- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 7 Nollaig 2016 10:30
Cód Teorainneacha Schengen: comhaontú chun na seiceálacha a athneartú ag na teorainneacha seachtracha
An 7 Nollaig 2016, d’fhormheas Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) téacs comhréitigh a rinneadh a chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le leasú ar Chód Teorainneacha Schengen chun seiceálacha sna bunachair shonraí a athneartú ag na teorainneacha seachtracha.
“An méid a baineadh amach, ba bhuí leis an obair chrua a rinne gach éinne a bhí páirteach ann”, arsa Robert Kaliňák, Aire Gnóthaí Baile na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle. “Is cuid thábhachtach é den fhreagairt do mhéadú bhagairt na sceimhlitheoireachta san Eoraip, go háirithe ó thaobh dul i ngleic le fadhb na dtrodaithe eachtracha.”
Anois leis an leasú, beidh iallach ar na Ballstáit seiceálacha córasacha a dhéanamh i mbunachair shonraí na ndoiciméad caillte agus goidte, ar gach éinne, lena n-áirítear daoine a bhfuil an ceart saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais (i.e. saoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlach nach saoránaigh den Aontas iad) agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha, chun a fhíorú nach bagairt iad na daoine sin don ord poiblí nó don tslándáil inmheánach. Beidh an oibleagáid sin i bhfeidhm ag gach teorainn sheachtrach (idir theorainneacha aeir, farraige agus talún), idir theacht isteach agus dhul amach.
Mar sin féin, i gcás ina mbeadh an iomarca tionchair ar shruth na tráchta ag teorainn farraige nó talún dá ndéanfaí na bunachair shonraí a cheadú ar bhealach córasach do gach duine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta aige faoi dhlí an Aontais, beidh na Ballstáit in ann seiceálacha spriocdhírithe a dhéanamh sna bunachair ar an gcoinníoll go léireofaí le measúnú riosca nach riosca an méid sin don tslándáil inmheánach, don bheartas poiblí, do chaidreamh idirnáisúnta na mBallstát nó nach bagairt é don tsláinte phoiblí.
Maidir le teorainneacha aeir, chomhaontaigh na hinstitiúidí nach bhféadfaidh na Ballstáit an fhéidearthacht sin a úsáid ach amháin le linn idirthréimhse 6 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithe. Féadfar uastréimhse 18 mí a chur leis an tréimhse sin i gcásanna eisceachtúla, i gcás ina mbeadh deacrachtaí ar leith bonneagair ag aerfort ar leith dá dteastódh am breise chun bheith in ann na bunachair a cheadú ar bhonn córasach gan chur isteach as cuimse ar shruth na tráchta.
Cúlra
Ba i mí na Nollag 2015 a chuir an Coimisiún an rialachán seo chun Cód Teorainneacha Schengen a leasú i láthair. Is freagairt é an méid seo don mhéadú atá tagtha ar na bagairtí sceimhlitheoireachta agus don iarraidh a rinne an Chomhairle ina conclúidí an 9 agus an 20 Samhain 2015 go ndéanfaí Cód Teorainneacha Schengen a athbhreithniú ar bhealach spriocdhírithe i bhfianaise “na dtrodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta”. Is toradh nithiúil freisin é an comhaontú ar Dhearbhú agus Treochlár na Bratasláive, mar a chomhaontaigh ceannairí na 27 mBallstát ar an 16 Meán Fómhair 2016 é.
Cé go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit seiceáil chórasach a dhéanamh sna bunachair ar fad ar náisiúnaigh tríú tír ar theacht isteach dóibh, ar chúiseanna oird phoiblí agus slándála inmheánaí, ní fhoráiltear faoi láthair do sheiceáil mar sin sna bunachair ar fad ar dhul amach dóibh. Ná ní fhoráiltear ach oiread go ndéanfaí seiceáil chórasach ar dhaoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais Eorpaigh. Leis an leasú, fágfar go mbeidh na hoibleagáidí ar aon dul lena chéile agus go ndéanfar seiceáil chórasach ar náisiúnaigh tríú tíortha agus ar shaoránaigh an Aontais araon ar dhul amach dóibh le cinntiú nach bagairt ar an mbeartas poiblí ná ar an tslándáil inmheánach iad féin ná baill a dteaghlaigh.
Leis an leasú, bainfear úsáid níos déine as Córas Faisnéise Schengen agus as bunachair shonraí ábhartha eile an Aontais agus beifear in ann bunachair eile de chuid Interpol a cheadú freisin. Beidh sé ina oibleagáid anois bunachar sonraí Interpol na ndoiciméad taistil goidte agus caillte a cheadú sna seiceálacha ar náisiúnaigh tríú tír agus ar dhaoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, ar theacht isteach agus ar dhul amach dóibh araon.
Na chéad chéimeanna eile
Ós rud é go bhfuil an comhaontú dearbhaithe ag Coiste na mBuanionadaithe, thar ceann na Comhairle, cuirfear an rialachán faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa le haghaidh vóta ar an gcéad léamh, agus cuirfear chuig an gComhairle é lena ghlacadh.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024