Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 20 Iúil 2015 17:45

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gComhaontú i ndáil le clár núicléach na hIaráine

1. Is díol sásaimh don Chomhairle an comhaontú ar thángthas air i Vín, an 14 Iúil 2015, idir an Iaráin agus an tSín, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Rúis, an Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, le cúnamh ó Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, maidir le plean cuimsitheach comhpháirteach gníomhaíochta (JCPOA). I gcomhthéacs na n-iarrachtaí taidhleoireachta atá á ndéanamh le fada an lá chun teacht ar réiteach cuimsitheach, fadtéarmach, síochánta ar cheist chumhacht núicléach na hIaráine, is clochmhíle stairiúil é an méid atá bainte amach.

2. Tuigeann an Chomhairle tábhacht obair chomhordúcháin an Ardionadaí, a raibh baint láidir aici leis an gcaibidlíocht a thabhairt chun críche go rathúil, agus aithníonn sí freisin an tacaíocht a fuarthas ó rialtas na hOstaire a bhí sásta na babhtaí deireannacha caibidlíochta a eagrú. Aithníonn an Chomhairle freisin an ról a bhí ag an bhFrainc, ag an nGearmáin agus ag an Ríocht Aontaithe, ó cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i Tehran in 2003 le Comhaontú Tehran. 

3. Tuigeann an Chomhairle gur mó an mhuinín idirnáisiúnta as cineál iomlán síochánta chlár núicléach na hIaráine má chuireann an Iaráin a cuid gealltanas faoin bplean cuimsitheach comhpháirteach gníomhaíochta (JCPOA) chun feidhme go huile agus go hiomlán, lena n-áirítear an Treochlár a comhaontaíodh leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta d'Fhuinneamh Adamhach.

4. Tacaíonn an Chomhairle le JCPOA agus dearbhaíonn sí go gcloífidh sí lena théarmaí agus go leanfaidh sí an plean cur chun feidhme mar a comhaontaíodh é. 

5. Tacaíonn an Chomhairle go hiomlán le Rún 2231 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (2015) a glacadh d'aon toil an 20 Iúil 2015, lena bhformhuinítear JCPOA agus lena n-iarrtar go gcuirfí chun feidhme go huile agus go hiomláin é. 

6. Cuireann an Chomhairle i bhfios go láidir an gá atá ann do na páirtithe go léir oibriú anois chun JCPOA seo a chur chun feidhme. Iarrann an Chomhairle ar Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála leanúint leis an ról comhordaithe atá aici le linn chur chun feidhme JCPOA. Athdhearbhaíonn an Chomhairle go gcuirfear i gcrích gníomhaíochtaí agus gealltanais an Aontais Eorpaigh faoi JCPOA, a bhaineann leis na smachtbhannaí a chur ar leataobh, i gcomhréir leis an gclár ama agus leis an módúlacht atá sonraithe i JCPOA; agus go dtiocfadh deireadh leis na smachtbhannaí eacnamaíocha agus airgeadais tar éis don Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta d'Fhuinneamh Adamhach a fhíorú go bhfuil gealltanais núicléacha na hIaráine curtha chun feidhme aici mar a leagtar amach i JCPOA iad.  Tugann an Chomhairle dá haire gur cuireadh síneadh sé mhí breise leis na forálacha faoin bPlean Gníomhaíochta Comhpháirteach a comhaontaíodh sa Ghinéiv in 2013, chun go gcumhdófar an tréimhse go dtí go mbeidh sé fíoraithe ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta d'Fhuinneamh Adamhach (IAEA) go bhfuil na gníomhaíochtaí sin déanta ag an Iaráin. 

7. Aithníonn an Chomhairle an ról tábhachtach atá ag IAEA maidir le fíorú JCPOA agus iarrann sí ar na tíortha uile tacú le IAEI an cúram tábhachtach sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí acmhainní airgeadais. 

8. Léirigh an Chomhairle go bhfuil sí ag súil mar gheall ar an bhforbairt dhearfach sin go dtiocfaidh feabhas rianúil ar an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus an Iaráin, agus go dtiocfaidh feabhas ar chaidreamh réigiúnach agus idirnáisiúnta na hIaráine, agus go mbeidh an fhorbairt sin mar bhonn do réigiún níos cobhsaí agus níos sláine.

9. I bhfianaise an chomhaontaithe i Vín, iarrann an Chomhairle ar an Ardionadaí féachaint faoi bhealaí ar a bhféadfadh an tAontas Eorpach creat réigiúnach níos fearr ó thaobh comhoibrithe de a chur chun cinn go gníomhach agus tuarascáil a thabhairt don Chomhairle sna míonna atá le teacht.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024