- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 12 Feabhra 2016 12:55
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gcomhrac in aghaidh mhaoiniú na sceimhlitheoireachta
Fógraíonn an Chomhairle an méid seo a leanas:
1. MEABHRAÍONN SÍ gur chinn an Chomhairle Eorpach ag an gcruinniú a bhí aici ar an 17 agus ar an 18 Nollaig 2015, go nglacfadh an Chomhairle agus an Coimisiún gníomhaíocht bhreise de láimh go pras in aghaidh mhaoiniú na sceimhlitheoireachta i ngach réimse a shainaithin an Chomhairle ar an 20 Samhain[1];
2. TUGANN SÍ DÁ hAIRE saothar leanúnach na Comhairle agus na Náisiún Aontaithe, Europol, an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), an Fhóraim Frithsceimhlitheoireachta Dhomhanda, an Chomhghuaillíocht Dhomhanda in aghaidh SIIL agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac;
3. IS DÍOL SÁSAIMH DI an Plean Gníomhaíochta ón gCoimisiún dar dáta an 2 Feabhra 2016[2] chun an comhrac in aghaidh mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a neartú, ar plean é ina gcuirtear san áireamh freagraí na mBallstát ar cheistneoir ón gCoimisiún agus ina bhfuil gníomhaíochtaí agus tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha araon ar cheart a chur chun feidhme agus na Conarthaí á n-urramú ina n-iomláine;
4. LEAGANN SÍ BÉIM ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí dul chun cinn tapa maidir le gníomhaíochtaí reachtacha atá sainaitheanta ag an gCoimisiún, go háirithe, maidir leis an méid seo a leanas ach gan a bheith teoranta don mhéid sin:
- réimse na n-airgeadraí fíorúla,
- an rochtain ar fhaisnéis a neartú, amhail rochtain a bheith ag na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais (FIU) ar fhaisnéis faoi chuntais bhainc agus faoi chuntais íocaíochta,
- bearta iomchuí maidir le hionstraimí réamhíoctha, agus
- bearta i gcoinne gluaiseachtaí aindleathacha airgid;
IARRANN SÍ ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, leasuithe spriocdhírithe, a bheidh bunaithe ar anailís chuí, a thíolacadh ar an 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid (AMLD) [3] agus, más gá, ar an 2ú Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta [3] a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an dara ráithe de 2016, mar aon le leasuithe ar an Rialachán maidir le Rialuithe ar Airgead Tirim [5] tráth nach déanaí ná an ceathrú ráithe de 2016;
5. FORÁLANN SÍ ar na Ballstáit an pacáiste maidir leis an gComhrac i gCoinne Sciúradh Airgid (AML) [6] a chur chun feidhme go pras agus díriú ar a chur chun feidhme roimh dheireadh 2016, TÁ SÍ SÁSTA an dul chun cinn a dhéanfar a mheas go rialta ag na cruinnithe a bheidh aici agus CUIREANN SÍ I bhFÁTH nár cheart go mbeadh na leasuithe spriocdhírithe ar an 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid mar dhris chosáin do thrasuí reatha an phacáiste;
6. TÁ SÍ TIOMANTA do dhlús a chur leis an obair maidir leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise idir FIUanna na mBallstát a fheabhsú tuilleadh, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- na cleachtais is fearr a roinnt maidir le malartú faisnéise d'fhonn forálacha an 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid lena mbaineann a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach, comhleanúnach agus an obair leanúnach á déanamh ar a trasuí;
- FIUanna a spreagadh lena gcleachtadh mapála a luathú agus, ag brath ar thorthaí an chleachtaidh sin, IARRANN SÍ ar an gCoimisiún féachaint le bearta iomchuí a dhéanamh chun dul i ngleic le haon bhacainní ar chomhar éifeachtach agus ar mhalartú éifeachtach faisnéise;
IS DÍOL SÁSAIMH DI, i ndáil leis sin, go bhfuil an Coimisiún gníomhach i bplé le Grúpa Egmont um FIUanna agus leis an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF);
7. CUIREANN SÍ I bhFÁTH freisin a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí dul chun cinn tapa, faoi thráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2016, i réimse na ngníomhaíochtaí neamhreachtacha atá sainaitheanta ag an gCoimisiún ina Phlean Gníomhaíochta, amhail bearta calctha ó na Náisiúin Aontaithe a chur chun feidhme go héifeachtach agus níos tapúla agus tríú tíortha a shainaithint a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu i ndáil le maoiniú sceimhlitheoirí a chomhrac;
8. IARRANN SÍ go mbunófaí ardán AE láithreach, nó tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2016 ar aon chaoi, le cabhair ó SEGS/ón gCoimisiún, agus úsáid á baint as an mbonneagar atá ann cheana agus as uirlisí faisnéise, ionas gur féidir leis na Ballstáit faisnéis atá ar fáil go poiblí a roinnt ar bhonn deonach faoi dhaoine agus faoi eintitis a bhfuil calcadh sócmhainní a bhaineann le sceimhlitheoireacht forchurtha ag Ballstáit aonair ina leith faoi reachtaíocht náisiúnta na mBallstát de bhun Rún 1373(2001) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;
9. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt sa mheasúnú riosca fornáisiúnta faoin 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid do rioscaí a bhaineann le maoiniú sceimhlitheoireachta a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad ábhartha go hoibríochtúil, agus saothar agus faisnéis ábhartha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó cheannródaithe caighdeán i réimse AML/CFT, amhail FATF, á gcur san áireamh, agus IARRANN SÍ ar an gCoimisiún réamhthorthaí ábhartha an mheasúnaithe sin a roinnt leis na Ballstáit ar bhonn rialta, agus gach sé mhí ar a laghad, amhail ó mhí Mheán Fómhair 2016 agus roimh an spriocdháta, is é sin an 26 Meitheamh 2017;
10. FORÁLANN SÍ ar na Ballstáit na measúnuithe riosca náisiúnta a chur i gcrích agus na rioscaí a bhaineann le maoiniú sceimhlitheoireachta atá ábhartha go hoibríochtúil a chur i dtosaíocht, agus saothar agus faisnéis ábhartha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó cheannródaithe caighdeán i réimse AML/CFT, amhail FATF, á gcur san áireamh, agus a gcuid torthaí a roinnt i ndáil leis an méid sin, roimh dheireadh 2016;
11. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún féachaint an gá srianta iomchuí a chur ar íocaíochtaí in airgead tirim atá níos airde ná tairseacha áirithe agus teagmháil a dhéanamh leis an mBanc Ceannais Eorpach d'fhonn bearta iomchuí a fhéachaint maidir le billí d'ainmníocht ard, go háirithe an bille EUR 500, agus anailís Europol á cur san áireamh, agus na torthaí a thuairisciú chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2016;
12. MEABHRAÍONN SÍ a thábhachtaí atá sé go gcuirfí feabhas láithreach ar an gcomhrac in aghaidh trádáil aindleathach in earraí cultúir agus IARRANN SÍ ar an gCoimisiún bearta reachtacha a mholadh maidir leis an ábhar sin a luaithe agus is féidir;
13. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún tuarascáil a chur chuig an gComhairle maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme an phlean gníomhaíochta, ag tosú i mí an Mheithimh agus gach sé mhí ar a laghad ina dhiaidh sin.
[1] 28/15
[2] 5782/16 + ADD1
[3] Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí
[4] Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach
[5] Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le rialuithe ar airgead tirim a thagann isteach sa Chomhphobal nó a imíonn as
[6] An 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid agus Rialachán (AE) Uimh. 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí.
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024