairle gur leochailí anois an tAontas agus a chuid Ballstát do bhagairtí hibrideacha de dheasca phaindéim COVID-19. Cuirtear san áireamh leis na bagairtí sin méadú ar leathadh na bréagaisnéise agus an trasnaíocht ionramhálach. Chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sin, go háirithe ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha, ar an mbréagaisnéis agus ar bhagairtí ar an tslándáil eacnamaíoch, beidh gá le cur chuige cuimsitheach lena ngabhfaidh comhar agus comhordú dea-fheidhmiúil.
-
11 Nollaig Comhaontú sealadach maidir le lárionad um inniúlachtaí cibearshlándála an Aontais
Tháinig idirbheartaithe na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le togra chun Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus líonra de lárionaid náisiúnta chomhordúcháin a bhunú.
Le chéile, cuideoidh na struchtúir sin leis an margadh aonair digiteach a shlánú, i réimsí amhail ríomhthráchtáil, soghluaisteacht chliste agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla, agus cuirfear le huathriail an Aontais i réimse na cibearshlándála leo chomh maith.
-
9 Nollaig Is i mBúcairist a bheidh an suíomh don Lárionad nua Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála
Roghnaigh ionadaithe rialtais Bhallstáit an Aontais Búcairist (an Rómáin) mar shuíomh ionchasach don Lárionad nua Eorpach nua um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála.
Cuirfidh an Lárionad Inniúlachtaí Cibearshlándála feabhas ar chomhordú an taighde agus na nuálaíochta sa chibearshlándáil san Aontas. Is é bheidh ina phríomhionstraim ag an Aontas chun an infheistíocht i dtaighde, teicneolaíocht agus forbairt thionsclaíoch i réimse na cibearshlándála a chomhthiomsú.
An chaoi a roghnófar suíomh an Lárionaid um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála (Grafaic faisnéise)An chaoi a roghnófar suíomh an Lárionaid um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála (Grafaic faisnéise)
-
2 Nollaig Cibearshlándáil feistí ceangailte – conclúidí glactha ag an gComhairle
D'fhormheas an Chomhairle conclúidí ina n-aithnítear an méadú atá tagtha ar úsáid táirgí do thomhaltóirí agus as feistí tionsclaíocha atá ceangailte leis an idirlíon, agus ar na rioscaí nua atá ann don phríobháideachas, don fhaisnéis-slándáil, agus don chibearshlándáil dá bharr.
Cuirtear i dtreis sna conclúidí a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le reachtaíocht chothrománach san fhadtéarma chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe ábhartha uile de chibearshlándáil feistí ceangailte, amhail infhaighteacht, sláine agus rúndacht.
Beidh ról lárnach ag feistí ceangailte, meaisíní, braiteoirí agus líonraí san áireamh, arb ionann iad agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla, i dtaca le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú a thuilleadh, agus is amhlaidh an cás dá slándáil chomh maith.
-
30 Iúil Na chéad smachtbhannaí riamh forchurtha ag an Aontas i gcoinne cibirionsaithe
Chinn an Chomhairle bearta sriantacha a fhorchur i gcoinne seisear agus trí eintiteas atá freagrach as cibirionsaithe éagsúla nó páirteach iontu. I measc na smachtbhannaí a fhorchuirtear, tá cosc ar thaisteal agus reo sócmhainní, agus níl cead ag daoine ná ag eintitis de chuid an Aontais cistí a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta.
-
9 Meitheamh Conclúidí ón gComhairle: todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú
Ghlac an Chomhairle conclúidí ina dtugtar aghaidh ar réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le straitéis dhigiteach an Aontais. Leagtar béim sa téacs ar thionchar an chlaochlaithe dhigitigh ar ghleic na paindéime, agus ar an ról ríthábhachtach atá aige i dtéarnamh iar-COVID-19.
Maidir leis an gcibearshlándáil, de bharr go bhfuil cibearbhagairtí agus coireanna ag méadú ó thaobh líon agus sofaisticiúlachta de, tá sé mar aidhm ag Airí an Aontais cumas freagartha an Aontais a fheabhsú, agus sláine, slándáil agus athléimneacht bhonneagair dhigiteach, líonraí cumarsáide leictreonaí, agus seirbhísí a chosaint. Tacaíonn an tAontas freisin leis an ngá atá le cur chuige comhordaithe chun na rioscaí a bhaineann leis an gcibearshlándáil a mhaolú agus chun imscaradh slán 5G a chinntiú.
-
5 Meitheamh Sainordú faoi lárionaid cibearshlándála agus an staid mar atá i dtaca le líonraí 5G
Ar an 3 Meitheamh 2020, chomhaontaigh Coreper sainordú nua don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa i dtaca leis an rialachán atá beartaithe lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Comhordúcháin. Is é an chéad chéim eile go ndéanfaidh Uachtaránacht na Cróite teagmháil le príomh-idirbheartaí na Parlaiminte féachaint an bhféadfaí cruinniú trípháirteach a eagrú.
