Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 12/02/2016, 12 Feabhra 2016

Na príomhthorthaí

Maoiniú na sceimhlitheoireachta

Leag an Chomhairle amach a tosaíochtaí agus iarrachtaí á neartú chun maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.

Tagann sé seo i ndiaidh don Choimisiún plean gníomhaíochta a fhoilsiú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus mar fhreagra ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla le déanaí. Cuireann an plean le rialacha agus cleachtais reatha de chuid an Aontais, iad á gcur in oiriúint aige do bhagairtí nua agus i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.

“Thugamar gealltanas go rachaimis ar aghaidh go tapa chun bearta áirithe atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta a chur chun feidhme”, arsa Jeroen Dijsselbloem, Aire Airgeadais na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle. “Thángamar ar chomhaontú maidir le roinnt céimeanna a théann thar a bhfuil sa phlean gníomhaíochta, amhail dlús a chur le cur chun feidhme na Treorach maidir le sciúradh airgid agus comhar a fheabhsú tuilleadh idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cosc a chur ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.” 

Ina cuid Conclúidí, sonraíonn an Chomhairle go mion roinnt de na tionscnaimh atá le déanamh, agus leagann sí síos spriocdhátaí le haghaidh gníomhaíochta. Áirítear leo sin:

  • réimse na n-airgeadraí fíorúla;
  • an rochtain ar fhaisnéis ag na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais (FIU) a neartú, amhail rochtain a bheith ar fhaisnéis faoi chuntais bhainc agus faoi chuntais íocaíochta;
  • bearta iomchuí maidir le hionstraimí réamhíoctha íocaíochta:
  • bearta i gcoinne gluaiseachtaí aindleathacha airgid.
Táimid dóchasach, leis an amchlár uaillmhianach seo, go mbeidh an tAontas Eorpach chun tosaigh ó thaobh chur chun feidhme na gConclúidí ó ECFE anuraidh i dtaca le creimeadh an bhoinn chánach agus aistriú brabúis. arsa Jeroen Dijsselbloem, Aire Airgeadais na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle

Seachaint cánach

Thionóil an Chomhairle an chéad phlé maidir leis an bpacáiste tograí arb é is aidhm dóibh rialacha an Aontais Eorpaigh chun cosc a chur le seachaint cánach corparáide a neartú.

Tá an pacáiste ceaptha mar fhreagairt chomhordaithe ar na cleachtais ionsaitheacha chánach atá in úsáid ag cuideachtaí móra. Féachtar freisin leis na caighdeáin a d’fhormheas ECFE a chur chun feidhme.

Tá amchlár uaillmhianach socraithe ag an Uachtaránacht don obair ar an bpacáiste. Táthar ag súil go mbeidh comhaontú polaitiúil ann roimh mhí an Mheithimh 2016 maidir leis an méid seo a leanas:

  • togra chun malartú faisnéise cánach a threisiú i ndáil le gníomhaíochtaí cuideachtaí ilnáisiúnta;
  • rialacha chun dul i ngleic le roinnt de na cleachtais seachanta cánach is forleithne.

Déanfar an obair i gcéimeanna, agus é mar aidhm teacht ar chomhaontú maidir leis an gcéad Treoir i mí an Mhárta agus bogadh ar aghaidh chomh tapa agus is féidir ar na gnéithe eile.

Saincheisteanna maidir le Buiséad an Aontais Eorpaigh

Shocraigh an Chomhairle a tosaíochtaí maidir le Buiséad an Aontais Eorpaigh do 2017, ag iarraidh go mbeidh buiséad réalaíoch ann ina bhfuil an chothromaíocht cheart idir comhdhlúthú fioscach agus infheistíochtaí chun borradh a chur faoin bhfás. D’iarr na hAirí freisin go mbeidh Buiséad an Aontais do 2017 solúbtha go leor chun go bhféadfar déileáil le dúshláin an lae inniu agus amárach.

Mhol an Chomhairle do Pharlaimint na hEorpa urscaoileadh a dheonú don Choimisiún maidir le cur chun feidhme Bhuiséad an Aontais do 2014. Chomh maith leis sin, thug Mario Monti, Cathaoirleach an Ghrúpa Ardleibhéil um Acmhainní Dílse, an t-eolas is deireanaí maidir le hobair an ghrúpa. Tá comhdháil idirinstitiúideach a mbeidh na Parlaimintí náisiúnta go léir páirteach inti le bheith ar siúl sa Bhruiséil an 13-14 Meitheamh 2016. Tá sé de chúram ar an nGrúpa Ard-Leibhéil athbhreithniú ginearálta a dhéanamh ar chóras acmhainní dílse an Aontais chun feabhas a chur air ó thaobh na simplíochta, na trédhearcachta, an chothromais agus na cuntasachta daonlathaí de.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025