Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 8 Nollaig 2016 10:05

Cáilíocht aeir: teorainneacha nua níos doichte le haghaidh astaíochtaí truailleán

Ar an 8 Nollaig 2016, ghlac an Chomhairle treoir nua chun truailliú aeir a laghdú. Leis na rialacha nua, leagadh síos teorainneacha náisiúnta níos doichte maidir le hastú roinnt de na truailleáin aeir is contúirtí atá ann.

Is é an aidhm atá ann go laghdófar ar na rioscaí don tsláinte agus ar an tionchar ar an gcomhshaol a bhaineann le truailliú an aeir. Leis an Treoir sin, meastar go dtiocfaidh laghdú de50 % nó mar sin ar líon na mbásanna anabaí a bheidh ann de bharr thruailliú an aeir san Aontas in 2030 (i gcomparáid le 2005).

Ina theannta sin, déantar, leis an Treoir, dlí an Aontais a ailíniú le gealltanais idirnáisiúnta (tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar Phrótacal Göteborg in 2012).

"Trí na rialacha nua sin, déanfar beatha daoine a shábháil agus cuirfear feabhas ar shláinte shaoránaigh an Aontais. Chun go gcuirfear chun feidhme iad, beidh ar na Ballstáit a bheith lántiomanta, ach táimid réidh le tabhairt faoin dúshlán sin. Chun an tsláinte agus an comhshaol a chosaint, is fiú go mór na hiarrachtaí a bheidh ag teastáil.”

László Sólymos, Aire Comhshaoil na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle

Truailleáin

Leis na rialacha, cumhdaítear astú cúig thruailleán: dé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin, amóinia agus ábhar cáithníneach sármhín.

Teorainneacha astaíochtaí náisiúnta

Leis an Treoir, leagtar síos uasteorainneacha do gach tír i leith na n-astaíochtaí uasta a cheadaítear in aghaidh na bliana. Is ionann na teorainneacha a bheidh infheidhme maidir le gach truailleán, ó 2020 go 2029, agus na cinn faoinar thug na Ballstáit gealltanas cheana i bprótacal Göteborg a athbhreithníodh. Thángthas ar chomhaontú faoi laghduithe nua níos doichte ó 2030 ar aghaidh.

Leibhéil astaíochtaí do 2025

Sainaithneofar leibhéiltháscacha astaíochtaí do 2025 le haghaidh gach Ballstáit. Cinnfear iad ar bhonn conair líneach i dtreo na dteorainneacha astaíochtaí a mbeidh feidhm acu ó 2030. Beidh an deis ag na Ballstáit conair neamhlíneach a leanúint, áfach, más éifeachtúla sin.

Má chinneann na Ballstáit imeacht ón gconair atá pleanáilte, beidh orthu na cúiseanna leis sin a thabhairt mar aon le míniú ar na bearta a bheartaíonn siad a ghlacadh chun teacht ar ais ar an gconair cheart.

Solúbthacht

Meastar go mbeidh solúbthacht éigin ann, faoi imthosca áirithe, chun na teorainneacha a chomhlíonadh. Mar shampla, mura bhféadfaidh Ballstát a ghealltanas a chomhlíonadh i mbliain amháin toisc go raibh sé ina gheimhreadh fíor-fhuar nó ina shamhradh fíor-the, beidh an deis ag an tír sin astaíochtaí bliantúla a chothromú leo siúd ón mbliain roimhe agus ina dhiaidh sin.

Amlíne agus na chéad chéimeanna eile

Thíolaic an Coimisiún a thogra mar chuid den ‘phacáiste i ndáil le cáilíocht an aeir’ i mí na Nollag 2013. Is faoin ngnáthnós imeachta reachtach a dhéileáiltear leis an gcomhad sin. Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar mhargadh maidir le téacs comhréitigh i Meitheamh na bliana 2016.

Tar éis na vótála ag Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh i mí na Samhna 2016, is iad céimeanna deiridh an phróisis an treoir a bheith á glacadh ag an gComhairle agus á síniú ag an dá institiúid. Foilseofar an treoir ar ball in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart go dtiocfadh sí i bhfeidhm ar an 31 Nollaig 2016.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024