Chuir an Uachtaránacht i láthair freisin an scéala is déanaí faoi chur chun feidhme bhosca uirlisí an Aontais maidir le slándáil líonraí 5G.
-
2019
-
3 Nollaig Tábhacht agus rioscaí slándála na teicneolaíochta 5G: Conclúidí glactha ag an gComhairle
Rinneadh tagairt sna conclúidí ón gComhairle maidir le 5G do na himpleachtaí a bheidh ann do gheilleagar na hEorpa agus don ghá atá ann rioscaí slándála a mhaolú.
Chuir airí an Aontais i bhfios go láidir go mbeidh líonraí 5G ina gcuid den bhonneagar ríthábhachtach chun croífheidhmeanna sochaíocha agus eacnamaíocha a chothabháil.
-
17 Bealtaine Cibirionsaithe: an Chomhairle anois in ann smachtbhannaí a fhorchur
Bhunaigh an Chomhairle creat a ligeann don Aontas bearta sriantacha spriocdhírithe a fhorchur chun cibirionsaithe a dhíspreagadh agus chun freagairt orthu, más amhlaidh gur bagairt sheachtrachar an Aontas nó ar a Bhallstáit iad.
Go sonrach, ligeann an cinneadh seo don Aontas smachtbhannaí a fhorchur den chéad uair ar dhaoine nó ar eintitis:
- is cúis le cibirionsaithe nó le hiarrachtaí ar chibirionsaithe
- a chuireann tacaíocht airgeadais, theicniúil nó ábhartha ar fáil d'ionsaithe den sórt sin
- atá rannpháirteach ar bhealaí eile
Féadfar smachtbhannaí a fhorchur freisin ar dhaoine nó eintitis a bhaineann leo.
Baineann an creat seo le cibirionsaithe i gcoinne stáit neamh-AE nó eagraíochtaí idirnáisiúnta chomh maith i gcás ina meastar gur gá bearta sriantacha chun cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES) a bhaint amach.
Tá an tAontas Eorpach gona Bhallstáit á n-ullmhú féin le bheith níos láidre i gcoinne cibirionsaithe agus chun freagairt orthu -
9 Aibreán An Gníomh um Chibearshlándáil glactha ag an gComhairle
An 9 Aibreán 2019, ghlac an Chomhairle an rialachán ar a dtugtar freisin an Gníomh um Chibearshlándáil lena dtugtar isteach na nithe seo a leanas:
- córas de scéimeanna deimhniúcháin uile-Aontais
- Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil a chuirfear in ionad Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA)
-
13 Márta Saineolas ar an gcibearshlándáil a chomhthiomsú: An Chomhairle chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa
Thug ambasadóirí an Aontais sainordú d'Uachtaránacht na Comhairle tús a chur le cainteanna le Parlaimint na hEorpa maidir le saineolas ar an gcibearshlándáil a chomhthiomsú.
Beidh an chaibidlíocht dírithe ar dhá thionscnamh:
- bonn eolais den scoth don chibearshlandáil a bhunú, darb ainm an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála
- líonra na lárionad comhordúcháin náisiúnta a bhunú
-
2018
-
19 Nollaig An Gníomh um Chibearshlandáil: rialachán beartaithe formheasta ag ambasadóirí an Aontais
Agus an Gníomh um Chibearshlandáil atá beartaithe á fhormheasadh, cuirfear ar chumas an Aontais Eorpaigh deimhniú cibearshlándála uile-Aontais a thabhairt isteach agus gníomhaireacht bhuan chibearshlándála don Aontas a chomhdhlúthú.
Thángthas ar chomhaontú sealadach maidir leis an dlí nua idir an Uachtaránacht agus Parlaimint na hEorpa ar an 10 Nollaig.
Beidh an deimhniú cibearshlándála uile-Aontais ar fáil go luath do ghléasanna idirlíon-nasctha, rud a chabhróidh le tomhaltóirí roghanna níos fearr a dhéanamh agus é a dhéanamh níos fusa do chuideachtaí a gcuid táirgí cliste a chur ar an margadh ar fud na hEorpa.
-
19 Samhain An chibearchosaint: Creat beartais nuashonraithe ag an gComhairle
Tá Ballstáit an Aontais ag cur lena chomhar sa chibearchosaint, agus é mar aidhm acu a n-acmhainní a neartú.
D'fhonn an sprioc seo a bhaint amach, ghlac an Chomhairle leagan nuashonraithe de Chreat Beartais Cibearchosanta AE.
