"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir leis an euro digiteach agus maidir le ról an airgid thirim a neartú
An 19 Nollaig 2025, chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir le príomhthograí chun airgeadra an euro a neartú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
tabhairt isteach an euro dhigitigh a chumasú
stádas dlíthairisceana an airgid thirim in euro a shoiléiriú
Bheadh an euro digiteach ina rogha mhalartach ar airgead tirim agus bheadh sé ar fáil don phobal i gcoitinne agus do ghnólachtaí chun íocaíochtaí a dhéanamh tráth ar bith agus áit ar bith.
Is é is aidhm do stádas dlíthairisceana airgid thirim in euro a shoiléiriú a chinntiú go nglacfar le hairgead tirim mar mhodh íocaíochta ar fud an limistéir euro, chomh maith lena chinntiú go mbeidh rochtain ag daoine ar airgead tirim agus go mbeidh saoirse acu an modh íocaíochta is fearr leo a roghnú.
Is díol sásaimh don Ghrúpa Euro an cinneadh ón BCE tús a chur leis an gcéad chéim eile de thionscadal an euro dhigitigh
Is garsprioc é tabhairt i gcrích chéim an imscrúdaithe, arsa an Grúpa Euro i ráiteas faoi thús na chéad chéime eile de thionscadal an euro dhigitigh. Ligfidh an cinneadh a ghlac Comhairle Rialaithe BCE don Ghrúpa Euro tuilleadh fiosraithe agus tástála a dhéanamh ar ghnéithe dearaidh agus feidhmiúlachtaí an euro dhigitigh.
Ní thugann céim an ullmhúcháin réamhbhreith ar aon chinneadh a dhéanfar amach anseo maidir le heisiúint fhéideartha an euro dhigitigh, rud nach dtiocfadh ach ag céim níos déanaí agus a bhraithfeadh ar fhorbairtí reachtacha an Aontais.
‘Baineann euro digiteach le héabhlóid nádúrtha ár n-airgeadra coiteann’
Lean an Grúpa Euro dá phlé maidir leis an euro digiteach, mar thoradh ar phacáiste reachtach an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hairgeadra aonair. D’fhoilsigh an Coimisiún a thograí maidir leis an gcreat dlíthiúil don euro digiteach a d'fhéadfaí thabhairt isteach agus maidir le dlíthairiscint nótaí bainc agus boinn euro an 28 Meitheamh 2023.
Baineann euro digiteach le héabhlóid nádúrtha ár n-airgeadra coiteann. Ní fúinn deireadh a chur le hairgead tirim ar bhealach ar bith. Baineann sé le leagan digiteach d’airgead tirim a thairiscint i ndomhan atá ag éirí níos digití. Is léir go bhfuil bealach fada le dul sula bhfeiceann muid an euro digiteach inár dtiachóga fíorúla. Ach ba thráth tábhachtach plé polaitiúil é inniu, ar bhealach daonlathach, maidir leis an gcaoi a bhféadfaí ár n-airgeadra a fhorbairt.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Beidh na tograí faoi réir tuilleadh dianphlé pholaitiúil i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle araon.
An dul chun cinn atá déanta maidir leis an tionscadal digiteach euro pléite ag an nGrúpa Euro
Scrúdaigh an Grúpa Euro an dul chun cinn atá déanta maidir leis an tionscadal digiteach euro. Bhí an plé bunaithe ar nuashonrú ón gCoimisiún Eorpach sula bhfoilseofar a thogra reachtach agus cur i láthair ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) maidir le tuairisc tháirge ardleibhéil an euro dhigitigh, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann leis an tsamhail cúitimh.
Ar na saincheisteanna a phléigh na hairí bhí an tábhacht a bhaineann le hinsint láidir shoiléir a fhorbairt maidir leis an mbreisluach a bhainfeadh leis an dul chun cinn sin agus difear a dhéanfadh sé do shaol shaoránaigh na hEorpa agus do ghníomhaíocht tráchtála gnólachtaí laistigh den Aontas Eorpach. Aithnímid go bhfuil tacaíocht leathan ann maidir leis an tionscadal atá ar bun inár n-institiúidí; is mian leis na hairí tacú leis ach is mian leo féachaint freisin ar conas is féidir linn an insint sin a fhorbairt a thuilleadh.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Airgeadraí digiteacha bainc ceannais pléite ag an nGrúpa Euro
Bhí malartú tuairimí ag an nGrúpa Euro, i bhformáid chuimsitheach, maidir le gnéithe idirnáisiúnta airgeadraí digiteacha bainc ceannais (CBDCanna) agus maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an tionscadal digiteach euro. Is ar nóta saincheisteanna, cur i láthair ó na hinstitiúidí agus nuashonrú ó Aire Airgeadais na Sualainne, Elisabeth Svantesson, ar staid na himeartha maidir le tionscadal e-krona, a bunaíodh an plé sin.
