Skip to content

Rialacha aonfhoirmeacha maidir le hiarratais ar thearmann

Le rialacha athbhreithnithe an Aontais chun caighdeáin chosanta agus cearta d’iarrthóirí tearmainn ar fud na mBallstát a chomhchuibhiú, cuidítear le líon na ngluaiseachtaí tánaisteacha a laghdú.

Fíricí agus figiúirí maidir le hiarratais ar thearmann san Aontas Eorpach

Leagtar síos leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn íoschaighdeáin chomhchoiteanna maidir leis an gcaoi éagsúil a gcaitear le hiarrthóirí tearmainn. Sa chleachtas, ní chaitear go haonfhoirmeach le hiarrthóirí tearmainn agus bíonn rátaí aitheantais éagsúla i measc na mBallstát.

Mar thoradh air sin, bogann a lán iarrthóirí tearmainn laistigh den Aontas agus iad ag iarraidh an tír is fearr a bhaint amach ó thaobh iarratas ar thearmann a dhéanamh inti. ‘Siopadóireacht tearmainn’ a thugtar ar an bhfeiniméan sin.

In 2023, rinne 1 129 795 saoránach nach saoránaigh de chuid an Aontais iad iarratas ar thearmann san Aontas. Idir iarratasóirí céaduaire ar thearmann agus iarratais a rinneadh ina dhiaidh sin atá san áireamh sna figiúirí sin. Léiríonn an ghrafaic faisnéise freisin:

  • treochtaí i líon na n-iarrthóirí tearmainn san Aontas;
  • tíortha tionscnaimh na n-iarrthóirí tearmainn
  • líon na n-iarratas in aghaidh an Bhallstáit

&

Tugann an ghrafaic faisnéise seo forléargas ar iarrthóirí tearmainn san Aontas idir 1990 agus 2022.
Iarratais ar thearmann san Aontas (Grafaic faisnéise)

Iarratais ar thearmann san Aontas (Grafaic faisnéise)

Rialacha athbhreithnithe de chuid an Aontais chun déileáil go cothrom le hiarratasóirí ar thearmainn

Leis an reachtaíocht, cinnteofar go gcaithfear ar an dóigh chéanna le gach iarrthóir tearmainn ó Bhallstát go chéile. Sainítear an méid seo a leanas sna rialacha athbhreithnithe: & nbsp;

Deilbhín de chruinneog le glas.

na critéir chomhchoiteanna lena sainaithneofar na daoine sin a bhfuil fíorghá acu le cosaint idirnáisiúnta

Deilbhín scála chothromaithe.

na cearta comhchoiteanna a bheidh ag na daoine sin i ngach Ballstát

Obair ar an gcomhshocrú imirce agus tearmainn

I mí Iúil 2017, tháinig ambasadóirí an Aontais ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta faoi na dréachtrialacha maidir le cáiliú na n-iarrthóirí tearmainn agus maidir le cearta agus leasa comhchuibhithe i gcás thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta ar fud an Aontais. Tugadh an chaibidlíocht leis an bParlaimint chun críche in 2022.

An 8 Feabhra 2024, d’fhormhuinigh ionadaithe Bhallstáit an Aontais an comhaontú ar thángthas air idir an Chomhairle agus an Pharlaimint in 2022.

Ghlac an Chomhairle comhshocrú an Aontais maidir le himirce agus tearmann an 14 Bealtaine 2024.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Feabhra 2025