A bhuí leis an nuashonrú sin, is féidir leis an Aontas an t-athrú a tháinig ar dhúshláin slándála ó glacadh an chéad chreat in 2014 a chur san áireamh. Sainaithnítear ann na réimsí tosaíochta i dtaca leis an gcibearchosaint agus déantar soiléiriú leis ar róil na rannpháirtithe.
Ag a cruinniú deireanach ar an 18 Deireadh Fómhair 2018, d'iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí bearta chun cibearshlándáil láidir a fhorbairt san Aontas.
Rinne ceannairí an Aontais tagairt go háirithe do bhearta sriantacha a d'fhéadfadh freagairt ar chibirionsaithe agus iad a chur de dhroim seoil.
An tAontas ag cur go méadaitheach i gcoinne cibirionsaithe -
18 Deireadh Fómhair Bearta ar mhaithe le cibearshlándáil láidir san Aontas Eorpach iarrtha ag an gComhairle Eorpach
D'iarr ceannairí an Aontais go ndéanfaí díspreagadh, teacht aniar agus freagairt an Aontais ar bhagairtí hibrideacha, cibearbhagairtí, chomh maith le bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN) a neartú a thuilleadh.
Rinneadh amhlaidh mar gheall ar na cibirionsaithe a rinneadh i gcoinne na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) sa Háig.
D'iarr an Chomhairle Eorpach chomh maith go dtabharfaí an chaibidlíocht maidir leis na tograí ar fad a bhaineann leis an gcibearshlándáil chun críche 'roimh dheireadh an téarma reachtaigh' — in Aibreán 2019.
-
13 Meán Fómhair An Gníomh um Chibearshlandáil: Tús curtha ag an gComhairle leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa
Chuir an Chomhairle tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa d'fhonn teacht ar chomhaontú faoin nGníomh um Chibearshlándáil faoi dheireadh na bliana. Thángthas ar chur chuige ginearálta maidir leis an togra seo ar an 8 Meitheamh.
Tá sé beartaithe leis an nGníomh um Chibearshlandáil go bhfeabhsófar cibearathléimneacht an Aontais trí chreat deimhniúcháin uile-Aontais a bhunú le haghaidh táirgí, seirbhísí agus próisis TFC. Dhéanfadh sé uasghrádú chomh maith ar Ghníomhaireacht reatha an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA).
-
16 Aibreán Cibearghníomhaíochtaí mailíseacha: Conclúidí glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle conclúidí i ndáil le cibearghníomhaíochtaí mailíseacha, ina leagtar béim ar a thábhachtaí atá cibearspás domhanda, oscailte, saor, cobhsaí, agus slán, ina bhfuil feidhm ina n-iomláine ag cearta an duine agus saoirsí bunúsacha agus an smacht reachta.
Chuir an tAontas in iúl gur údar mór imní dó an méadú atá tagtha ar chumas agus ar thoilteanas stáit neamh-AE agus gníomhaithe neamhstáit a gcuid cuspóirí a shaothrú trí dhul i mbun cibearghníomhaíochtaí mailíseacha. Leanfaidh an tAontas ag neartú a chumais tabhairt faoi chibearbhagairtí.
-
2017
-
20 Nollaig An comhar neartaithe ag institiúidí an Aontais chun dul i ngleic le cibirionsaithe
Thug institiúidí an Aontais céim thábhachtach chun a gcomhar a neartú sa chomhrac i gcoinne cibirionsaithe.
Bunaíodh, le socrú idirinstitiúideach, foireann bhuan phráinnfhreagartha ríomhaire (CERT-EU), lena gcumhdaítear institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais.
Áiritheoidh CERT-EU go bhfreagróidh an tAontas, ar bhonn comhordaithe, ar chibirionsaithe i gcoinne a chuid institiúidí.
-
24 Deireadh Fómhair Airí an Aontais tagtha ar chomhaontú faoi phlean gníomhaíochta um an gcibearshlándáil
D'aontaigh an Chomhairle plean gníomhaíochta a chur ar bun le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcibearshlándáil san Aontas.
Chuir na hairí in iúl go láidir go bhfuil slándáil ar líne ríthábhachtach do shaoránaigh agus gnólachtaí den Aontas.
-
2016
-
9 Meitheamh An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir leis na chéad chéimeanna eile chun gníomhaíochtaí coiriúla sa chibearspás a chomhrac
Phléigh airí ceartais an Aontais cé mar is féidir feabhas breise a chur ar an gceartas coiriúil sa chibearspás. Ghlac siad dhá shraith conclúidí ina leagtar amach bearta praiticiúla chun an comhar a fheabhsú, agus amlíne le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta.
- conclúidí ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an gceartas coiriúil sa chibearspás
- conclúidí ón gComhairle maidir leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach um Chibearchoireacht
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Meitheamh 2025