Phléamar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le rochtain a thabhairt d’úsáideoirí lasmuigh den limistéar euro ar an euro digiteach agus chuir an Banc Ceannais Eorpach na roghanna agus na comhbhabhtálacha a bhaineann le feidhmiú an euro dhigitigh le hairgeadraí digiteacha eile an bhainc cheannais i láthair dúinn. Aithnímid go léir a thábhachtaí atá an comhar idirnáisiúnta sa réimse seo.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Euro digiteach: athbhreithniú ar chur chun cinn an tionscadail
Rinne an Grúpa Euro a mharana ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil le tionscadal an euro dhigitigh agus phléigh siad an bealach chun cinn.
Ghlac na hairí ráiteas ón nGrúpa Euro ina ndéantar achoimre ar na tuairimí a cuireadh in iúl i ndáil leis na hábhair bheartais a pléadh go dtí seo agus ina leagtar amach rannpháirtíocht leanúnach an Ghrúpa Euro sa tionscadal seo.
Staid na himeartha maidir leis an obair ar an euro digiteach breithnithe ag an nGrúpa Euro
Chuir an Banc Ceannais Eorpach agus an Coimisiún Eorpach an Grúpa Euro ar an eolas faoin euro digiteach. D'eisigh an Grúpa Euro ráiteas ansin chun tacú leis an obair a rinne an Eurochóras agus an Coimisiún ar an euro digiteach. Ní mór don obair imscrúdaitheach sin cur le hanailís chúramach chríochnúil agus bainfear tairbhe as tuairimí chomhaltaí an Ghrúpa Euro le linn an phróisis.
Bheadh gá freisin le hidirghabháil ó reachtas an Aontais chun euro digiteach a chruthú; agus tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra a dhéanamh ar bhonn Airteagal 133 CFAE. Sa chomhthéacs sin, ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún comhairliúchán poiblí spriocdhírithe a sheoladh maidir leis an euro digiteach mar chuid den phróiseas réamhreachtach.
Cuspóirí beartais agus úsáidí an euro dhigitigh pléite ag an nGrúpa Euro
Phléigh an Grúpa Euro na cuspóirí beartais agus na húsáidí a bhainfí as an euro digiteach i gcomhthéacs luas tapa na digiteála sa gheilleagar domhanda, an tionchar a bheidh aige ar an limistéar euro agus ar an airgeadra coiteann, agus rinne sé a mharana ar thionscnaimh ghaolmhara agus ar fhorbairtí gaolmhara ar an leibhéal idirnáisiúnta.
De réir mar a théann tomhaltóirí agus gnólachtaí i muinín íocaíochtaí leictreonacha, is mian linn a chinntiú go mbeidh rochtain i gcónaí ag ár saoránaigh agus ag gach gníomhaí inár ngeilleagar ar airgead poiblí i raon cásanna. Mar shampla, d'fhéadfadh euro digiteach réiteach Eorpach a chur ar fáil i gcomhthéacs éilimh mhéadaithe ar mhodhanna malartacha íocaíochta.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Bhí malartú tuairimí ag na hairí airgeadais maidir leis an tionscadal digiteach euro
Rinne na hairí airgeadais a marana ar an obair atá ar bun maidir leis an euro mar airgeadra digiteach. Is ar thuarascáil ó BCE a bunaíodh an plé, tuarascáil ina dtugtar tuairisc ar thorthaí an chomhairliúcháin i dtaobh euro digiteach a seoladh an 12 Deireadh Fómhair 2020.
Na buntáistí agus na dúshláin a bhaineann le euro digiteach pléite ag an nGrúpa Euro
Bhí plé straitéiseach ag an nGrúpa Euro maidir leis na buntáistí agus na dúshláin a bhainfeadh le euro digiteach a thabhairt isteach amach anseo. Tá sé sin ar cheann de na tosaíochtaí a chuirtear san áireamh i gclár oibre an Ghrúpa Euro go dtí mí an Mheithimh 2021.
Úsáideadh tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 mar ionchur sa phlé.
Molaimid don Bhanc Ceannais Eorpach leanúint dá chuid oibre i ndáil le samhlacha agus roghanna maidir leis an bhféidearthacht euro digiteach a eisiúint. Idir an dá linn, (...) breathnóimid ar impleachtaí an tionscadail ar ár gceannasacht airgeadaíochta, ár gcobhsaíocht airgeadais, ar chistiú bainc, ar chosaint tomhaltóirí agus ar ról idirnáisiúnta an euro.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro