Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 23 Samhain 2023 10:35

Scileanna agus inniúlachtaí digiteacha agus oideachas agus oiliúint dhigiteach rathúil: oiriúnach don ré dhigiteach

Ghlac an Chomhairle sraith moltaí maidir leis na príomhthosca cumasúcháin le haghaidh oideachas digiteach agus oiliúint digiteach rathúil agus maidir le feabhas a chur ar sholáthar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha san oideachas agus san oiliúint.

Leis an bpacáiste sin, tá aghaidh á tabhairt ag an gComhairle ar an ngá atá leis an oideachas a chur in oiriúint d’fhíorchlaochlú digiteach agus a bheith in ann cos a choinneáil leis an aimsir, agus na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a chur ar fáil — scileanna a bheidh riachtanach sa saol nua seo.

Caithfidh rochtain a bheith ag an bpobal ar fad ar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha, i ngach aoisghrúpa agus cúlra. Ba cheart do gach scoil agus gach institiúid oideachais agus oiliúna na rioscaí agus na deiseanna a ghabhann leis an teicneolaíocht a chur san áireamh go cuí. Pilar Alegría, Aire Oideachais, Gairmoiliúna agus Spóirt na Spáinne

Bunscileanna digiteacha le bheith ag ceathrar as gach cúigear faoi 2030

Le paindéim COVID-19 cuireadh i dtábhacht an gá atá le feabhas a chur ar ullmhacht dhigiteach na gcóras oideachais agus oiliúna ó thaobh athléimneachta, inrochtaineachta, ardcháilíochta agus cuimsitheachta de. Anuas air sin, faoi ghealltanas na Deacáide Digití, is é sprioc an Aontais go mbeidh bunscileanna digiteacha ag 80% den daonra idir 16-74 ar a laghad, faoi 2030.

Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhthéacs na Bliana Eorpaí um Scileanna (2023), tá sé níos ábhartha ná riamh díriú ar riachtanais an oideachais agus na hoiliúna a mhéid a bhaineann leis an gclaochlú digiteach, agus dul i mbun gníomhaíochtaar gach leibhéal (oideachas réamh-bhunscoile, bunscoile, meánscoile agus gairmoideachas, ardoideachas, foghlaim aosach), i bpeirspictíocht na foghlama ar feadh an tsaoil, agus do gach aon ghrúpa den daonra (e.g daoine óga, daoine fásta, agus daoine gairmiúila).

Scileanna agus inniúlachtaí digiteacha

Sa mholadh ón gComhairle a glacadh inniu maidir le scileanna agus inniúlachtaí digiteacha, moltar do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le straitéisí náisiúnta, agus i gcás inarb iomchuí, straitéisí réigiúnacha nó cur chuige straitéiseach le haghaidh an oideachais dhigitigh agus scileannainniúlachtaí digiteachaagus iarrtar orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cuspóirí náisiúnta a shocrú nó a athbhreithniú chun na scileanna agus na hinniúlachtaí sin a sholáthar
  • bearta a chur ar bun lena ndírítear ar ‘ghrúpaí tosaíochta nó grúpaí ar deacair dul i gcion orthu’
  • scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a neartú sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas
  • teagasc scileanna digiteacha a chur chun cinn go trasnach in ábhair éagsúla
  • scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a fheabhsú do gach mac léinn san ardoideachas, ag cur deiseanna foghlama ar fáil ar gach leibhéal agus i ndisciplíní éagsúla
  • deiseanna a thabhairt do dhaoine fásta scileanna digiteacha a shealbhú agus aghaidh a thabhairt ar an nganntanas gairmithe TFC

Oideachas agus oiliúint dhigiteach rathúil

Ag an am céanna, leis an moladh ón gComhairle maidir leis na príomhthosca cumasúcháin le haghaidh oideachas digiteach agus oiliúint dhigiteach rathúil, dírítear ar conas córais oideachais agus oiliúna a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Cuireann sé treoir ar fáil maidir le conas daoine a ullmhú chun an teicneolaíocht a úsáid go cruthaitheach, go sábháilte agus go freagrach, bunaithe ar thuiscint ar an gcaoi a bhfeidhmíonn sí.

I measc bearta eile, iarrann sé ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú sa teagasc agus múinteoirí a chumhachtú chun iad a úsáid
  • tacú le huirlisí oideachais dhigitigh a fhorbairt, taighde ar thionchar na hintleachta saorga san áireamh
  • bearta cibearshlándála a chur ar bun san oideachas agus san oiliúint, múscailt feasachta san áireamh
  • infheistíocht a dhéanamh sa nascacht, sa bhonneagar digiteach agus san inrochtaineacht dhigiteach san oideachas agus san oiliúint

Na chéad chéimeanna eile

Glacadh an dá mholadh agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach faireachán ar a gcur chun feidhme ar fud na mBallstát; ullmhóidh sé tuarascáil ansin agus seolfar chuig an gComhairle laistigh de 5 bliana í.

Seanghearrthóga: Scileanna digiteacha
Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025