- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 30 Meitheamh 2016 18:55
Cáilíocht aeir: comhaontú maidir le teorainneacha níos déine le haghaidh astaíochtaí truailleán
Ar an 30 Meitheamh 2016, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le treoir chun astaíochtaí truailleán aeir a laghdú. Leis an Treoir nua seo um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta, mar a thugtar uirthi, leagtar síos teorainneacha náisiúnta níos déine ó 2020 go 2029 agus ó 2030 ar aghaidh.
“Leis an treoir seo, rachaimid i ngleic le truailleán aeir, rud atá ina chúis le breis is 400 000 bás anabaí gach bliain. Áiritheofar tairbhí móra sláinte trí astaíochtaí truailleán áirithe a laghdú. Is cúis mhór áthais dom é gur fhéadamar, tar éis na mblianta a chaitheamh i mbun caibidlíochta, teacht ar an gcomhaontú seo ar an lá deiridh d’uachtaránacht na hÍsiltíre, do gach duine san Eoraip”.
Sharon Dijksma, Aire Comhshaoil na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle
Is é is aidhm don treoir seo díriú tuilleadh ar na rioscaí don tsláinte agus ar an tionchar comhshaoil a bhaineann leis an truailleán aeir. Ina theannta sin, ceapadh í chun dlí an Aontais a ailíniú le gealltanais idirnáisiúnta (tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar Phrótacal Göteborg in 2012).
Truailleáin
Leagtar síos teorainneacha náisiúnta leis an treoir nua d’astaíochtaí cúig thruailleán: dé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin, amóinia agus ábhar cáithníneach sármhín.
Teorainneacha astaíochtaí náisiúnta
Is ionann na teorainneacha astaíochtaí náisiúnta le haghaidh gach truailleáin ó 2020 go 2029 agus na cinn faoinar thug na Ballstáit gealltanas cheana i bprótacal Göteborg a athbhreithníodh. Táthar tar éis teacht ar chomhaontú maidir le laghduithe nua níos déine a dhéanamh ó 2030 ar aghaidh.
Leis na gealltanais nua, meastar go dtiocfaidh laghdú de thart ar 50% ar an tionchar atá ag truailleán aeir ar an tsláinte in 2030 (i gcomparáid le 2005).
Leibhéil astaíochtaí do 2025
Sainaithneofar leibhéiltháscacha astaíochtaí do 2025 le haghaidh gach Ballstáit. Cinnfear iad ar bhonn conair líneach i dtreo na dteorainneacha astaíochtaí a mbeidh feidhm acu ó 2030. Beidh an deis ag na Ballstáit conair neamhlíneach a leanúint, áfach, más éifeachtúla sin.
Má chinneann na Ballstáit imeacht ón gconair atá pleanáilte, beidh orthu na cúiseanna leis sin a thabhairt mar aon le míniú ar na bearta a bheartaíonn siad a ghlacadh chun teacht ar ais ar an gconair cheart.
Solúbthacht
Meastar go mbeidh solúbthacht éigin ann, faoi imthosca áirithe, chun na teorainneacha a chomhlíonadh. Mar shampla, mura bhféadfaidh Ballstát a ghealltanas a chomhlíonadh i mbliain amháin toisc go raibh sé ina gheimhreadh fíor-fhuar nó ina shamhradh fíor-the, beidh an deis ag an tír sin astaíochtaí bliantúla a chothromú leo siúd ón mbliain roimhe agus ina dhiaidh sin.
Amlíne agus na chéad chéimeanna eile
Thíolaic an Coimisiún a thogra mar chuid den ‘phacáiste i ndáil le cáilíocht an aeir’ i mí na Nollag 2013. Is faoin ngnáthnós imeachta reachtach a dhéileáiltear leis an gcomhad sin. I mí Dheireadh Fómhair 2015, vótáil Parlaimint na hEorpa ar a seasamh maidir leis an treoir atá beartaithe. Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta i mí na Nollag 2015. Is gá tromlach cáilithe chun go nglacfaidh an Chomhairle an treoir seo.
I mí an Mheithimh 2016, thacaigh Coreper le téacs comhréitigh a mhol uachtaránacht na Comhairle. Ar an 30 Meitheamh, ghlac Parlaimint na hEorpa leis an téacs i bprionsabal.
Táthar ag siúl leis go vótálfaidh Parlaimint na Eorpa air sin san fhómhar. Ansin, cuirfear an téacs faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh go críochnaitheach ar an gcéad léamh.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
- @eri_dimopoulou
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024