- Nuacht
- 25 Samhain 2021 14:31
A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le rialacha digiteacha nua
An 25 Samhain 2021, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta i ndáil leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha, dhá phríomhchomhad reachtacha chun cuidiú le spás digiteach sábháilte oscailte a chruthú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais.
An Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha
An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (Grafaic faisnéise)
Is é is aidhm do thogra na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha saoránaigh an Aontais a choinneáil slán ó earraí, ábhair agus seirbhísí neamhdhleathacha, agus a gcearta bunúsacha a chosaint ar líne, de réir an phrionsabail gur cheart an méid atá neamhdhleathach as líne a bheith neamhdhleathach ar líne freisin.
Sainítear ann freisin freagrachtaí agus cuntasacht shoiléir le haghaidh na meán sóisialta agus margaí ar líne, agus a luaithe a ghlacfar é, soláthrófar leis creat rialachais nua-aimseartha a sheasfaidh an aimsir.
Ionstraim um Margaí Digiteacha
Is é is aidhm do thogra na hIonstraime um Margaí Digiteacha cothrom na Féinne a chruthú do ghnólachtaí an Aontais trí mhórchuideachtaí teicneolaíochta a rialú. Is é is aidhm don togra earnáil dhigiteach iomaíoch agus chothrom a chinntiú chun nuálaíocht, táirgí agus seirbhísí digiteacha ar ardchaighdeán, praghsanna córa, ardchaighdeán agus rogha a chur chun cinn san earnáil dhigiteach.
An Gníomh um Margaí Digiteacha (Grafaic faisnéise)
Tá sé dírithe go príomha ar ardáin mhóra ar líne, ar a dtugtar ‘geatóirí’, a rialaíonn croísheirbhísí ardáin amhail margaí, siopaí aipeanna agus innill chuardaigh ar líne.
Na chéad chéimeanna eile
Leis an gcur chuige ginearálta ar ar thángthas maidir leis na hionstraimí, tugtar chun críche an seasamh caibidlíochta a chomhaontaigh an Chomhairle agus tugtar sainordú d’Uachtaránacht na Comhairle tuilleadh plé a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa, atá beartaithe do 2022.
Tuilleadh eolais
An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024